Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label iosrael werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label iosrael werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-05-26

Cé hé an t-íospartach anseo?

Toisc gur fhógair Rialtas na hÉireann maraon le rialtas dornán Stáit eile go raibh siad chun Stáit na Pailistíne a aithint, ordaíodh dá gcuid ambasadóirí teacht go haireacht gnóthaí eachtracha Iosrael. Agus iad ansin cuireadh iachall orthu faire ar fhíseáin (de chuid Hamas, go bhfios dom) faoi drochíde a imríodh ar mhná óga a bhí faoi dhualgas le fórsaí Iosrael le líon ionradh Hamas. Níor taispeánadh éigniú, ach ba léir ó riocht na mná agus na háiteanna a bhí á éadaigh smeartha lena bhfuil, go raibh a leithéid tarlaithe.

Bhí na meáin i láthair agus an léiriú seo ag dul ar aghaidh. Iarracht na taidhleoirí a náiriú.

Níl aon cheist ach go ndearna Hamas uafáis ar an 7ú Deireadh Fómhair. Ach shílfeá ó chaint agus ó ghothaí agus ó iompar údaráis Iosrael gurb íospartaigh éinne ar a dtaobh siadsan a gointear nó a maraítear, ach gur oidhe cóir a leithéid nuair is Pailistínigh atá thíos leis. An tuairim céanna droim ar ais a gheofá ó chuid de lucht tacaíochta na Pailistínigh san iarthar.

Cé gur fíor gur tháinig bunadh na hIosraela anois ó thar lear, tá sé ró shimplí a mhaíomh nach bhfuil in Iosrael ach coilíneacht mídhlisteanach iartharach. Bhí Giúdaigh scaipthe timpeall na cruinne ó aimsir na Rómhánaigh agus scrios Iarúsailéim ag Titus i 70 AD. Go deimhin, is léir ó ghníomhartha na nAspail agus foinsí eile go raibh na Giúdaigh scaipthe ar fud na cruinne. Agus is léir freisin go raibh an frith Giúdachas forleathan.

Ag deireadh an naoú céad déag, faoi anáil frith Giúdachas i Vín, a scríobh Herzl a leabhar Stáit na nGiúdach, ag moladh bunú Stáit Iosrael do Giúdaigh toisc go bhfacthas dó nach raibh comhshamhlú indéanta. Bhí agus tá an frith Giúdachas láidir, agus leaganacha Críostaí, Ioslamach agus ábharaíoch de ann. Bhí an géarleanúint go holc in impireacht na Rúise, agus lean sé ar aghaidh faoi na cumannaigh. Bhí frith Giúdachas forleathan sna tríochaidí in iarthar na hEorpa, agus réitigh an bhealach don Uile loscadh nuair a tháinig na Naitsithe i réim. Bhí glacadh éigin le Giúdaigh mar ceann de phobal an Leabhair in impireachtaí Moslamacha, impireacht na Tuirce san áireamh. Ach bhí cáin agus srianta ar leith orthu.

Nuair a roinneadh impireacht na Tuirce tar éis an gcéad cogadh domhanda, ba faoi smacht na Breataine a bhí an Phailistín. Thapaigh siad an deis a shíl siad a bheith ann "Uladh beag dílis Giúdach" a chruthú ann. Ach níorbh don impireacht a bhí na Giúdaigh dílis ach dá bpobal. Agus tar éis an Shoah threisigh a bhfonn bheith neamhspleách.

Ní raibh aon ghlacadh ag ceannasaíocht na nArabach leis sin, agus rinne siad iarracht an Stáit nua a mhúchadh ag a bhreith. Agus roinnt uair ó shin. Mar thoradh ar cogaí a cuireadh orthu agus a bhuaigh siad, tá i bhfad níos mó talún faoi smacht Iosrael ná mar a bhí ceaptha. Agus lonnaitheoirí míleatacha ag iarraidh beart críochnúil a dhéanamh den forghabháil.

Ar ndóigh ní ón iarthar amháin a déanadh lonnú in Iosrael - go háirithe tar éis bunú an Stáit díbríodh an dúrud Giúdach as tíortha Arabacha, áit a raibh siad lonnaithe leis na céadta bliain roimhe sin. 

Ní cosán aon treo a bhí sa Nakba, cé gur tharla sé. Agus tá neart cogaí ionadaíochta troidte sa cheantar ó shin, ladar Iosrael, na hIaráine, na Rúise agus Meiriceá iontu. Slad, ár agus éigean ar gach taobh. 

