Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-05-15

Latex nó Word?

Bhí Caitlín cráite ag formáidiú a tráchtas i Word is thairg mé lámh chuidithe di. Ceann de na ceisteanna a chuir sí orm ná an mbeadh sí níos fearr as ag baint feidhm as Latex?

Cruthaigh an saoi ríomhaireachta Donald Knuth an clár Tex mar go raibh uaidh a ollshaothar The Art of Computer Programming a chlóchur é féin le cabhair ríomhaire. Ón tús sin sna 1970í déanacha, agus toisc gur clár foinsí oscailte atá ann ó thús, scaip Latex mar uirlis i measc lucht acadúil, lucht na ríomheolaíochta agus matamaitice ach go háirithe.

Tugann sé smacht iomlán don scríbhneoir ar leagan amach cáipéis, ach éilíonn sé go leagfadh an scríbhneoir amach gach gné den leagan amach freisin. Tá teanga iomlán de orduithe ar fáil, agus is féidir roinnt rudaí a dhéanamh ar bhealach níos teibí trí úsáid macraí.

Níl ach fíorbheagán úsáide bainte agam féin as, ach b'é an chonstaic is mó dhom ná nach raibh mé in ann an leagan amach a shamhlú - bhí orm athrú a dhéanamh, an pacáiste clóchur a rith agus féachaint ar an dtoradh. Próiséis sách fadálach.

Ní hionann agus Word, ní córas "faigheann tú a bhfeiceann tú" atá i LaTex  de ghnáth (tuigim go bhfuil cúpla uirlis forbartha dó ó shin).

Clár tráchtála Word, agus níl an saineolas céanna de dhíth don leagan amach. Tá Word in úsáid agam le beagnach tríocha bliain, agus is mó uair a chuir sé soir mé!

An deacracht is mó le Word ná go bhfuil an t-eolas atá follasach in orduithe LaTex folaithe don gcuid is mó. Chíonn an scríbhneoir mar a bheidh rudaí leagtha amach, ach ní chíonn cén fáth go soiléir. Tá stíl ag gach píosa téacs agus is féidir leis an dúrud stíl a bheith i gcáipéis. Nuair a ghearrtar téacs as cáipéis eile agus é ghreamú isteach i Word is féidir leis stíl dá chuid féin a bhreith leis. Scaití braitheann an stíl as an leagan logánaithe d'Office atá in úsáid. Is éasca Túr Bháibil stíleanna a chruthú nuair a bhíonn cáipéis a bhabhtáil go hidirnáisiúnta!

Fearacht gach uirlis foinse oscailte, tá LaTex bunaithe ar an dtuiscint gur saineolaí an úsáideoir, agus go mba cheart fónamh air. Éilíonn sin saineolaí! Le táirgí Windows, Office ach go háirithe, glactar leis gur aineolaí an úsáideoir, agus gur cheart fónamh air tríd an méid is mó is féidir cinntí a ghlacadh ar a shon.

Go hiondúil áfach is áit éigin idir saineolas agus aineolas atá an úsáideoir.

Tá gá le hoiliúint éigin le toradh fónta a bhaint as ceachtar uirlis.

Ach fios a bheith agat cén toradh atá uait, le roinnt eolais agus go leor foighne, is féidir toradh a bhaint amach.

Ní dóigh liom áfach go bhfuil freagra a ceiste agam do Chaitlín!