Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-11-13

Vicipéid

Go luath sa chéad seo, agus mé ar thóir comhairle feabhsaithe bogearraí tharla mé ar an gcéad Wiki, c2.com. Bhí an pobal sách bunaithe faoin am sin, agus ós rud é gur dream iad ríomhchláraitheoirí go bhfuil fonn feabhais agus cainte ar gach rud faoin spéir orthu, bhí an bplé spréite i ngach treo.

PAinriail a bhí sách folláin mar go raibh mórchuid sásta glacadh le freagracht. Thaithin coincheap an meitheal stuaime a bhí á fhorbairt ann liom agus d'fhoghlaim mé as go gairmiúil agus go pearsanta. Shleamhnaigh mé i dtreo roinnt areopág eile, ina measc ceann chun cúrsaí creideamh a phlé, agus ceann ar chúrsaí wiki iad féin agus na fadhbanna a bhain lena riaradh, an teannas idir saoirse agus saineolas agus an baol ó lucht mioscaise.

Bhí an taithí ar an plé creidimh rud beag aisteach mar gur ghlac an té a bhí ag cuir an freastalaí ar fáil smacht iomlán ar chúrsaí, agus faoi dheireadh theip ar an suíomh sin. Ach ag pointe roimhe sin d'eagraigh mé cruinniú le duine nó beirt a bhí abhus (ba Sasanach an saoiste) toisc gur chuir sé i mo leith nárbh fíor dhuine faoi fíor ainm mé....

Táim fós tógtha le coincheap an Vicí agus tá a leithéidí curtha i bhfearas agam i gcúrsaí oibre ó am go chéile. Is minic go deimhin gné den vicí in uirlisí bainistíocht fabhtanna nó pleanáil togra.

Ach tá an oscailteacht ainrialach leochaileach.

Tá mé riamh amhrasach faoin Vicipéid mar sin. Tá mionleasú anois is arís ar bhotúin cló déanta agam. Fanaim glan áfach ar aon rud go bhféadfadh tuairimíocht a bheith ag baint leis. Mar thoradh ar an bpróiséis fhoghlama ar an Vicipéid agus na vicí a chuaigh roimhe ar ndóigh tá prionsabail, rialacha agus uirlisí bogearraí forbartha in iarracht dul i ngleic le loitiméireacht nó cogaí eagarthóireacht.

Tá, i ndáiríre, péas eagarthóireachta i gceist.

Ach ní dóigh liom gur féidir prionsabal uilíoch a dheánamh den 'dearcadh neodrach'. Iarracht le taca a thabhairt dó sin an chosc ar 'thaighde nuálach', i gur gá foinsí seachtracha a lua le heolas.

Iarrachtaí fónta iad seo. Ach ag deireadh an lae níl aon bhealach údarás nó saineolas eagarthóra a mheas. Agus is annamh saineolaí neodrach.

Úsáidim an Vicipéid mar sin chun buneolas a aimsiú - agus chun foinsí a aimsiú!

Agus seachnaím eolas ar ábhar a bhfuil conspóid ag baint leis. Mar atá le beagnach aon ghníomh daonna!