I mo thuairim féin, tá gá le hIosrael. Ach tá dochar á dhéanamh dá gcúis ag an rialtas reatha. Níl mé cinnte an é go bhfuil meon an léigir tar éis an daonnacht iontu a scrios agus an bhealach a réiteach do chiníochas damanta, ciníochas a chuireann luach na céadta beatha Pailistíneach ar bheatha Iosraelach amháin. Nó an bhfuil cúiseanna eile ann. 

Ach is uafásach an toradh do shibhialtaigh ar gach taobh. Ba mhithid Cáin Adomnáin a chuir i bhfeidhm go forleathan san meán oirthear. Ach gan ceannairí misniúla ar gach taobh, caolseans go dtarlóidh sé sin.


2021-05-16

Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón


Ó chuir na Rómhánaigh scaipeadh na mionéin ar na Giúdaigh agus scrios Teampaill Iarúsailéim in Aois Chríost 70 bhí Giúdaigh ar fán i measc na gciníocha. Ar feadh i bhfad chloígh siad go dlúth lena nósanna féin - ach go hiondúil ní raibh aon rogha acu mar go raibh cosc orthu talamh a shealbhú nó gairmeacha áirithe a chleachtadh. De bharr go raibh siad go minic ina lucht gaimbín - a raibh cosc ar Chríostaithe é ghearradh ar a chéile - ba sprioc fuatha go minic iad. Chomh maith leis nuair a bhuail fiabhrais Crosáide pobail, nó drochscéal éigin ba mhinic gurb as na nGiúdaigh ina measc a baineadh éiric fuilteach. 

Fiú ina dhiaidh sin, agus Giúdaigh comhshamhlaithe a bheag nó a mhór sa phobal, bhí an frith Giúdachas tréan. Fiú i bhFrainc na réabhlóide agus cearta an duine. 

B'é eachtra náireach Dreyfus sa Fhrainc a spreag Theoder Herzl an paimfléad An Stát Giúdach a scríobh. Ag am - deireadh an naoú chéad déag - ina raibh go leor náisiúin san Eoraip ag múscailt agus ag éileamh Stáit dá gcuid féin seachas bheith faoi smacht impireachtaí i bhfad i gcéin. Ba smaoineamh nádúrtha Stát dá gcuid féin - arís - do na Giúdaigh. Bhí Giúdaigh ag teitheadh ó drochíde, go háirithe in oirthear na hEorpa, agus chuaigh sciar acu go dtí na críocha stairiúla sa Phalaistín. Áit a raibh Giúdaigh eile a bhí riamh ann ag maireachtáil a bheag nó a mhór i síocháin faoi impireacht na Tuirce. 

Tar éis an chéad ár Eorpach rinneadh sceanairt ar an impireacht ilchiníoch sin, agus roinn an Bhreatain agus an Fhrainc na críocha eatarthu féin - beag beann ar na pobail a mhair iontu. 

Ba leis an mBreatain an Phalaistín agus iad liom leat leis na Giúdaigh - a spreagadh le teacht seal, a chosc sealanna eile. 

Ansin tharla uafáis an tUileloscadh. Ní ar Ghiúdaigh feiceálacha amháin a thit an tUafás ach freisin ar Ghiúdaigh a bhí go hiomlán comhshamhlaithe - cuid acu nár thuig fiú gurb Giúdaigh iad. Iad siúd a theith, ba mhinice ná a mhalairt gur doirse iata a fuair siad rompu - gur seoladh ar ais iad, go bás cinnte sna campaí díothaithe. 

I ndiaidh an chogaidh bunaíodh Stáit Iosrael. Ach ba bhréag ón tús an caint ar "Talamh gan phobail do phobal gan talamh". 

Shealbhaigh agus choinnigh Iosrael an talamh le lámh láidir. 

Fágann an t-imní faoi frith Giúdachas Giúdaigh thar lear - sciar acu ar aon nós - diongbháilte go mairfidh Iosrael mar Stáit tearmainn do Giúdaigh. Tá tionchar ag na daoine seo go háirithe i SAM, agus de bharr a mothúcháin ciontachta féin sa Ghearmáin agus dá réir san Aontas Eorpach. 

Tuigim don imní seo a amharcann ar Iosrael mar pholasaí árachais, mar tearmann i gcoinne brúchtadh aníos an frith Giúdachas. 

Ar an ndrochuair d'fhág dáileadh saorga críocha an Mheán Oirthear an réigiúin ina choire fuatha agus foréigin. 

