Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-26

Cé hé an t-íospartach anseo?

Toisc gur fhógair Rialtas na hÉireann maraon le rialtas dornán Stáit eile go raibh siad chun Stáit na Pailistíne a aithint, ordaíodh dá gcuid ambasadóirí teacht go haireacht gnóthaí eachtracha Iosrael. Agus iad ansin cuireadh iachall orthu faire ar fhíseáin (de chuid Hamas, go bhfios dom) faoi drochíde a imríodh ar mhná óga a bhí faoi dhualgas le fórsaí Iosrael le líon ionradh Hamas. Níor taispeánadh éigniú, ach ba léir ó riocht na mná agus na háiteanna a bhí á éadaigh smeartha lena bhfuil, go raibh a leithéid tarlaithe.

Bhí na meáin i láthair agus an léiriú seo ag dul ar aghaidh. Iarracht na taidhleoirí a náiriú.

Níl aon cheist ach go ndearna Hamas uafáis ar an 7ú Deireadh Fómhair. Ach shílfeá ó chaint agus ó ghothaí agus ó iompar údaráis Iosrael gurb íospartaigh éinne ar a dtaobh siadsan a gointear nó a maraítear, ach gur oidhe cóir a leithéid nuair is Pailistínigh atá thíos leis. An tuairim céanna droim ar ais a gheofá ó chuid de lucht tacaíochta na Pailistínigh san iarthar.

Cé gur fíor gur tháinig bunadh na hIosraela anois ó thar lear, tá sé ró shimplí a mhaíomh nach bhfuil in Iosrael ach coilíneacht mídhlisteanach iartharach. Bhí Giúdaigh scaipthe timpeall na cruinne ó aimsir na Rómhánaigh agus scrios Iarúsailéim ag Titus i 70 AD. Go deimhin, is léir ó ghníomhartha na nAspail agus foinsí eile go raibh na Giúdaigh scaipthe ar fud na cruinne. Agus is léir freisin go raibh an frith Giúdachas forleathan.

Ag deireadh an naoú céad déag, faoi anáil frith Giúdachas i Vín, a scríobh Herzl a leabhar Stáit na nGiúdach, ag moladh bunú Stáit Iosrael do Giúdaigh toisc go bhfacthas dó nach raibh comhshamhlú indéanta. Bhí agus tá an frith Giúdachas láidir, agus leaganacha Críostaí, Ioslamach agus ábharaíoch de ann. Bhí an géarleanúint go holc in impireacht na Rúise, agus lean sé ar aghaidh faoi na cumannaigh. Bhí frith Giúdachas forleathan sna tríochaidí in iarthar na hEorpa, agus réitigh an bhealach don Uile loscadh nuair a tháinig na Naitsithe i réim. Bhí glacadh éigin le Giúdaigh mar ceann de phobal an Leabhair in impireachtaí Moslamacha, impireacht na Tuirce san áireamh. Ach bhí cáin agus srianta ar leith orthu.

Nuair a roinneadh impireacht na Tuirce tar éis an gcéad cogadh domhanda, ba faoi smacht na Breataine a bhí an Phailistín. Thapaigh siad an deis a shíl siad a bheith ann "Uladh beag dílis Giúdach" a chruthú ann. Ach níorbh don impireacht a bhí na Giúdaigh dílis ach dá bpobal. Agus tar éis an Shoah threisigh a bhfonn bheith neamhspleách.

Ní raibh aon ghlacadh ag ceannasaíocht na nArabach leis sin, agus rinne siad iarracht an Stáit nua a mhúchadh ag a bhreith. Agus roinnt uair ó shin. Mar thoradh ar cogaí a cuireadh orthu agus a bhuaigh siad, tá i bhfad níos mó talún faoi smacht Iosrael ná mar a bhí ceaptha. Agus lonnaitheoirí míleatacha ag iarraidh beart críochnúil a dhéanamh den forghabháil.

Ar ndóigh ní ón iarthar amháin a déanadh lonnú in Iosrael - go háirithe tar éis bunú an Stáit díbríodh an dúrud Giúdach as tíortha Arabacha, áit a raibh siad lonnaithe leis na céadta bliain roimhe sin. 

Ní cosán aon treo a bhí sa Nakba, cé gur tharla sé. Agus tá neart cogaí ionadaíochta troidte sa cheantar ó shin, ladar Iosrael, na hIaráine, na Rúise agus Meiriceá iontu. Slad, ár agus éigean ar gach taobh. 

I mo thuairim féin, tá gá le hIosrael. Ach tá dochar á dhéanamh dá gcúis ag an rialtas reatha. Níl mé cinnte an é go bhfuil meon an léigir tar éis an daonnacht iontu a scrios agus an bhealach a réiteach do chiníochas damanta, ciníochas a chuireann luach na céadta beatha Pailistíneach ar bheatha Iosraelach amháin. Nó an bhfuil cúiseanna eile ann. 

Ach is uafásach an toradh do shibhialtaigh ar gach taobh. Ba mhithid Cáin Adomnáin a chuir i bhfeidhm go forleathan san meán oirthear. Ach gan ceannairí misniúla ar gach taobh, caolseans go dtarlóidh sé sin.