Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-11-18

Tromdhámh Fheargail

Inné a cheannaigh mé an seod is déanaí seo de dhéantús gaibhne gile na bhfocail i Leabhar Breac. Scéal nach raibh ach macalla fann de cloiste agam, mar atá, conas a fuair Seanchán Torpéist an Táin ó scáth Fhearghais mac Róich.

Insint bhríomhar greannmhar aorthúil atá anseo ar shaint agus sotal éigse Éireann agus a n-éileamh thar fóir ar ríthe Éirinn. Géilltear dóibh ar eagla an aortha.

Tromdhámh, i slua áibhéileach a thugann Seanchán ina chomhluadar go Guaire Rí is ábhar don scéal. Na mianta áibhéileacha a éilíonn siad. An cuí a bhronntar mar sin féin iad. Ach go gcasann Marbhán Muicí a gcleasa orthu féin faoi dheireadh agus cuireann faoi gheasa iad an Táin a aimsiú, scéal atá imithe ó cuimhne orthu.

Admhaím gur iomaí focal atá dorcha dom, cé go bhfuil sé ráite ag an údar go bhfuil fonóta le ceann ar bith nach bhfuil i FGB. Ach ní bac sin ar phléisiúr na léitheoireachta de bhrí go bhfuil an scéal féin soiléir sólásach greannmhar.

Tá an scéal slogtha ina ruathar agam d'fhonn turas eitleáin a chuir díom. Bhain mé ana shult as agus bhain sé seanscairt gháire (chiúin!) asam go minic.

Léifidh mé arís é le cuir le mo stór focal agus eolais. Tá saibhreas neamhghnách nathanna le fáil ann.

Cloch bhreá eile atá ann i gcarn comórtha agus ceiliúrtha litríocht ár sinsir atá á thógáil go cúramach ag Leabhar Breac d'fhonn go mbeadh tuiscint ag léitheoirí na Gaeilge ar ár litríocht agus go mbeidh faill ag scríbhneoirí feidhm a bhaint as idir téamaí agus tagairtí.

Gura fada buan iad agus nára fada go mbeidh saothair eile uaidh Feargal Ó Béarra againn. Tá sé ráite i gcúl an leabhair gurb é seo 'an chéad leabhar den chineál seo óna pheann'.

Moram go mba mithid cuideachta aige!

An Tromdhámh
Feargal Ó Béarra
Leabhar Breac 2018

ISBN 978 1 911363 21 pp7