Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Scoil gheimhridh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Scoil gheimhridh werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-21

Rí na bhfidléirí


 B'é an chéad imeacht a d'fhreastail muid air (i ndiaidh béile blasta Tí Sheáin Óig) ag Scoil Geimhridh Ghaoth Dobhair ná ceolchoirm comórtha agus ceiliúrtha don fidléir ó na Gleannta, Jimmy Campbell. Idir míreanna físe ó cláracha teilifíse roinn fidléirí eile cuimhní cinn air agus poirt a fuair siad uaidh. Bhí idir óg agus aosta i measc na gceoltóirí céanna (agus idir Béarla agus Gaeilge á labhairt acu). Bhí a mhac féin ina measc, a rugadh agus a tógadh i Sasana, ach a fuair an cheol mar oidhreacht cibé. Ba Tunnel Tiger é lena linn, agus bhí míreanna as clár faoi damba in Albain a raibh lámh aige ina thógáil ann chun cuid dá bheathaisnéis a thabhairt; agus neart eile le foghlaim ó chomrádaithe agus daltaí ceoil dá chuid. 

Bhain mé an taitneamh as an t-iomlán, agus ag deireadh ar fad sheinn scata mór fidléirí poirt tríd an bogha a fháisceadh idir a nglúinte agus an fidil a bhogadh suas síos air. Cleas a níodh sé féin go minic is cosúil.

B'é Ciarán Ó Maonaigh fear an tí ag "Ceol na gConallach" agus bhí slua mór ceoltóirí páirteach. 

Cúis dóchais é gur féidir amharclann Ghaoth Dobhair a líonadh le daoine agus le ceol i gcuimhne a leithéidí - cé go bhfuil sé ar shlí na fírinne, tá a oidhreacht ceoil beo agus sínfear ar aghaidh arís é. 


Suaimhneas i measc oirfidigh Gaeil go raibh aige. 

2023-04-18

Earagail


Bhíomar ag freastal ar Scoil Geimhridh Gaoth Dobhair idir dhá Nollaig. Rinne mé roinnt siúil agus mé ann. Lá Chinn Bhliana dhreap mo mhac, cara leis agus mé féin Earagail. Thug mo nuachar muid go bun an chnoic.

Bhí an Earagail dreaptha agam cheana, agus b'é mo chuimhne go raibh tús na siúlóide fliuch, tríd an mbogach. Ach le blianta beaga anuas tá dream áitiúil ag saothrú ar mhaithe le siúlóirí agus ar mhaithe le creimeadh talún a sheachaint. 

Tá cosán den scoth tógtha acu, nach mór an bealach ar fad go barr na sléibhe. Gaineamh agus gairbhéal dlúite. San áit a bhfuil an fána níos géire, tá céimeanna. Tá bealaí fágtha san cosán don uisce sileadh go nádúrtha - tábhachtach chun creimeadh talún agus cosáin a sheachaint. Tá snas ar an obair. 

Siúlóid pléisiúrtha a bhí ann, agus neart daoine eile air an lá úd. Bhí an aimsir go maith agus bhí páistí óga fiú ann. (Cuid acu ag gol de dheasca na fuachta, ní mór a rá!) 

Is deacair a cheart a thabhairt d'áilleacht na radharcanna ón mbarr. Tá an sliabh níos airde ná na cinn gar do, agus scoite amach uatha freisin. Fágann sin go bhfuil léargas iontach i ngach treo le fáil uaidh. Locha agus bogaigh agus clocha is mó atá le feiceáil, ar ndóigh! Agus an teiscinn mhór! 

Bhí ana lá againn ar an gcnoc.