Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-13

Leac na Cumhaidhe


Bhí sé i gceist againn an Domhnach a chaitheamh i nGaoth Dobhair. Theastaigh uaim a bheith ag Aifreann 11:00 sna Doirí Beaga, mar sin d'fhág muid Doire Mheathán luath go maith. Níos luaithe ná mar ba ghá, go deimhin. D'fhág sin go raibh muid á ghlacadh go réidh ar an mbóthar. Nuair a chonaiceamar fógra d'áit bhreith Cholm Cille, cúpla km ar leataoibh ón mbóthar, bheartaigh muid súil a chaitheamh air.

Bóthar cúng crochta go maith a chuaigh chomh fada le carrchlós beag. Siúlóid thart ar céad méadar ansin go dtí an ionad féin. 

Ní cuimhin liom go baileach an scéal, cén fáth gur ar leac a thug Eithne a mac ar an saol. Tá an leac fós ann. Is cosúil go raibh sé de nós ag imirceoirí a n-oíche deiridh in Éirinn a chaitheamh ina luí air, agus as sin an ainm Leac na Cumhaidhe. 

Fil súil n-glais
fégbas Éirinn dar a h-ais;
noco n-aceba íarmo-thá
firu Érenn nách a mná.

Tá Cros mór de dhéantús na fichiú aoise san ionad freisin. Tá radharc aoibhinn ón áit freisin, agus suaimhneas. 

Gar don láthair a bhí an tréidín seo de eallach na garbhchríocha, lena nglibeanna fíor Ghaelacha.