Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label gaoth dobhair werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label gaoth dobhair werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-05-24

Gleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair


Shroicheamar na Doirí Beaga agus neart ama againn roimh Aifreann a 11:00. Tá rud éigin ar leith faoi Aifreann a éisteacht as Gaeilge - go háirithe nuair atá sagart bhríomhar machnamhach fearacht Brian Ó Fearraigh á léamh!

Tar éis an Aifrinn chuamar go cé Mhachaire Gathlán, ag amharc amach ar Ghabhla agus timpeall ar an gceantar. Chuamar ag lorg greim lóin. Bhí Arán in aice le Teach Sheáin Óig plódaithe. Ach bhí spás i gcaifé Kitty ar an mBun Beag. Agus bia iontach blasta. Úr agus réitithe go maith. (Fainic, áfach - ní ghlacann siad ach le hairgead tirim. Ar ámharaí an tsaoil, bhí a leithéid againn. Ní bhíonn, go minic).

Thug mise aghaidh ar an Earagail mar sin, agus d'fhan mo chomrádaí ag léamh sa charr agus ag amharc ar Dhún Lúiche agus Gleann Neimhe. Thart ar dhá uair a thóg sé orm an sliabh a dhreapadh - bhí mar a bheadh tranglam tráchta siúlóirí ar an gcosán bhreá atá déanta ag meitheal áitiúil. Ar an ndrochuair tá cuid de scriosta ó shin ag clagarnach báistí agus fuarlach tobann san abhainn. Tá súil agam go mbeidh maoiniú ar fáil don meitheal go luath chun é a dheisiú - agus go deimhin maoiniú leanúnach chun é a chothabháil. Obair mhór déanta acu agus é chun leasa na timpeallachta an brú siúil a bheith ar chosán shoiléir seachas creimeadh a bheith ar bun go fairsing faoi chosa na ndaoine. 

Bhí béile curtha in áirithe againn Tigh Dannie Mhinnie um a seacht. Cúpla uair an chloig roimhe sin. Thiomáineamar go dtí Rann na Feirste agus amach go dtí an Carraig Fhinn chun lán ár súil a bhaint as an dtírdhreach. 

Agus ansin chaitheamar féasta Tigh Dannie Mhinnie. Bia den scoth, réitithe go paiteanta don tsúil agus don ngoile. An proinnteach cóirithe mar a bheadh i dtigh mór anallód. Freastal éifeachtach. Coirm na háite á ól againn. 

Níl sé saor, ach tá luach maith airgid ann!

Bhí orainn taisteal ar ais ansin. Bhí ceo ag titim ar an ndrochuair, mar sin cé go ndeachaigh muid thart le Cnoc Fola, ní bhfuair muid na radhairc. 

Turas lae den scoth. 

2024-02-10

Ar ais go Gaoth Dobhair


Bhíomar ag Scoil Cheoil an gheimhridh arís idir dhá Nollaig. 
Bhí Freddie ag freastal ar ranganna fidile le Ciarán Ó Maonaigh. 
Ach neamhionann le anuraidh is beag siúl a rinne mé. Ba leor siúl chomh fada le Tí Hiúdaí Beag mar a bhíodh Fionn agus Freddie ag glacadh páirte sna seisiúin cheoil. 
Bhaineamar sult as ceolchoirm Bláth na hÓige, ach bhí gach rud eile díolta amach sular bhog mé le ticéid a lorg. 

Bhí léacht spéisiúil faoin píobaire mór Tarlach ac Suibhne. Go hiondúil ní rachainn chuig léacht, ach bhí seisiún píob le bheith ina dhiaidh agus Fionn chun seinm. Níorbh léacht dáiríre ab ea an léacht - is amhlaidh gur roinn Cathal Ó Cuirreáin agus duine de na deirfiúracha Friel a gcuid taighde. Luaigh siad an píobaire mór a bheith curtha in Úirchill Mhuire. Machaire Gathlán. 

Ar an lá deiridh go raibh deis agam é dhéanamh d'éirigh liom camchuairt na leithinse sin a dhéanamh. Bhuail mé isteach sa reilig chun paidir a chur le hanam an píobaire agus le hanamacha Rónán Mac Aodha Bhuí agus Nellie Mhic Giolla Bhríde, beirt a chuir an chomaoin orainn i gcúrsaí cultúir. 

Lean mé orm ar ais arís go bád Eddie. Agus ar ais go dtí an lóistín. Siúlóid éigin, ach.... 



