Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ioslam werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ioslam werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2017-10-02

Ibrahim Halawa

Saoránach de chuid na hÉireann ach de bhunadh na hÉigipte é Ibrahim Halawa. Gabhadh é féin agus a dheirfiúracha i measc slua mór daoine i Mosc i ndiaidh agóid ar son uachtarán na hÉigipte a toghadh go daonlathach ach a cuireadh as oifig ag an arm. Uachtarán a bhí ina bhall den bráithreachas Moslamach, eagraíocht idirnáisiúnta polaitíochta.

Tá athair Ibrahim Halawa ina cheannaire Moslamach san tír seo, agus é de réir gach cosúlacht, báidhiúil don  mbráithreachais (ar a laghad).

Saoradh na deirfiúracha ar bhannaí agus scaoileadh abhaile iad. Le ceithre bliana bhí Ibrahim Halawa i ngéibheann agus an olltriail a raibh sé páirteach ann á chuir ar athló arís is arís. Fuarthas neamhchiontach é ar na mallaibh, agus a dheirfiúracha freisin. Ach de bharr páipéarachais tá sé fós faoi ghlas.

D'eagraigh na deirfiúracha feachtas láidir chun a chas a choinneáil i súile an phobail. Ní cosúil go raibh mórán toradh air, ach tá taidhleoireacht i gcásanna mar seo casta. Níl mé cinnte ach measaim go raibh údarás na hÉigipte ag maíomh gurb saoránach dá chuid é. Cuireann sin dris chosáin dleathach roimh taidhleoireacht. (Tá suas le cúigear saoránach Gearmánach de bhunadh na Tuirce faoi ghlas sa Tuirc faoi láthair ainneoin dícheall Rialtas na Gearmáine)

Le linn an fheachtais sin agus go háirithe tar éis an bhreith go raibh siad neamhchiontach bhí go leor atá gránna á rá agus á scaipeadh ar líne acu siúd a bhfuil tuiscint chúng ciníoch acu ar cad is Éireannach ann.

Tuiscint atá mícheart dar liom, agus bunoscionn leis an stair chomh maith.

Tá inimirce ó thíortha éagsúla ag fás gan amhras ó dheireadh an chéid seo chaite. Ach ní raibh an tír seo riamh chomh scoite amach ná chomh íon is a shilfeá ón mbladar acu.

Mar sin féin, ag féachaint ar an méid atá ag tarlú ar fud na hEorpa, ní mór a rá gur cúis dlisteanach imní an Ioslam pholaitiúil. Go háirithe an tionchar atá á imirt aige ar sliocht imircigh nach raibh glacadh leo sna pobail ina raibh siad ina saoránaigh.

Ar feadh seal bhí dóchas agam go bhforbródh AKP na Tuirce leagan daonlathach Ioslamach. Faraor faoi Erdogan tá siadsan freisin bogtha i dtreo leagan eisiach éadulangach. Agus maraon le tíortha antoisceacha fearacht an Araib Shádach, tá siad ag gríosadh fuatha i measc ógánaigh a mhothaíonn nach bhfuil glacadh leo sna tíortha a bhfuil saoránacht acu. Is liosta le háireamh na sléachta atá tionscnaithe ag ógánaigh éadóchasacha a tháinig faoi thionchar fuathghríosóirí a theagascann leagan chúng éadulangach Ioslam.

Tá deis agus priacal ag baint le filleadh Ibrahim Halawa (ach a bhfillfidh sé). De bharr an fheachtais, tá a phríobháideachas caillte aige, agus ní dócha gur féidir sin a thabhairt ar ais dó.

Tá ceithre bliana caite i mbraighdeanas aige, agus ní fios cé na tionchar a imríodh air. Is cosúil go raibh easláinte ag cuir as dó.

Tá sé riachtanach go bhfaigheadh sé deis a oideachas, a réabadh de bharr an tréimhse príosúin, a chríochnú. Tá sé riachtanach go bhfaigheadh sé deis ceart imeascadh (níos fearr ná a athair nach dtig leis labhairt le pobal na tíre ach tríd ateangaire!).