Feictear dom go bhfuil aisfhreagra foréigneach thar fóir Iosrael ar gach ionsaí tar éis scrios a imirt ar a bpobal féin atá as a riocht ag an léigear síoraí. Agus i measc na pobail a bhfuil cos ar bolg á imirt acu orthu. 

Tá pobal Iosrael féin deighilte agus scoiltí - cúis amháin nach bhfuil rialtas seasmhach ann faoi láthair. 

Tá ladar na cumhachtaí móra sa réigiún agus lasmuigh de san achrann. 

Tá an frith Giúdachas - nach ionann agus an frith Síónachas - ag treisiú freisin de bharr borradh an eite dheis frith imirceach, agus an Ioslamachas antoisceach. Tá foréigean i gcoinne Giúdaigh agus sionagóga ag éirí níos coitianta. 

Cuid de seo, is buille i gcoinne leatrom Iosrael atá i gceist leis. Cuid eile áfach is frith Giúdachas lom atá ann, a threisíonn imní Giúdaigh agus a neartaíonn a dtacaíocht do Iosrael ainneoin coimhthíos leis an méid atá Iosrael ag déanamh ar na pobail sna críocha gafa. 

Ansin tá a sciar féin ag Iosrael d'antoiscigh ciníocha Giúdacha atá ag iarraidh an chuid is fuiltí den sean Tiomna a chur i gcrích arís. 

Fáinne fí atá ann, agus ní fheicim aon réiteach simplí. Ach níl aon ghlacadh agam leis an tuairim go mba cheart Iosrael a scuabadh isteach sa bhfarraige. Nach bhfuil dlisteanacht dá laghad aige mar Stáit. 

Agus sin m'olagón go n-uige seo. 








2010-11-19

Blúirín: Teorainn Iosrael

Alt spéisiúil ar First Things: ag maíomh nach acmhainn d'Iosrael glacadh le haon socrú a fhágann cosaint an Stáit lagaithe.

Sílim go bhfuil dealramh leis sin, go háirithe i bhfianaise easpa cumais an Údarás Phalaistíneach barántas síochána a thabhairt, cionn is nach bhfuil bá a bpobail fhéin acu, agus dreamanna níos radacaí in uachtar.

N'fheadar cén leigheas atá ar an scéal.

2010-07-08

Blúirín: Ráiteas Chairde Iosrael

Chonac ar dtúis ar suíomh George Weigel é, ach tá suíomh dá gcuid féin acu.

http://www.friendsofisraelinitiative.org

2010-06-16

Fáth mo bhuartha maidir le hIosrael

Chuir duine gan ainm ceist thíos:
Cén fáth go bhfuil muid go léir buartha faoi Iosrael? Tá a lán tíortha bunoscionn agus tá muid go léir dírithe ar cheann amháin an t-am ar fad.

Maidir liom féin; táim buartha faoi Iosrael ar dhá chúis. Ar an gcead dul síos, seo stát atá daonlathach timpeallaithe ag stáit neamh dhaonlathacha; Stát a cuireadh ar bun chun tearmann a chuir ar fáil do chine, ar chaith gach cine eile go dona leo le fada - cuma an ndearna siad iarracht a bheith ina gcuid den bpobal ina raibh siad lonnaithe nó nár dhéan. Tá an tearmann sin fós de dhíth, monuar. Agus cosaint tuillte aige dá réir.

Ar an lámh eile, tá na modhanna a bhaintear feidhm as chun í a chosaint místuama agus mícheart go minic - rud atá ag creimeadh daonlathas an stáit, mar a tuairiscíodh thíos. Tugann siad freisin leithscéal do dhreamanna atá fríth daonlathach go smior cuma an íospartaigh a chuir orthu féin, agus faill dóibh ding a chuir idir pobail Moslamacha san Iarthar agus a gcomharsan; rud a bheidh muid uilig thíos leis sa deireadh.

Sin gan an slua smaoineamh a chuir san áireamh, a níonn dubh agus bán as ceisteanna casta, agus aicmiú ar dhaoine de réir a dtuairimí i léith an dubh agus bán seo. Tuige, mar shampla, go raibh bratach ollmhór Palaistíneach ar foluain i nDoire aréir? Cén baint atá aige sin le ceist Domhnach na Fola?

Cuireann nithe mar seo an "Fuath Dhá Nóiméad" ó 1984 i gcuimhne dhom.