2023-04-21

Rí na bhfidléirí


 B'é an chéad imeacht a d'fhreastail muid air (i ndiaidh béile blasta Tí Sheáin Óig) ag Scoil Geimhridh Ghaoth Dobhair ná ceolchoirm comórtha agus ceiliúrtha don fidléir ó na Gleannta, Jimmy Campbell. Idir míreanna físe ó cláracha teilifíse roinn fidléirí eile cuimhní cinn air agus poirt a fuair siad uaidh. Bhí idir óg agus aosta i measc na gceoltóirí céanna (agus idir Béarla agus Gaeilge á labhairt acu). Bhí a mhac féin ina measc, a rugadh agus a tógadh i Sasana, ach a fuair an cheol mar oidhreacht cibé. Ba Tunnel Tiger é lena linn, agus bhí míreanna as clár faoi damba in Albain a raibh lámh aige ina thógáil ann chun cuid dá bheathaisnéis a thabhairt; agus neart eile le foghlaim ó chomrádaithe agus daltaí ceoil dá chuid. 

Bhain mé an taitneamh as an t-iomlán, agus ag deireadh ar fad sheinn scata mór fidléirí poirt tríd an bogha a fháisceadh idir a nglúinte agus an fidil a bhogadh suas síos air. Cleas a níodh sé féin go minic is cosúil.

B'é Ciarán Ó Maonaigh fear an tí ag "Ceol na gConallach" agus bhí slua mór ceoltóirí páirteach. 

Cúis dóchais é gur féidir amharclann Ghaoth Dobhair a líonadh le daoine agus le ceol i gcuimhne a leithéidí - cé go bhfuil sé ar shlí na fírinne, tá a oidhreacht ceoil beo agus sínfear ar aghaidh arís é. 


Suaimhneas i measc oirfidigh Gaeil go raibh aige. 

2023-04-18

Earagail


Bhíomar ag freastal ar Scoil Geimhridh Gaoth Dobhair idir dhá Nollaig. Rinne mé roinnt siúil agus mé ann. Lá Chinn Bhliana dhreap mo mhac, cara leis agus mé féin Earagail. Thug mo nuachar muid go bun an chnoic.

Bhí an Earagail dreaptha agam cheana, agus b'é mo chuimhne go raibh tús na siúlóide fliuch, tríd an mbogach. Ach le blianta beaga anuas tá dream áitiúil ag saothrú ar mhaithe le siúlóirí agus ar mhaithe le creimeadh talún a sheachaint. 

Tá cosán den scoth tógtha acu, nach mór an bealach ar fad go barr na sléibhe. Gaineamh agus gairbhéal dlúite. San áit a bhfuil an fána níos géire, tá céimeanna. Tá bealaí fágtha san cosán don uisce sileadh go nádúrtha - tábhachtach chun creimeadh talún agus cosáin a sheachaint. Tá snas ar an obair. 

Siúlóid pléisiúrtha a bhí ann, agus neart daoine eile air an lá úd. Bhí an aimsir go maith agus bhí páistí óga fiú ann. (Cuid acu ag gol de dheasca na fuachta, ní mór a rá!) 

Is deacair a cheart a thabhairt d'áilleacht na radharcanna ón mbarr. Tá an sliabh níos airde ná na cinn gar do, agus scoite amach uatha freisin. Fágann sin go bhfuil léargas iontach i ngach treo le fáil uaidh. Locha agus bogaigh agus clocha is mó atá le feiceáil, ar ndóigh! Agus an teiscinn mhór! 

Bhí ana lá againn ar an gcnoc. 





2021-06-20

Cáitheadh na dTonn


Luadh an saothar seo le Muirghen (Pádraig Ó Gallchobhair) agus saothar nua fhoilsithe lena iníon Nuala á phlé ar an gCúinne Dána. Chuir mé fios ar ón leabharlann. Athchló ar shaothar a foilsíodh i dtosach sna tríochaidí. Tá sé greanta ar a meirge ag Éabhlóid a cheart a thabhairt do chanúint Gaoth Dobhair, agus tá an saothar seo eiseamláireach ón taobh sin de. Cé go bhfuil an litriú tugtha suas chun dáta, tá an nathaíocht agus na leaganacha fós créúil dúchasach. Ach ní ar mhaithe leis an dea ghaeilic amháin is fiú an leabhar seo - ina bhfuil ceithre saothair - a léamh. Tá an insint láidir, agus léargas den scoth ann ar saol agus creideamh agus piseoga na ndaoine ag tús an fichiú céad.