Caithfear iarracht coinsiasach a dheánamh Ibrahim Halawa agus ógánaigh mar é a cheangail isteach sa phobal. Tá cearta ag dul le saoránacht. Ach tá dualgais freisin agus is gá féachaint chuge go bhfuil saoránaigh idir nua agus sean ag cloí leis an dlí.

Ní mór dúinn foghlaim as taithí na hEorpa agus bheith airdeallach faoi fórsaí ó laistigh nó lasmuigh atá ag scaipeadh síol an easaontais agus fuatha.

Is féidir iarracht imeasctha a éileamh ar saoránaigh ó chúlra eile agus go deimhin ar inimircigh nach bhfuil saoránacht bainte amach acu, ná fonn orthu sin a dheánamh.

Ach is gá doirse a oscailt freisin.

Deis atá i filleadh Ibrahim Halawa le léiriú go ndéanfaidh an stáit cúram de shaoránach atá tar éis fulaingt. Tapaítear é!

2011-01-07

Blúirín: Dlúthpháirtíocht san Éigipt

I measc na drochscéalta faoi ghéarleanúint ar Chríostaithe san Meán Oirthear; ardú croí atá ann an scéal seo a chlos: go ndearna Moslamaigh "sciath daonna" a chuir ar fáil do searmanas Oíche Nollaig na gCoptach.

Go leana a leithéid ar aghaidh!

2010-08-10

Blúirín: Bean i gCochall

Alt spéisiúil ag Máiréad Ní Chinnéide maidir leis an gcosc ar an mBurca sa bhFrainc.

As ceist pholaitiúil a dhéanamh as caitheamh an burqa táthar ag gríosú pobail, a bhraitheann iad féin faoi leatrom cheana féin, chun cos a chur i dtaca agus dúshlán an choisc a thabhairt.

Agus ní sa Fhrainc amháin a bhfuiltear ag déanamh ceist pholaitiúil as feisteas na Moslamach. Ta cosc curtha cheana ar an burqa sa Bheilg agus reachtaíocht á hullmhú san Ísiltír. Ar 20ú Iúil vótáil parlaimint na Spáinne le móramh 21 vóta in aghaidh an choisc. De réir pobalbhreithe a rinneadh sa Bhreatain bheadh os cionn 60 faoin gcéad sa tír sin ar son dlí a achtú ina éadan.

Cén fhad go mbeadh feachtas ar bun abhus in Éirinn chun an rud céanna a dhéanamh?



Ceist mhaith. Tá deacracht ann - cén fís atá againn do phobal an Stáit? Cén fís ina bhfuiltear chun daoine a chomhshamhlú? Tá - agus bhí riamh - teannas ann idir Liberté agus Egalité; agus is deacair sainmhíniú a dhéanamh ar Fraternité; Bhíodh focal eile ag dul le mana na Réabhlóide sa bhFrainc - "où Mort" - rud a tharla minic go leor dóibh siúd a sheas in aghaidh ceannairí an Réabhlóide.

Tá an ré sin thart. Ach tá sé deacair slat tomhas a leagann síos do phobal a mhaíonn saoirse iomlán don duine aonair - chomh fada is nach mbaintear feidhm as an saoirse sin chun smaointe a scaipeadh nach nglacann na maithe agus mór uaisle leo.

Tá conair fhada romhainn.

2009-12-04

Gairm chun Urnaí

Sin an fheidhm atá le miontúir, a bhfuil cosc ar a dtógáil anois san Eilvéis. Ar ndóigh, ní miontúr atá sa ghrianghraf ar chlé - mar is léir ón gcros ar a bharr agus an dealbh ag a bhun. Cloigtheach atá ann - ar Eaglais Bantiarna na Síochána ar Sráid Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.

Más spuaic, miontúr nó cloigtheach atá i gceist, an fheidhm céanna atá leo go léir. A mheabhrú dúinn go bhfuil níos mó ann ná muid féin. Táid cosúil le méar ag díriú ár n-aird ar na Flaithis. Ní thuigim tuige a ghlacadh creidmheach d'aon chineál col leo.

Go deimhin, de réir mo thuiscint, glacann aindiachaithe agus agnóisithe leis go bhfuil níos mó ann ná an duine féin.