2010-06-01

Ordú comhlíonta, ach tharla míthapa

De réir scéil a léigh mé san Tagesspiegel inné, b'shin an tuairisc a thug an ceannasaí de chuid fórsaí Iosrael dá cheannairí i ndiaidh an ionradh místuama a rinne fórsaí Iosrael ar na báid úd.

Mar a léiríonn an anailís seo de chuid Stratfor, a léigh mé ar suíomh Mercator: seo cath eile caillte ag Iosrael. Shilfeá go mbeadh tuiscint acu an an saghas seo catha, ó tharla gur bhuaigh siad cathanna mar é agus iad a bunú an Stáit.

Creidim go láidir go bhfuil sé de cheart ag Iosrael a bheith ann. B'fhearr liom mura mbeadh gá ann don Stáit Giúdach - ach bhí an gá ann, agus sílim go bhfuil fós, de bharr frith Giúdachas a bheith fós forleathan. Níl aon cheist nach í Iosrael an stáit is daonlathaí agus córa sa Mheán-Oirthear, i measc an ballach stáit a bhunaigh an Iarthar i smionagar na hImpireachta Tuircí. Ainneoin an bealach místuama atá siad ag plé le bagairtí ó antoiscigh. Thuigfeá méid áirithe dóibh - pobal atá faoi léigear ó bunaíodh an stáit, ag namhaid nach leasc leo mná agus páistí a úsáid mar ceithearnaigh i gcogadh salach. Is fíor go bhfuil na Palaistínigh sa bhfaopach - ach tá méid áirithe den locht do sin le cur i léith a gceannasaíocht féin, ó aimsir Mhufti Iarúsailéim anall; agus is cinnte gur chaith na comharsan Arabacha go fíor dona leo freisin. Ach tá fíor chúis imní ag muintir Iosrael: ní ionadh é iad a bheith ag tabhairt freagra láidir ar - mar a fheiceann siadsan é - ionsaí orthu, cuidiú le namhad ar mian leo iad a ghlanadh den léarscáil.

Ach is sna croíthe agus intinní a bhainfear an cogadh seo in aghaidh na hantoiscigh. Agus léiríonn an stair gur chun leasa na hantoisceach é nuair a bhuailtear buile láidir, ar féidir cuma míréasúnta a chuir air, in san cath bolscaireachta.

Beidh le feiceáil an mó míthapa eile a tharlaíonn.

2009-05-14

A Thiarna, tabhair dúinn síocháin

Bhí eachtra álainn neamh tuartha ag tionól an Phápa le ceannairí na reiligiúin i mbaile Íosa, Nazarat.

Ag deireadh na haitheasc tháinig Rabbi i láthair, mhol an méid a bhí ráite, ach dúirt gur gá urnaí le chéile freisin. Thosaigh sé ag canadh "Tabhair dúinn síocháin" i dteangacha na háite, i mBéarla, agus i Laidin. Sheas a raibh i láthair agus glac greim láimhe ar a chéile.

Ansin - comhartha cumhachtach in Iosrael - chan sé i nGearmáinis; teanga dúchais an Phápa, cinnte - ach teanga atá nasctha go buan d'Iosraelaigh leis an Uileloscadh.

Tá físeáin anseo (ag KathTube)

Aguisín 2009-05-18 Alon Goshen-Gottstein ainm an Rabbi chliste. Scéal breise anseo.
Aguisín 2009-05-21 Agallamh le hAlon Goshen-Gottstein anseo. (Scríobh mé féin nóta beag buíochais chuige)

2009-05-11

Tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin

Aitheasc an Phápa i Yad Vashem

Ní féidir, ainneoin gach dícheall, ainm duine a bhaint de.
Ait íogair do cheannaire Caitliceach, go háirithe ceannaire de bunadh na Gearmáine. An scéal ar nuacht RTÉ - go bhfuiltear á cháineadh de bharr nár ghabh sé leithscéal thar ceann a thíre. Ach ní ionadaí na Gearmáine é an Phápa.

Ainneoin obair dreamanna cosúil le "Réitigh an Bhealach" tá ceist Pius XII ina chonstaic maidir leis an Uileloscadh agus an Eaglais. Ní raibh an Eaglais, ná baill na hEaglaise, gan locht - is smál ar stair na hEaglaise an frith Ghiúdachas. Ach rinne an tEaglais oifigiúil níos mó ná mar a tugtar creidiúint di as. Leithéidí Hugh O Flaherty, mar shampla amháin.

Seo mar a rinne an Jerusalem Post tuairisciú ar an scéal.

