Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-05-29

Bláthú Amhrán (na Gaeilge)

Seachas an mór eagrán litríochta a bhíonn ag Comhar go hiondúil i mí Meitheamh tá eagrán na míosa seo tiomnaithe d'amhráin. Litríocht is ea amhráin freisin, ar ndóigh ach foirm ar leith agus tionlacan ceoil leis.

Tá réimse fairsing aistí san iris, ag plé leis an amhránaíocht sean agus nua. Ina measc aiste an duine ó Pádraig Ó Conghaile (MC Muipéad) agus Marcus Mac Conghail. Tá Marcus éirithe as IMLÉ faoi láthair le díriú ar scríbhneoireacht ach le cúpla bliain anuas tá an bheirt acu ag cuir a tallainn agus taithí le chéile i bhforbairt amhráin. (Bhí baint ag Marcus le togra spéisiúil eile - An Bóthar, CD d'fhilíocht an Ríordánaigh le cóiriú ceoil a rinne Mark Lynch)

De hAoine bhíodar araon faoi agallamh phoiblí ag Tristan Rosenstock, eagarthóir liteartha Comhar (i measc cúraimí eile atá air - athair iníon nuabheirthe go  háirithe). Ba chuid d'fhéile Idirnáisiúnta Litríochta BhÁC a bhí san ócáid i gceanncheathrú Éigse Éireann.

Bláthú Amhrán na Gaeilge an teideal a bhí ar an ócáid, teideal nach raibh ceachtar acu sásta leis. Bhí fonn ag Pádraig go bhfágfaí ceist na Gaeilge ag an ndoras. Tuigim dó.

Fear Gaeltachta é Pádraig. Cé gur mo leithéidí de Ghaeilgeoir uirbeach Marcus, tá nascanna láidre aige leis an nGaeltacht, Corca Dhuibhne.

Tá sé nádúrtha mar sin go mbeadh a cuid éigse i dteanga a croí agus a anama.

Thug siad léargas ar na foinsí anama ia machnaimh, an taithí saoil a spreagann chun ceoil iad. Gur minice an ghruaim ná an ghean á fhuineadh chun críche amhráin. An tionchar atá ag ceol agus taibhe bheo ar an amhrán, agus nach bhfuil sa taifid ach leagan amháin gearrtha as sruth an amhráin.

Tagraíodh do cheist margaíocht agus deis bheith beo ar cheoil i nGaeilge. Arís ní raibh ceachtar acu ró shásta leis an gceist. Dar leo tá deiseanna ann do cheol, agus is féidir le hamhránaí a chanann as Gaeilge an deis sin a thapú.

Tráthnóna spéisiúil a bhí ann, agus chuireadar cúpla amhrán an duine i láthair, rud a chuidigh go mór leis an ócáid.

Maidir leis an gceist féin, feictear dom go bhfuil deiseanna ann anois, go háirithe de bharr na meáin sóisialta,  go scaipfí ceol i nGaeilge. Is cinnte go bhfuilim féin ag éisteacht le nithe a mbeinn dall orthu murach na meáin sóisialta. IMLÉ féin, An Bóthar, ceol leictreonach Muireann Nic Amhlaoibh- Aeons, CD Aon Scéal Colm Mac Séalaigh, ceol Emma Ní Fhíoruisce, Yáhú Rís.

Tá foinsí ann do Ghaeil teacht ar cheoil san teanga is ansa linn. Gurab fada amhlaidh!