Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-24

Gleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair


Shroicheamar na Doirí Beaga agus neart ama againn roimh Aifreann a 11:00. Tá rud éigin ar leith faoi Aifreann a éisteacht as Gaeilge - go háirithe nuair atá sagart bhríomhar machnamhach fearacht Brian Ó Fearraigh á léamh!

Tar éis an Aifrinn chuamar go cé Mhachaire Gathlán, ag amharc amach ar Ghabhla agus timpeall ar an gceantar. Chuamar ag lorg greim lóin. Bhí Arán in aice le Teach Sheáin Óig plódaithe. Ach bhí spás i gcaifé Kitty ar an mBun Beag. Agus bia iontach blasta. Úr agus réitithe go maith. (Fainic, áfach - ní ghlacann siad ach le hairgead tirim. Ar ámharaí an tsaoil, bhí a leithéid againn. Ní bhíonn, go minic).

Thug mise aghaidh ar an Earagail mar sin, agus d'fhan mo chomrádaí ag léamh sa charr agus ag amharc ar Dhún Lúiche agus Gleann Neimhe. Thart ar dhá uair a thóg sé orm an sliabh a dhreapadh - bhí mar a bheadh tranglam tráchta siúlóirí ar an gcosán bhreá atá déanta ag meitheal áitiúil. Ar an ndrochuair tá cuid de scriosta ó shin ag clagarnach báistí agus fuarlach tobann san abhainn. Tá súil agam go mbeidh maoiniú ar fáil don meitheal go luath chun é a dheisiú - agus go deimhin maoiniú leanúnach chun é a chothabháil. Obair mhór déanta acu agus é chun leasa na timpeallachta an brú siúil a bheith ar chosán shoiléir seachas creimeadh a bheith ar bun go fairsing faoi chosa na ndaoine. 

Bhí béile curtha in áirithe againn Tigh Dannie Mhinnie um a seacht. Cúpla uair an chloig roimhe sin. Thiomáineamar go dtí Rann na Feirste agus amach go dtí an Carraig Fhinn chun lán ár súil a bhaint as an dtírdhreach. 

Agus ansin chaitheamar féasta Tigh Dannie Mhinnie. Bia den scoth, réitithe go paiteanta don tsúil agus don ngoile. An proinnteach cóirithe mar a bheadh i dtigh mór anallód. Freastal éifeachtach. Coirm na háite á ól againn. 

Níl sé saor, ach tá luach maith airgid ann!

Bhí orainn taisteal ar ais ansin. Bhí ceo ag titim ar an ndrochuair, mar sin cé go ndeachaigh muid thart le Cnoc Fola, ní bhfuair muid na radhairc. 

Turas lae den scoth.