Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-11-30

Kostka - seoladh leabhair

Bhí mé san séiplíneacht Polannach aréir, atá lonnaithe in eaglais stairiúil chaitliceach San Audeon i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí mé luath don ócáid ach bhí slua beag san Eaglais. Dá mbeinn sách airdeallach thuigfinn go raibh aifreann ar tí tosú, gur chuige sin agus chun faoistine roimhe a bhí an slua ann. Ar an ndrochuair ní raibh, agus bhailigh mé liom chun cupán tae a lorg. Rud a fuair mé. D'fhill mé níos gaire d'am na hócáide is bhí roinnt Gaeil ag bailiú isteach. Bhí aistriúchán Gaeilge ar úrscéal grafach Polannach le seoladh  úrscéal bunaithe ar shaol Íosánaigh óg de chuid an 17ú aois -  Naomh Stanisław Kostka.
Chuir an sagart paróiste an tAthair Frainc Mac Bhradaigh i láthair, eagarthóir (agus inneall!) Foilseacháin Ábhar Spioradálta.
Níor chuir sé siúd am amú, ach chuir rudaí i lámha beirt ceoltóir Polannacha Piotr Czechowski agus bean (nach bhfuair mé a hainm faraor) . Chan siad rogha iomainn Polannacha, ag críochnú le leagan i mBéarla de Mórann m'ainm an Tiarna (An Magnificat). Tionlacan séimh giotár agus guthanna binne.
Bhí an taobh foirmeálta den seoladh i lámha Łukasz Chimiak ón ambasáid, a labhair faoin slí go raibh go leor de dhúshlán Kostka san 17ú aois déag romhainn inniu, ré éiginnte eile. Gur spreagadh a bheadh san leabhar do ghlúinte nua tabhairt faoin dúshlán.
Íosánach óg Przemysław Wysogląd an údar agus ealaíontóir. Bhuail sé le Frainc agus é i mbun oibre abhus i Luimneach agus thaispeáin an leabhar dó. As sin a d'fhás an togra Gaeilge a chuir air.
Bhí sé féin i láthair agus labhair go bríomhar faoina ghrá do agus spéis i Naomh Stanisław Kostka agus an chaoi a thug sé faoin leabhar chun an inspioráid a thug scéal a bheatha dó a roinnt ar dhaoine eile, a léiriú gur muinín i nDia agus flosc agus umhlaíocht atá i gconair na naoimh seachas aon ollbhua neamhdhaonna.
Bhogamar ón séipéal isteach i spás halla an pharóiste ansin áit a raibh roinnt sólaistí agus cóipeanna den leabhair á dhíol as Gaeilge agus Polainnis.
Chuir Liam Ó Maonlaí clabhsúr le himeachtaí le ceolchoirm dá amhránaíocht atá dúchasach agus uilíoch in éineacht. Taibhiú a shroich a bhuaic i gcuir i láthair agus canadh a dhuan féin chumtha dóchasach Amhrán na Féidearthachta.
Ard ócáid. Tá súil agam tuairisc a scríobh ar an leabhar (cheannaigh mé cóip) ach é bheith léite agam!