2024-05-26
Cad is radacachas ann?
2023-04-22
Safó
| grianghraf de saothar ealaíne le ArchaiOptix foinse Wikimedia Commons, CC BY-SA 4.0 |
Is iontach go bhfuil Gaeilge ag Safó anois. Beidh sí ag agallamh feasta le Mór, le Mis, le Gormlaith. An seasfaidh sí le Dearbhfhorgaill nó leis na mnáa mharaigh í? Céard a phléifidh sí le Liadhain, le Cuirithir, le Máire Bhuí, leis an gCailleach Bhéarra?
Nár bhreá liom bheith ag cúléisteacht agus í féin agus Peig ag cíoradh a chéile.
2018-11-18
Tromdhámh Fheargail
Inné a cheannaigh mé an seod is déanaí seo de dhéantús gaibhne gile na bhfocail i Leabhar Breac. Scéal nach raibh ach macalla fann de cloiste agam, mar atá, conas a fuair Seanchán Torpéist an Táin ó scáth Fhearghais mac Róich.
Insint bhríomhar greannmhar aorthúil atá anseo ar shaint agus sotal éigse Éireann agus a n-éileamh thar fóir ar ríthe Éirinn. Géilltear dóibh ar eagla an aortha.
Tromdhámh, i slua áibhéileach a thugann Seanchán ina chomhluadar go Guaire Rí is ábhar don scéal. Na mianta áibhéileacha a éilíonn siad. An cuí a bhronntar mar sin féin iad. Ach go gcasann Marbhán Muicí a gcleasa orthu féin faoi dheireadh agus cuireann faoi gheasa iad an Táin a aimsiú, scéal atá imithe ó cuimhne orthu.
Admhaím gur iomaí focal atá dorcha dom, cé go bhfuil sé ráite ag an údar go bhfuil fonóta le ceann ar bith nach bhfuil i FGB. Ach ní bac sin ar phléisiúr na léitheoireachta de bhrí go bhfuil an scéal féin soiléir sólásach greannmhar.
Tá an scéal slogtha ina ruathar agam d'fhonn turas eitleáin a chuir díom. Bhain mé ana shult as agus bhain sé seanscairt gháire (chiúin!) asam go minic.
Léifidh mé arís é le cuir le mo stór focal agus eolais. Tá saibhreas neamhghnách nathanna le fáil ann.
Cloch bhreá eile atá ann i gcarn comórtha agus ceiliúrtha litríocht ár sinsir atá á thógáil go cúramach ag Leabhar Breac d'fhonn go mbeadh tuiscint ag léitheoirí na Gaeilge ar ár litríocht agus go mbeidh faill ag scríbhneoirí feidhm a bhaint as idir téamaí agus tagairtí.
Gura fada buan iad agus nára fada go mbeidh saothair eile uaidh Feargal Ó Béarra againn. Tá sé ráite i gcúl an leabhair gurb é seo 'an chéad leabhar den chineál seo óna pheann'.
Moram go mba mithid cuideachta aige!
An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra
Leabhar Breac 2018
ISBN 978 1 911363 21 pp7
2018-09-28
Aisling?
Bhí mé féin is mo mhac i láthair san Olympia anocht do léiriú Aisling?
Bréidín fite as aisteoireacht, ceol, filíocht, deisbhéil, damhsa.
Cliar cumasach ó gach cearn den nGaeltacht a chuir a scileanna agus éigse le chéile chun taibhiú ar leith a fhuineadh.
Canúintí ag damhsa le chéile. Caint a chuaigh go cnámh. Ceol a chuaigh go croí.
Filíocht a bhfuil taithí againn air athfhuinte agus beatha nua tugtha do.
Amhráin idir sean agus nua.
Spreagadh agus gríosadh.
Ardú meanmain agus fáisceadh creasa chun tabhairt faoin streachailt.
Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir!
Ní raibh ach an aon oíche amháin i mBleá Cliath ach leanann an camchuairt agus tá na sonraí uilig ar fáil ag http://aisling2018.com/tickets/
2017-10-20
Mis
Bhí féasta eile éigse romham anocht ag Áras Éigse Éireann. Mar chuid d'fhéile IMRAM, bhí Biddy Jenkinson ag reic sleachta as a dán fada, athinsint ar scéal Mhis agus a slánú ag Dubhrois ón mire a ghlac seilbh uirthi ar bás a hathair i gCath Fionntrá.
