Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-05-27

Tráth na Tairsí - Peadar Ó hUallaigh


Ócáid de chuid IMRAM ón Díseart sa Daingin a chuir Peadar Ó hUallaigh in aithne dom. Thaithin an méid a bhí le reic aige liom, agus chuir mé fios ar leabhar leis ón leabharlann. De bharr na dianghlasála ní bhfuair mé an leabhar go dtí le déanaí.

Ar an gcéad léamh tá na dánta éadrom sothuigthe. Ach tá doimhneacht laistiar de. Baineann roinnt de na dánta le tírdhreacha - Iarthar Dhuibhneach mar a bhfuil cónaí ar an bhfile, nó áiteanna eile in Éirinn. Dán iontach faoi Gort na Tiobratan i Baile Bhúirne, mar shampla, a mhúscail cuimhní soiléire ionam. Is minic go raibh eolas agam ar na háiteanna, ach fiú nuair nach raibh nó nuair is tírdhreach anama a bhí i gceist, bhí pictiúr á mhúscailt i mo shamhlaíocht. 

Agus cuireadh roinnt síolta chun machnamh a dhéanamh arís orthu.

Tá dorchadas an tsaoil anseo freisin - bás athair, timpistí marfacha a chonaic an file agus é níos óige, streachailt leis an ailse. Ach ní thréigean diongbháil ná dóchas é.

Dánta áille.