Is féidir le túr mar seo feidhmiú mar comhartha machnamh, is cuma cén aicme nó creideamh a thóg é. [Dála an scéil Denkmal, comhfhocal as Denken (smaoineamh) agus Mal (marc), atá sa Ghearmáinis ar cuimhneacháin agus nithe dá réir ar féidir leo smaointe a spreagadh ionann]

Nós na Moslamaigh, a bhunaigh a bhFáidh, daoine a ghairm chun urnaí leis an guth daonna. Nós na gCríostaithe, clog a bhualadh.

Maidir le clog - bhí mé i Leabharlann Chester Beatty inniu - bhí turas treoraithe i nGaeilge ann. D'inis an treoraí dúinn gur thug an Dalai Lama cuairt ar an mbailiúchán d'ábhar Búdaíoch atá ann. Chonacthas dó go raibh rud in easnamh - agus bhronn sé clog ar an leabharlann.

2009-11-29

Cosc ar mhiontúir - ach díol airm fós ceadaithe

San Eilvéis.

Bhí dhá reifreann ann. Ceann leis an abairt seo leanas a chuir le Bunreacht na hEilvéise:

"Tá cosc ar tógáil mhiontúir"

De réir an Neue Zurcher Zeitung, glacadh leis le móramh 57 % den 55 % a chaith vóta. Ach ar mhaithe le postanna a choinneáil san Eilvéis, is cosúil, bhí móramh mór in aghaidh cosc a chuir ar onnmhairiú ábhair cogaidh.

Caolseans go mbeadh mórán difear anseo dá mbeadh reifreann dá leithéid ann, i bhfianaise an suirbhé ar na mallaibh san Irish Times, a léirigh an tuairim a beith ag casadh in aghaidh eachtrannaigh abhus.

Nach ait an mac an tsaoil - is mó de bhagairt túr, a mheabhraíonn do dhaoine gur ceart guí chun Dé, ná eitleáin cogaidh agus airm mharfacha?

2009-06-16

Ahmadinejad agus daille saol an Bhéarla

Alt ag Mercator.net le anailís spéisiúil ar cén fáth go bhfuil innealtóir fós i gcumhacht san Iaráin.

Is bocht an scéil é má tá muid san Iarthar ag brath ar eolas ó dhaoine atá báúil le tuairimí an Iarthair i gcoitinne, seachas daoine a bhfuil an fhírinne garbh, searbh ar eolas acu.

B'shin cuid den teip san Iaráic; agus seans go bhfuil níos mó den teip san réigiúin i ndán dúinn.

Tá, gan amhras, ceisteanna fós faoi ionracas an toghchán, agus beidh sé deacair fianaise a fháil slí amháin nó slí eile, agus cosc ar iriseoirí ón gcoigríoch a oifigí a fhágáil. Ach n'fheadar cé mhéid acu a bhfuil Fairsis ar a dtoil acu, pé scéal é!

Ceist chasta. Tá súil agam nach mbeidh cogaíocht mar thoradh air, Inshallah!

2009-06-12

Pontifex

Alt ag John Allen ag rá gurbh é an Eaglais, agus go hairithe an Pápa, atá de dhíth chun nasc a dhéanamh le Moslamaigh measartha.

Tógálaí Droichid an sanasaíocht atá le Pontifex.

Is dóigh liom gur fíor dó, agus go bhfuil práinn ag baint leis an gceist.

2009-05-14

A Thiarna, tabhair dúinn síocháin

Bhí eachtra álainn neamh tuartha ag tionól an Phápa le ceannairí na reiligiúin i mbaile Íosa, Nazarat.

Ag deireadh na haitheasc tháinig Rabbi i láthair, mhol an méid a bhí ráite, ach dúirt gur gá urnaí le chéile freisin. Thosaigh sé ag canadh "Tabhair dúinn síocháin" i dteangacha na háite, i mBéarla, agus i Laidin. Sheas a raibh i láthair agus glac greim láimhe ar a chéile.

Ansin - comhartha cumhachtach in Iosrael - chan sé i nGearmáinis; teanga dúchais an Phápa, cinnte - ach teanga atá nasctha go buan d'Iosraelaigh leis an Uileloscadh.

Tá físeáin anseo (ag KathTube)

Aguisín 2009-05-18 Alon Goshen-Gottstein ainm an Rabbi chliste. Scéal breise anseo.
Aguisín 2009-05-21 Agallamh le hAlon Goshen-Gottstein anseo. (Scríobh mé féin nóta beag buíochais chuige)

An Pápa agus an Ioslam

Tuairim ag Mercator.net.