Úrscéal is ea Caoineadh an Choimhthígh ina dtugtar an-léargas ar saol crua ógánach a thiomáineann ar imirce é d'fhonn saol níos fearr a bhaint amach - ach a thuigeann luath go leor nach bhfuil sráideanna Nua Eabhrac pábháilte le hór agus go bhfuil cruatan i ndán do thall freisin. Bhraith mé gur laige - cineál Deus ex machina - críoch an scéil, go raibh teagasc in intinn an údair chur ina luí ar a lucht léite. Ach ar an mórgóir is úrscéilín láidir atá ann, agus stair shóisialta le cois.

Ciogal scéalta sí - mealladh daoine ina measc - atá i gceist le Draíocht na Mara agus athinsint ealaíonta ar scéal an Murúch mar chéile atá i Céile Sheáin Mhóir. Leaganacha fuinte ealaíonta a chlúdaíonn gach gné den creideamh sna sí agus a dtionchar ar bheatha agus bás na ndaoine, agus cad atá le déanamh le teacht slán orthu.

Tugann an dráma Lorg an Phoitín léargas den scoth ar an díobháil a rinne ródhúil ann agus saint lucht a dhéanta do phobail tuaithe - ach arís mheas mé go raibh an teagasc a bhí uaidh a thabhairt ina ord ag an údar agus é ag buaileadh tréan iarracht i ndiaidh tréan iarracht ar a lucht léite. B'fhéidir go raibh a leithéid de dhíth ag an am, ach sílim go bhfuil an teagasc sa bhealach ar an ealaín.

Ach fiú nuair a mheas mé an insint a bheith thíos leis an teagasc, bhí na cainteanna i gcónaí úr cruinn saibhir.

Is snasta an saothar atá ann, agus Éabhlóid le moladh as é chuir ar fáil arís.

Údar : Muirghein (Pádraig Ó Gallchobhair)
ISBN: 9780995611900 (Clúdach bog)
ISBN: 9780995611931 (Clúdach crua)

 

2012-07-18

Drithleoga dóchais?

Le tamall anuas bhí mé ag cluinstin rianta ón CD seo ar Raidió na Gaeltachta. Thaitin siad go mór liom agus bheartaigh mé iarracht a dhéanamh an CD a fháil. Níorbh léir conas, ach le cuidiú Hannah Rua a bhfuil ríomhaithne agam uirthi tríd Twitter, fuair mé cóip. Tá sé ar fáil sna siopa thart fá Ghaoth Dobhair, ach níl fhios agam conas teacht ar seachas sin - agus is mór an trua sin, mar tá sé thar barr!
Dhá CD atá i gceist - "Na Drithleoga Ceoil" le amhráin agus píosaí ceoil, agus "Na Drithleoga Cainte" - filíocht, reacaireacht agus trí chlár raidió den scoth. Is léir go bhfuil an ithir as ar fás macasamhail Clannad, Enya agus Altan fós torthúil! Coinnígí súil agus cluas amach do Emma Ní Fhíoruisce atá i measc na réalta ar an CD ceoil.
Meascán de amhrán nua aimseartha (uilig, faraor, aistrithe ón mBéarla, fiú ceann a scríobh daltaí de chuid na scoile iad féin) agus traidisiúnta, agus cúpla giota ceoil uirlise atá ar an CD.
Tá meascán deas reacaireachta ar an CD eile, filíocht nua agus sean, greannmhar agus brónach, agus trí chlár raidió thar a bheith gairmiúla, le meascán de ceoil, giotaí cainte stairiúla agus insint. Ceann ar Ghaoth Dobhair, ceann ar Rann na Feirste agus ceann faoin scríbhneoir Máire (Séamas Ó Grianna).
Sa bhreis ar sin tá leabhrán deá dheartha lán d'eolas - focail na n-amhráin, beathaisnéis na n-oirfideach agus araile ann, maisithe le saothar ealaíona na ndaltaí. Tá an leabhrán seo ar fáil i formáid mór chomh maith le mar mion-leabhráin ar aon mhéid leis an clúdach CD.
Tríd is tríd, saothar den scoth. Is léir an tionchar dearfach atá ag RnaG go háitiúil agus ansin dar ndóigh tá an comórtas reacaireachta "An Béal Binn" (tá's agam é bheith ann de bharr tuairiscí ar RnaG - níor chaith mé mórán ama i dTír Chonaill agus ní cuimhin liom riamh bheith i nGaoth Dobhair - is mithid sinn a athrú!)

An t-aon chúis imní dom na ainmneacha na n-oirfideach - Emma, Majella, Michelle ... an bhfuil tuar ansin?