Ní théann tobar a thrócaire i ndísc
(Olagóin 3:21
- sin an rud a scríobh an Pápa ar an leabhar cuimhneacháin i Yad Vashem)






2009-05-17 Aguisín: Tuairim eile ó Ha'aretz

2009-05-08

Oilithreacht síochána an Phápa san Meánoirthear

Tá sé ann ó inniu.

Go raibh rath air, go seachnóidh sé ceisteanna gaisteacha, ach go mbeidh ar a chumas an fhírinne a chraobhscaoileadh go neamheaglach, agus cur le síocháin.

2009-01-15

Éist a Iosrael (agus gach aoinne eile freisin!)

Táim ag éirí bréan bailithe den phlé maidir le hionradh Iosrael i nGaza.

Níl le léamh sna nuachtáin ach líne an pháirtí ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

Ráiteas seafóideacha ag cuir 'chaon taobh i gcomparáid le Naitsithe - Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ag cuir Alan Shatter (Teachta Dála ar Ghiúdach é) i gcomparáid le Goebbels. Daoine a freagairt tagairtí faoi sainordú daonlathach Hamas le ráite cosúil le "Fuair Hitler sainordú daonlathach freisin"

Tá blaiseadh den fhirinne ina lán dá bhfuil á rá ar an dá thaobh. Ach ní chabhraíonn sé altanna chliste - cosúil leis an gceann seo le hAlan Titley - a scríobh.

Caithfear bogadh ó na cúinní seo, nuair nach díospóireacht atá ar bun chor ar bith, ach comórtas "scáirt an mhargadh".

Tá sé de cheart ag Stát daonlathach Iosrael a bheith ann, ina stáit ceannasach neamhspleách.
Tá an cheart céanna ag pobal na Palaistíne stáit ceannasach, daonlathach, neamhspleách a bheith acu - stát a chaomhnódh an Pobal úd idir Críostaithe (ba Chríostaithe ar fad iad roimh theacht Mahamad!) agus Moslamaigh.

Tá deacrachtaí móra ann. Níl stáit ar bith daonlathach sna críocha Arabacha. Tá daonlathas Moslamach ann - san Tuirc, sa Phacastáin agus san Indinéis, abiar. Ach is ag lapadaíl atá an daonlathas iontu fós. Tá scéal léanmhar an Liobáin ann chun na dúshláin do Stát ilchreidmheach a léiriú.

De bharr na staire, caithfidh Iosrael móramh Giúdach a bheith aici lena ról a chomhlíonadh - mar thearmann do phobal a bhfuil stair fhada léanmhar de ghéarleanúint acu.

Ba mhór an chabhair iad Prionsabail Mitchell in san dul chun cinn i dTuaisceart Éirinn.

Tá gá le Prionsabail dá léithéid san Meán Oirthear, agus tá gá le gach dream, iad siúd sa chulrá mar atá an Iaráin agus an tSiria , chomh maith le gach dream eile, glacadh leo.

Níl teacht ar aon "bhrocéir ionraic" sa scéal seo - níl cumhacht ar bith ar Domhan nach bhfuil gné éigin dá stair ag cosc orthu bheith neodrach.

Ach caithfear an fáinne fí a réabadh!

2008-05-08

Crobhingne ag scríobadh Iosrael

Ar Iosrael, agus cothrom lae a bhunaithe á cheiliúradh aige, a scríobh Alan Titley ina cholún inniu.

Seo blaiseadh (an dá alt deiridh)

Saolaíodh Iosrael san Uileloscadh a thionscain Críostaithe na hEorpa na céadta bliain roimhe sin, agus a thug na Gearmánaigh go barr oilc nuair a d'aibigh an uain dóibh. Sin é a chosaint.

Saolaíodh Iosrael nuair a dhíbir siad an cine dúchais as a dtailte córa san Naqba roimh bhunú an Stáit. Sin é a thubaist. Sin é an poll sa bhagel



Is fiú an t-alt ar fad a léamh; ní féidir le alt dá fheabhas é ach spléachadh a thabhairt ar cheist chomh casta, ach tá fírinne in san méid ar scríobh sé, dar liom.

2008-05-06

Iosrael ag 60: Turgnamh "nach bhfuil éirithe leis fós, nach bhfuil teipthe air fós"

De réir agallamh leis an staraí Tom Segev san Tagesspiegel.

Blaiseadh den alt:
Tá muintir Iosrael níos fearr as ná mórchuid de mhuintir an Domhain, agus tá féiniúlacht Iosraelach ann - bunaithe cuid mhór ar an Eabhrais. Sin bua mhór.