Tá súil agam go bhfuil an cheart ag an údár, agus go bhfuil dul chun cinn ann san agallamh idirchreidmheach thar a bheith tábhachtach sin. Má tá an síochán le forbairt, caithfear an lár a neartú! Agus úsáid an réasún.

2009-05-08

Oilithreacht síochána an Phápa san Meánoirthear

Tá sé ann ó inniu.

Go raibh rath air, go seachnóidh sé ceisteanna gaisteacha, ach go mbeidh ar a chumas an fhírinne a chraobhscaoileadh go neamheaglach, agus cur le síocháin.

2009-01-15

Éist a Iosrael (agus gach aoinne eile freisin!)

Táim ag éirí bréan bailithe den phlé maidir le hionradh Iosrael i nGaza.

Níl le léamh sna nuachtáin ach líne an pháirtí ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

Ráiteas seafóideacha ag cuir 'chaon taobh i gcomparáid le Naitsithe - Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ag cuir Alan Shatter (Teachta Dála ar Ghiúdach é) i gcomparáid le Goebbels. Daoine a freagairt tagairtí faoi sainordú daonlathach Hamas le ráite cosúil le "Fuair Hitler sainordú daonlathach freisin"

Tá blaiseadh den fhirinne ina lán dá bhfuil á rá ar an dá thaobh. Ach ní chabhraíonn sé altanna chliste - cosúil leis an gceann seo le hAlan Titley - a scríobh.

Caithfear bogadh ó na cúinní seo, nuair nach díospóireacht atá ar bun chor ar bith, ach comórtas "scáirt an mhargadh".

Tá sé de cheart ag Stát daonlathach Iosrael a bheith ann, ina stáit ceannasach neamhspleách.
Tá an cheart céanna ag pobal na Palaistíne stáit ceannasach, daonlathach, neamhspleách a bheith acu - stát a chaomhnódh an Pobal úd idir Críostaithe (ba Chríostaithe ar fad iad roimh theacht Mahamad!) agus Moslamaigh.

Tá deacrachtaí móra ann. Níl stáit ar bith daonlathach sna críocha Arabacha. Tá daonlathas Moslamach ann - san Tuirc, sa Phacastáin agus san Indinéis, abiar. Ach is ag lapadaíl atá an daonlathas iontu fós. Tá scéal léanmhar an Liobáin ann chun na dúshláin do Stát ilchreidmheach a léiriú.

De bharr na staire, caithfidh Iosrael móramh Giúdach a bheith aici lena ról a chomhlíonadh - mar thearmann do phobal a bhfuil stair fhada léanmhar de ghéarleanúint acu.

Ba mhór an chabhair iad Prionsabail Mitchell in san dul chun cinn i dTuaisceart Éirinn.

Tá gá le Prionsabail dá léithéid san Meán Oirthear, agus tá gá le gach dream, iad siúd sa chulrá mar atá an Iaráin agus an tSiria , chomh maith le gach dream eile, glacadh leo.

Níl teacht ar aon "bhrocéir ionraic" sa scéal seo - níl cumhacht ar bith ar Domhan nach bhfuil gné éigin dá stair ag cosc orthu bheith neodrach.

Ach caithfear an fáinne fí a réabadh!

2008-08-31

Misneach de dhíth ag plé leis an Ioslam

Alt ó Kath.net, scríofa ag saineolaí ar an Ioslam.

É ag léiriú go bhfuiltear anois ag seachaint aon cheo san ealaíon a d'fheadfadh fearg dá laghad a chuir ar Mhoslamaigh. Ní hamhlaidh do mhaslaí don Críostaíocht - is féidir na rudaí is naofa linne a tharraingt - go liteartha - tríd an mbualtrach.

Ach tá difear ann; ghéill Críost don magadh, bhí Sé umhal agus uiríseal - níor ghéill Mahamad!

Fós féin, tá sé tábhachtach nach ndéanfaí cinsireacht ar phlé macánta leis an Ioslam san Iarthar, nó beidh muid ar fad thíos.



