Ó chuir na Rómhánaigh scaipeadh na mionéin ar na Giúdaigh agus scrios Teampaill Iarúsailéim in Aois Chríost 70 bhí Giúdaigh ar fán i measc na gciníocha. Ar feadh i bhfad chloígh siad go dlúth lena nósanna féin - ach go hiondúil ní raibh aon rogha acu mar go raibh cosc orthu talamh a shealbhú nó gairmeacha áirithe a chleachtadh. De bharr go raibh siad go minic ina lucht gaimbín - a raibh cosc ar Chríostaithe é ghearradh ar a chéile - ba sprioc fuatha go minic iad. Chomh maith leis nuair a bhuail fiabhrais Crosáide pobail, nó drochscéal éigin ba mhinic gurb as na nGiúdaigh ina measc a baineadh éiric fuilteach.
Fiú ina dhiaidh sin, agus Giúdaigh comhshamhlaithe a bheag nó a mhór sa phobal, bhí an frith Giúdachas tréan. Fiú i bhFrainc na réabhlóide agus cearta an duine.
B'é eachtra náireach Dreyfus sa Fhrainc a spreag Theoder Herzl an paimfléad An Stát Giúdach a scríobh. Ag am - deireadh an naoú chéad déag - ina raibh go leor náisiúin san Eoraip ag múscailt agus ag éileamh Stáit dá gcuid féin seachas bheith faoi smacht impireachtaí i bhfad i gcéin. Ba smaoineamh nádúrtha Stát dá gcuid féin - arís - do na Giúdaigh. Bhí Giúdaigh ag teitheadh ó drochíde, go háirithe in oirthear na hEorpa, agus chuaigh sciar acu go dtí na críocha stairiúla sa Phalaistín. Áit a raibh Giúdaigh eile a bhí riamh ann ag maireachtáil a bheag nó a mhór i síocháin faoi impireacht na Tuirce.
Tar éis an chéad ár Eorpach rinneadh sceanairt ar an impireacht ilchiníoch sin, agus roinn an Bhreatain agus an Fhrainc na críocha eatarthu féin - beag beann ar na pobail a mhair iontu.
Ba leis an mBreatain an Phalaistín agus iad liom leat leis na Giúdaigh - a spreagadh le teacht seal, a chosc sealanna eile.
Ansin tharla uafáis an tUileloscadh. Ní ar Ghiúdaigh feiceálacha amháin a thit an tUafás ach freisin ar Ghiúdaigh a bhí go hiomlán comhshamhlaithe - cuid acu nár thuig fiú gurb Giúdaigh iad. Iad siúd a theith, ba mhinice ná a mhalairt gur doirse iata a fuair siad rompu - gur seoladh ar ais iad, go bás cinnte sna campaí díothaithe.
I ndiaidh an chogaidh bunaíodh Stáit Iosrael. Ach ba bhréag ón tús an caint ar "Talamh gan phobail do phobal gan talamh".
Shealbhaigh agus choinnigh Iosrael an talamh le lámh láidir.
Fágann an t-imní faoi frith Giúdachas Giúdaigh thar lear - sciar acu ar aon nós - diongbháilte go mairfidh Iosrael mar Stáit tearmainn do Giúdaigh. Tá tionchar ag na daoine seo go háirithe i SAM, agus de bharr a mothúcháin ciontachta féin sa Ghearmáin agus dá réir san Aontas Eorpach.
Tuigim don imní seo a amharcann ar Iosrael mar pholasaí árachais, mar tearmann i gcoinne brúchtadh aníos an frith Giúdachas.
Ar an ndrochuair d'fhág dáileadh saorga críocha an Mheán Oirthear an réigiúin ina choire fuatha agus foréigin.
Feictear dom go bhfuil aisfhreagra foréigneach thar fóir Iosrael ar gach ionsaí tar éis scrios a imirt ar a bpobal féin atá as a riocht ag an léigear síoraí. Agus i measc na pobail a bhfuil cos ar bolg á imirt acu orthu.
Tá pobal Iosrael féin deighilte agus scoiltí - cúis amháin nach bhfuil rialtas seasmhach ann faoi láthair.
Tá ladar na cumhachtaí móra sa réigiún agus lasmuigh de san achrann.
Tá an frith Giúdachas - nach ionann agus an frith Síónachas - ag treisiú freisin de bharr borradh an eite dheis frith imirceach, agus an Ioslamachas antoisceach. Tá foréigean i gcoinne Giúdaigh agus sionagóga ag éirí níos coitianta.
Cuid de seo, is buille i gcoinne leatrom Iosrael atá i gceist leis. Cuid eile áfach is frith Giúdachas lom atá ann, a threisíonn imní Giúdaigh agus a neartaíonn a dtacaíocht do Iosrael ainneoin coimhthíos leis an méid atá Iosrael ag déanamh ar na pobail sna críocha gafa.
Ansin tá a sciar féin ag Iosrael d'antoiscigh ciníocha Giúdacha atá ag iarraidh an chuid is fuiltí den sean Tiomna a chur i gcrích arís.
Fáinne fí atá ann, agus ní fheicim aon réiteach simplí. Ach níl aon ghlacadh agam leis an tuairim go mba cheart Iosrael a scuabadh isteach sa bhfarraige. Nach bhfuil dlisteanacht dá laghad aige mar Stáit.
Agus sin m'olagón go n-uige seo.