Le roinnt blianta anuas tá go leor ficsean agus cuimhní cinn de chuid Ngũgĩ wa Thiong'o léite agam. Bhí fhios agam fiú sular thosaigh mé ag léamh a chuid saothair go raibh leabhar tábhachtach scríofa aige - Decolonising the Mind: the Politics of Language in African Literature. Theip glan orm theacht air, áfach. Ní raibh sé ar fáil tríd na leabharlanna poiblí.
Ach le déanaí lorg mé don kindle é. D'aimsigh mé eagrán Gearmáinise, a foilsíodh i 2017 agus a bhfuil breiseán spéisiúil ag dul leis - aistí ag scríbhneoirí agus smaointeoirí ón Afraic faoin tionchar a bhí ag na haistí orthu.
De bhrí go bhfuil go leor dá chuimhní cinn léite agam, bhí cuid de na smaointe a nocht sé sna haistí léite agam cheana. Is léir gurb é an eochair eachtra an tréimhse a chaith sé i mbun cumadh dráma Ngaahika Ndeenda (pósfaidh mé nuair is mian liomsa) leis an bpobal i Kamiriithu. Tá ana chuir síos ann ar an dóigh ar thug an phobal a dtaithí saol agus a litríocht béil chuig an dráma - na cora cainte, na gluaiseachtaí, an réimse cuí teanga do gach caidreamh agus eachtra.
De bharr an dráma, ar éirigh go hiontach leis ar feadh sé seachtaine, chaith sé bliain i bpríosún gan triail ná cúis curtha ina leith. Ina bhraighdeanach ag rialtas Céinia - rialtas a bhí ceaptha bheith saor ó choilíneachas.
Tá tionchar an Marxachas ar a chuid smaointeoireacht follasach, agus é seasta ag caint ar an bpobal i dtéarmaí na tuathánaigh agus oibrithe. Dream, sa Chéinia, a raibh a dteangacha dhúchasacha fós á labhairt acu, áit a raibh an oideachas tar éis iad a bhrú i leataoibh dó féin agus dá mhacasamhla a fuair oideachas agus arb iad an chinseal iar neamhspleáchais iad.
Rud a chuaigh i bhfeidhm go mór orm ná an bhéim a leagann sé ar filleadh ar an litríocht bhéil atá beo ar bhéala na ndaoine, an siamsaíocht agus na deasghnátha nádúrtha atá caomhnaithe ag an cosmhuintir.
Feictear dom, i gcomhthéacs na hÉireann, go bhfuil scríbhneoirí Gaeltachta á dhéanamh sin go díreach. Leithéid Joe Steve Ó Neachtain, abair, a thosaigh amach ag scríobh agallaimh beirte, filíocht pobail agus lúibíní.
Tá rudaí níos casta do nuachainteoirí. Agus tá imní orm go bhfuil cainteoirí óga Gaeltachta ag cailleadh an deis bheith sáite san teanga mar a bhí na glúinte rompu.
Bhí macallaí de sin san aiste le Pettina Gappah, scríbhneoir as an Siombáib a bhfuil dhá chnuasach gearrscéalta agus úrscéal léi léite agam. Caidreamh deacair atá aici le haistí Ngũgĩ. Ní bhfuair sí ach scolaíocht sna blianta luath ina teanga dúchais Shona - ina dhiaidh sin is as Béarla a bhí a cuid oideachais, seachas roinnt blianta ag deireadh a gcuid scolaíochta ina raibh Shona mar ábhar scoile aici. Fonn láidir uirthi scríobh ach - fearacht Ó Ríordáin - a teanga dúchais ina teanga liom leat aici, agus an bhé á spreagadh as Béarla.
Tá go leor leor cosúlachtaí ach freisin go leor difríochtaí idir taithí na hAfraice agus na hÉireann, cás na teangacha Afracacha agus Gaeilge. Go deimhin, in aiste mic Ngũgĩ, Mukoma, tá sliocht fhada as aiste le Gearóid Denvir, a bhí ag freagairt d'aistí Ngũgĩ.
Tá go leor lón machnaimh sa chnuasach.