Ach ar an lámh eile, ceileadh roinnt den fíor stair ar an bpobal féin, agus tá deacrachtaí ann plé dáiríre le síocháin seachas le bainistiú foréigin; de bharr druidim chun an imill ar an dá thaobh.

Tá an comhar sóisialta a bhíodh ann ag an tús ag géilleadh do indibhidiúlachas.

(Tar éis an tsaoil, is cuid den domhan thiar í Iosrael, beag beann ar tíreolaíocht!).

2008-04-14

Tá an cheart aige siúd a deir, "Tá an cheart agamsa chomh maith"

Alt spéisiúl faoi na Críostaithe Arabacha san Iosrael agus sa Phalaistín.

Beirt eaglaisigh ó na críocha úd ag caint ar sáinn a bpobal - arbh é ár bpobal é freisin, más críostaithe muid.

Gan cabhair coigríche, sáinnaithe idir dhá mhór chumhacht.

Gné de cheist an mheánoirthear nach cloistear sách minic.

2008-02-02

Óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte

Ná déan leatrom ar an deoraí;
is aithnid duit croí an deaoraí,
óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte
Eax: 23:9


Léigh mé alt suimiúil le hOllamh Iosraelach san Tagesspeigel: Forlámhas nó Daonlathas. Leagan ciorraithe de chaint a thug sé a bhí ann. Bhí sé ag cuir síos ar an dteannas san Iosrael faoi conas plé leis an mionlach Arabach san tír sa chóras polaitíochta.

Táim défhiúsach faoi Iosrael.

Tuigim an riachtanas atá ann le tearmann do Ghiúdaigh; gur cúis misnigh do Ghiúdaigh thar lear Iosrael a bheith ann, agus láidir. Rinneadh leatrom ar Giúdaigh leis na céadta bliain; leatrom a raibh lámh nach beag ag críostaithe agus go hairithe an Eaglais Caitliceach ann, monuar. Nuair a tháinig am an ghátar agus an tUileloscadh ag tarlú, dúnadh doirse in aghaidheanna na dteifeach.
Mar sin, tá sé intuigthe go mbeadh rún daingean ag muintir Iosrael glacadh le gach Giúdach mar saoránach.

Is fíor go bhfuil córas daonlathach agus dlí i bhfeidhm acu - rud nach bhfuil ag a gcomharsan. Tá siad timpeallaithe ag rialtais cama; cuid acu a bhfuil an creideamh ina ngiolla acu chun cumhacht a dhaingniú; cuid eile a chuireann dualgas treibhe in úsáid; agus roinnt a bhfuil an dá tosca ina cosaint acu. Agus is minic na rialtais seo ina bpíosaí fichille ag na mór cumhachtaí.

Ní dhearna an Bhreatain ná an Fhrainc, agus na críocha seo faoina smacht idir an dá cogadh mhór, iarracht dá laghad síol an daonlathais a chuir.

Mar sin, ó tháinig ann don Stát Iosrael, tá an pobal faoi léigear ag naimhde fíochmhara, ar mian leo na Giúdaigh a scuabadh thar nais sa bhfarraige.
Fágann a leithéid lorg ar sícé an phobail; agus tá sé intuigthe go mbeadh righnis le brath ina bplé leis na Palaistínigh laistigh agus lasmuigh de chríocha stáit Iosrael.

Ach is cúis imní dom an cuir chuig righin seo. Ní mar sin a cloítear sceimhlitheoirí.
Caithfear tacaíocht an phobal a bhaint díobh. Rud a thuigeann lucht sceimhle go maith; agus rud a bhaineann siad feidhm as tríd ionsaithe a sheoladh ó i measc an phobail neamhchiontach - le dúil agus go mbeidh aisfhreagra foréigneach a mbeidh an pobal seachas lucht sceimhle thíos leis. Is ar an leasú seo a fhásann an céad barr eile de fiacla dragúin.

Tuigim go maith go bhfuil réimse leathan tuairimí in Iosrael féin faoin gceist seo.
Go bhfuil speictream leathan ann i bhfabhar agus in aghaidh an chuir chuige; agus go bhfuil tuiscintí thar a bheith éagsúla an an gceist laistigh den dá eite chomh maith.

Cúis imní atá ann áfach, go mbíonn idir Likud agus an Lucht Oibre spléach ar mhionpháirtithe chun Rialtas a chuir le chéile; is deacair gníomh cróga a dhéanamh agus a leithéid de Rialtas briosc i réim.

Ceist chasta, íogair.