Bhí reacaireacht Biddy ceolmhar ann féin, ag tabhairt beocht ar leith dá focla. Ach maille sin bhí ceol giotár agus gutha ó Enda Reilly. Agus bhí léaráidí áille cruthaithe ag Margaret Lonergan.
Tá fuil agus ár sa scéal, lionndubh agus buile. Ach freisin gean agus grá. Macnas agus collaíocht. Áthas agus iontas. Brón agus sceoin.
D'oibrigh an triúr ealaíontóir as lámha a chéile chun an lucht féachana agus éisteachta a bhá sa scéal, muid a fhuadach ar aistear samhlaíochta.
Bhí ilghnéitheacht sa léiriú: thug mé suntas ar leith do na guthanna a bhronn Biddy ar na cailleacha agus deamhain. Do Saturn Goya agus tírdhreacha Sliabh Mis i measc íomhánna saibhre Margaret Lonergan. Don réimse idir goltraí agus geantraí a d'fháisc Enda Reilly as guth agus giotár.
Féasta éigse!
2017-05-29
Bláthú Amhrán (na Gaeilge)
Seachas an mór eagrán litríochta a bhíonn ag Comhar go hiondúil i mí Meitheamh tá eagrán na míosa seo tiomnaithe d'amhráin. Litríocht is ea amhráin freisin, ar ndóigh ach foirm ar leith agus tionlacan ceoil leis.
Tá réimse fairsing aistí san iris, ag plé leis an amhránaíocht sean agus nua. Ina measc aiste an duine ó Pádraig Ó Conghaile (MC Muipéad) agus Marcus Mac Conghail. Tá Marcus éirithe as IMLÉ faoi láthair le díriú ar scríbhneoireacht ach le cúpla bliain anuas tá an bheirt acu ag cuir a tallainn agus taithí le chéile i bhforbairt amhráin. (Bhí baint ag Marcus le togra spéisiúil eile - An Bóthar, CD d'fhilíocht an Ríordánaigh le cóiriú ceoil a rinne Mark Lynch)
De hAoine bhíodar araon faoi agallamh phoiblí ag Tristan Rosenstock, eagarthóir liteartha Comhar (i measc cúraimí eile atá air - athair iníon nuabheirthe go háirithe). Ba chuid d'fhéile Idirnáisiúnta Litríochta BhÁC a bhí san ócáid i gceanncheathrú Éigse Éireann.
Bláthú Amhrán na Gaeilge an teideal a bhí ar an ócáid, teideal nach raibh ceachtar acu sásta leis. Bhí fonn ag Pádraig go bhfágfaí ceist na Gaeilge ag an ndoras. Tuigim dó.
Fear Gaeltachta é Pádraig. Cé gur mo leithéidí de Ghaeilgeoir uirbeach Marcus, tá nascanna láidre aige leis an nGaeltacht, Corca Dhuibhne.
Tá sé nádúrtha mar sin go mbeadh a cuid éigse i dteanga a croí agus a anama.
Thug siad léargas ar na foinsí anama ia machnaimh, an taithí saoil a spreagann chun ceoil iad. Gur minice an ghruaim ná an ghean á fhuineadh chun críche amhráin. An tionchar atá ag ceol agus taibhe bheo ar an amhrán, agus nach bhfuil sa taifid ach leagan amháin gearrtha as sruth an amhráin.
Tagraíodh do cheist margaíocht agus deis bheith beo ar cheoil i nGaeilge. Arís ní raibh ceachtar acu ró shásta leis an gceist. Dar leo tá deiseanna ann do cheol, agus is féidir le hamhránaí a chanann as Gaeilge an deis sin a thapú.
Tráthnóna spéisiúil a bhí ann, agus chuireadar cúpla amhrán an duine i láthair, rud a chuidigh go mór leis an ócáid.
Maidir leis an gceist féin, feictear dom go bhfuil deiseanna ann anois, go háirithe de bharr na meáin sóisialta, go scaipfí ceol i nGaeilge. Is cinnte go bhfuilim féin ag éisteacht le nithe a mbeinn dall orthu murach na meáin sóisialta. IMLÉ féin, An Bóthar, ceol leictreonach Muireann Nic Amhlaoibh- Aeons, CD Aon Scéal Colm Mac Séalaigh, ceol Emma Ní Fhíoruisce, Yáhú Rís.
Tá foinsí ann do Ghaeil teacht ar cheoil san teanga is ansa linn. Gurab fada amhlaidh!