Aguisín: Alt eile ar an ábhar chéanna, scríofa ag Moslamach san Irish Times inniu:
"Cuireann féin chinseareacht gach duine a chreideann ar aon chéim le páiste, gan an cumas a bheith iontu plé le habhár íogair go béasach. Mar chreidmheach, táim maslaithe."

2008-08-11

Ag iompú moslamaigh - le cabhair ón Córán!

Scéal spéisiúil ó Kath.net:

Sagart Coptach, Zakaria Botros, a bhfuil eolas domhain aige ar an traidisiún Ioslamach - an Córan, an hadith (ráite an Fáidh) agus an Ulema (ráite na scoláirí).

Tá clár teilifíse Araibise aige ina ndéanann sé ceisteanna a chíoradh, mar shampla ról na mBan son Ioslam. Is cosúil go bhfuil roinnt mhaith daoine iompaithe ina gCríostaithe de bharr a shaineolas agus a theagasc.

Is "Namhad uimhir 1" an Ioslam é, de réir an nuachtáin al-Insan al-Jadid

2008-05-20

Ceist Chigiliteach Caille na gCailíní Cráifeacha: Cosc nó Cosaint?

D'ardaigh scoil i nGuaire ceisteanna faoin gcaille a chaitheann cailíní cráifeacha Moslamacha.

Níl aon aontas i measc Moslamaigh ar an gceist seo, ach táid ann, agus cailín amháin ag freastal ar an scoil úd ina measc, a chreideann gur dualgas reiligiúnda é an chaille a chaitheamh ach bean a bheith tagtha chun caithreachais.

Tá léamh amháin ag lucht an saoltachas ar seo: sé sin gur cheart cosc iomlán a bheith ar creideamh sofheicthe in aon áit poiblí. Diúltaím glan amach don baoth thuairim idirdhealaitheach, leatromach sin.

Ceist thábhachtach agus cinniúnach atá anseo - mar a deir Conchubhar, is féidir go bhfuil muid ag gearradh slat ar mbuailte leis an gceist seo.

Tá tíortha eile san Eoraip imithe romhainn ar an gceist seo - an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc. An dearcadh saoltach atá i réim san Fhrainc - agus a chónach sin orthu. Tá cailíní, ar mian leo bheith cráifeach, díbeartha ó na scoileanna stáit, agus an pobal Ioslamach éirithe radacach dá bharr. Tá an cheist níos casta sa Ghearmáin, le difríochtaí áitiúla. Ach d'fhan nath amháin as alt liom:

Bhí an caille ceart go leor, nuair a bhí muid ag glanadh bhur dtíthe. Ach anois agus muid inár múinteoirí, agus dlíodóirí...


Ná bíodh a leithéid le rá fúinn!

Tuigim go bhfuil ceisteanna ann, agus droch thaithí i dtíortha Eorpacha eile, le hiallach a bheith á chuir ar mhná an chaille a chaitheamh, cuma cad is mian leo féin. Táid ann a deir go gcabhródh cosc sna scoileanna leis an mbrú sin a bhriseadh. Ní dóigh liom é.

Is dóigh liom go bhfuil sé riachtanach dúinn na mná seo a chumasú tríd iad a chomhshamhlú san gnáth saol Éireannach, gan cur isteach ar an dualgas a bhraitheann siad a bheith orthu, ach spreagadh a thabhairt dóibh bheith bainteach go gníomhach le sochaí fíor daonlathach, a bhfuil meas aige ar chreideamh, ach nach ngéilleann don gcos ar bolg.

Focal scoir: deirtear san Times inniu amhras a bheith ar údaráis na scoile go mbeadh an baol ann go ndéanfaí tromaíocht ar an gcailín dá mbeadh Hijab á chaitheamh aici. Is cinnte go bhfuil an baol sin ann - tá sé foghlamtha ag mo chlann nach maith le roinnt gasúr eile an éagsúlacht. Ach ní cheart an milleáin, ná an dualgas athrú, a chur ar an dté atá thíos le tromaíocht, seachas na bullaithe.



Aguisín: tá sé suntasach chomh maith gur Éireannach a d'iompaigh ar an Ioslam athair an chailín - agus Sasanach (sílim) a mathair, a d'iompaigh freisin.

