Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-30

Leabhrán fíor órga

Agus mé ag éisteacht le Utopia Konstantin Wecker rinne sé tagairt d'abairt as Útóipe Morus, gur chun leasa lucht rachmais an Stáit. Spreag sé sin mé le fios a chur ar an leabhar, leagan Kindle as Béarla (níl Laidin diongbhála Morus agam, is fada ó gallia omnia in tres partes divisa est na meanteiste mé anois). Aistriúchán Burnet ó 1684 atá ann, agus Béarla beagán ársa da réir. Ach feileann sé sin do dioscúrsa léannta an leabhair, an taistealaí fillte ó i bhfad i gcéin, le scéalta faoi conas an Stáit a riar níos fearr le sampla ó thír aduain. 

Ar ndóigh, bhí Morus ina dhaonnachtaí agus ina Chaitliceach. Bhí taithí aige freisin ar an baol a bhain le cuir i gcoinne mianta rí - mar feisire óg i dteach na  dtuataí chuir sé i gcoinne mian an rí cáin a ghearradh mar spré dá iníon - ní mó ná sásta a bhí Anraí VII gur chuir "buachaill gan ulcha" a scéim ó rath. 

Mar sin, tá sé cúramach urraim a léiriú do Anraí VIII agus Bunreacht Shasana ar an ndromchla, agus an fogha a chuir ar bheola a reacaire. 

Thug an leabhar seo an focal Útóipe dúinn. Is meascán spéisiúil é. Comharseilbh, comhionannais go pointe, tarcaisne d'ór agus airgead. Ach níl cead taistil gan cead ó na ceannasaithe tofa. Saoirse creidimh, ach amhras faoi misinéireacht. Síocháin sa bhaile, ach cogaí le hamhais thar lear. Impiriúlachas de chineál. Moghsaine dóibh siúd a sháraíonn an dlí. 

Ní dóigh liom féin gur mhaith liom maireachtáil i réimeas docht Útóipe. 



Mhol an algartaim ag Amazon Atlantis Nua Bacon dom, úrscéal nár críochnaíodh. Sibhialtacht a choinníonn iad féin deighilte ón gcuid eile den gcine daonna. Ach go bhfuil Acadamh acu - Teach Sholamh - a sheolann spiairí amach chun fanacht ar an eolas faoi forbairt an chuid eile den gcine. Cineál teicleathas. 

Smaointe spéisiúla, ainneoin é bheith gan críochnú. 

Lón machnaimh san dá leabhar. Beirt éirimiúil. Agus beirt a raibh a gcuid deacrachtaí acu le húdaráis a linne! 

Tá Bacon suntasach de bharr a cheannródaíocht i bhforbairt an modh eolaíoch. Bhí an bheirt acu fréamhaithe go daingean ina gCríostaíocht, cé gur don Eaglais leasaithe a bhí Bacon dílis agus luí áirithe aige leis an piúratánachas. 

Ní dóigh liom go mbeadh diongbháilteacht ceachtar acu agam!