Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-26

Cad is radacachas ann?


Inné d'fhreastail mé ar ócáid de chuid Fhéile idirnáisiúnta litríochta Átha Cliath i gcearnóg Mhuirfean. Taifeadadh beo de phodchraoladh Beo ar Éigean, an file Laoighseach Ní Choistealbha agus an t-amhránaí agus polaiteoir Eoghan Ó Ceannabháin faoi agallamh ag Siún Ní Dhuinn.

Bhí a haíonna radacach, dar le Siún. Ní rabhadar féin den tuairim sin.

I gcás údar Solas geimhridh  bhain tuairim Siún leis an mbealach oscailte neamhleithscéalach a chuireann Laoighseach síos ar colainn na mban agus miostrú. Neodrach atá an cuir síos seo dar le Laoighseach féin. Ach ní dóigh liomsa go bhfuil neodracht ann i gcás mar é. Is sárú geasa é a caint oscailte ar nithe a bhaineann le colainn na mban. Toisc an bhaint atá acu le hatáirgeadh agus dá bhrí sin le collaíocht bíonn teireanna éagsúla i gceist. Caint oscailte gan aird ar teir, is gníomh radacach é sin.

Nuachainteoir í Laoighseach, rud a thugann príobháideachas di, dar léi, toisc nach dtuigeann a muintir cad atá á scríobh aici!

Sa mhéid is go bhfuil Eoghan gníomhach leis an bpáirtí Pobal seachas brabús agus go mbaineann sé feidhm as a cheol agus a ghuth cumhachtach agus a chumadóireacht chun sciolladh tuillte a thabhairt don éagóir in Éirinn ná linne seo is radacach é. 

Ach fearacht Laoighseach, ní fheictear dó féin go bhfuil sin amhlaidh. Ní nuachainteoir - nó ar a laghad foghlaimeoir - é Eoghan - de bhunadh Chonamara é, cé gur tógadh i mBaile Átha Cliath é. Mar sin is dócha go bhfuil tionchar aige sin ar a mheon agus a léargas, cé nach bhfuil anailís déanta aige féin air.

Ó thaobh na sanasaíochta de, ciallaíonn radacach filleadh ar na fréamhacha. 

Tá úire agus cumhacht i bhfilíocht oscailte Laoighsigh agus in amhráin nua chumtha Eoghain. Éigse a chuireann siad araon i láthair go snasta éifeachtach. 

Gura fada buan iad beirt. 

Comhrá spreagúil a chuir Siún i láthair, ag cuir ceisteanna stuama agus ag fí taithí na beirte le chéile go cumasach.