2008-05-12

Dúshlán an Ioslam do Críostaithe Eorpacha

Ó Kath.net arís

Sliocht as:

Tá cónaí ar thart ar 20 Milliún Moslamach san Eoraip, 3.5 m sa Ghearmáin....An mbunófar Páirtithe Polaitíochta Ioslamacha ar ball beag? An mbeidh móramh Ioslamach san Eoraip i gceann céad bliain?
...



Tátal an ailt: níl leisce dá laghad ar Mhoslamaigh a fhógairt gurbh acu atá an creideamh is fearr , agus iarracht a dhéanamh an creideamh - a bhfuil éileamh aige ar fhorlámhas i ngach cuid den saoil - a chuir i bhfeidhm. Tá Críostaithe leithscéalach faoina gcreideamh, an foirceadal tuatach gur rud phearsanta, nach bhfuil baint aige leis an sochaí i gcoitinne an creideamh slogtha againn.

Mar sin, is leis an Ioslam a rachaidh an dream atá ag lorg na fírinne, muna bhfuil muide chun ár tuiscint air a fhógairt. Agus is líonmhar iad siúd atá ag lorg cinnteacht agus fírinne.

Deis nach mór a thapú, ar mhaithe linn ar fad.

2008-05-01

Creideamh is Réasún

Tá comhthuiscint bunaithe, de réir Zenit, ag dream Caitliceach agus Moslamaigh, ar an ábhar seo:

  1. Tabhartais ó Dhia don chine daonna is ea creideamh agus réasún araon.
  2. Ní thagann creideamh agus réasún salach ar a chéile, is féidir go mbeadh creideamh ós cionn réasún faoi chúinsí áirithe, ach ní bhréagnaíonn sé réasún riamh.
  3. Tá creideamh agus réasún neamh fhoréigneach astu féin. Ní ceart feidhm a bhaint as creideamh ná réasún chun críche foréigneacha. Faraor, baineadh feidhm uaireanta as an dís chun foréigean a chur chun cinn. Ach ní bhréagnaíonn sin ceachtar acu.
Tá breis san alt maidir leis an treo chun cinn, agus buanú chomhthuiscint idir Mhoslamaigh agus Caitlicigh. Is maith sin.

2008-04-14

Tá an cheart aige siúd a deir, "Tá an cheart agamsa chomh maith"

Alt spéisiúl faoi na Críostaithe Arabacha san Iosrael agus sa Phalaistín.

Beirt eaglaisigh ó na críocha úd ag caint ar sáinn a bpobal - arbh é ár bpobal é freisin, más críostaithe muid.

Gan cabhair coigríche, sáinnaithe idir dhá mhór chumhacht.

Gné de cheist an mheánoirthear nach cloistear sách minic.

2008-04-01

Daonlathas Ioslamach

D'fhorbair an Chríostaíocht córás daonlathach polaitíochta a raibh meas fós aige ar an gcreideamh. Tá páirtithe Críostaí Daonlathacha i ngach cuid den Eoraip, agus tionchar ag fealsúnaithe Críostaí Daonlathacha ar réimse níos leithne.

Má tá dóchas ann don síocháin domhanda, caithfidh Daonlathas Ioslamach teacht ón Domhan Ioslamach. Níl mé cinnte an féidir a léithéid a bheith ann - níl an "Fág ag Caesar na rudaí ar le Caesar iad" neadaithe chomh cinnte céanna san Ioslam.

Ach má ta dóchas ann, is le hAKP na Túirce a luíonn sé. Cúis imní mar sin go bhfuil buanaíocht Ataturcach na Túirce ag iarraidh an AKP a chuir faoi chos - tríd na cúirteanna. Seo pairtí a bhuaigh an toghchán go daonlathach, le sciar mhór den phobail ag tacú leo.

Ach is tír ait í an Túirc. Amharcann an t-arm orthu féin mar caomhnóirí na bunreachta "saolta" - in aghaidh an phobail má gá. Tá baol coup san aer i gconaí.

Mar sin, seans go gcuirfear an AKP - pairtí an Rialtais - faoi chos, agus go mbeidh cosc ar a gceannairí seasamh arís. Beidh deireadh ansin le h-aon dóchas an Túirc a nascadh leis an AE agus síocháin a chothú thoir mar a déanadh thiar.

Baol dúinn ar fad sin.