Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-05-09

Cuimhnigh ar Dhoire!


Ag an deireadh seachtaine thug mé cuairt ar chomhghleacaí le mo nuachar. Tá costas cíosa tar éis é a dhíbirt chomh fada le hInis Eoghain. Bhain timpiste dó agus ní féidir leis staighrí a dhreapadh ró mhaith. D'aimsigh sé tigín ar chostas réasúnta ar an Doire Mheathán, áit a bhfuil ionad ag dream creidimh. Bhí roinnt tithe saoire acu ar a dtailte, ach tá siad sin anois ligthe ar thréimhsí fada. 

Tá Doire Mheathán buailte ar an dteorann, agus Cathair Dhoire deich nóiméad gluaisteáin ar siúl, anois agus an teorainn oscailte. 

Ba go Doire a chuaigh mé dá réir. Ar bhus X4 ó bhusáras, um a seacht maidin Sathairn. Bhí an oíche roimh ré caite agam tí m'athair. 

Cé go ndeachaigh mé trí Dhoire cúpla uair cheana, ní raibh aon am caite agam ann. Thapaigh mé an deis, tar éis do Sven mo mhála droma a ghlacadh uaim dul ag fánaíocht thart. Na ballaí i dtosach. 
Is cuid de mhiotas bunaidh "Ná géill" dílseoirí an tuaiscirt léigear teipthe Dhoire i gCogadh an dá Rí. Meabhrú buan ar sin na ballaí, ar féidir timpeall lár an bhaile a dhéanamh orthu fós. Tá athchóiriú déanta ar na geataí chun gur féidir le trácht comhaimseartha dul tríd - rud a fhágann an siúlóid géar go maith in áiteanna. 
Chomh maith leis na ballaí féin, tá roinnt foirgneamh stairiúla a thug mé suntas dóibh. 
Céad scoil Dhoire atá anois ina ionad ealaíona. Níl mé cinnte an raibh na hinscríbhinn i gcónaí ann, nó a mbaineann siad leis an ionad ealaíona. 

Glacaim leis go raibh an Tor ar lasadh, suaitheantas eaglais Preispitéireach na hÉireann ann ó thús. 

Ach is spéisiúil an nath triarach 
MAKER
MAKAR
Ο ΠΟΙΗΤΗΣ

File mar dhéantóir. 
Rinne mé timpeall an bhaile ar an mballa agus thug aghaidh ar Thaobh an Bhogaigh ansin. Ó tharla gur thosaigh mé mo thimpeall ag Ard eaglais Eaglais na hÉireann bhí an balla le trasnú agam. Mheall geata isteach mé i ngairdín ealaíne beag ciúin. 
Bhain mé amach Cearnóg Dhoire shaoir. 
Thug mé suntas don ealaíon. Go háirithe do leagan Robert Ballagh de phictiúir Goya. (Bhí leagan déanta de phíosaí adhmaid ag mo mhamó). 
Is cloch mhíle léanmhar i stair na hÉireann Domhnach na Fola. Thug mé cuairt ar Iarsmalann Dhoire shaoir. Bhí sé tochtmhar na rudaí nithiúla a bhain leis an stair a bhí ar eolas agam a fheiceáil. 

Ciarsúr Edward Daly. Casóga réabtha ag piléir. Fógraí agus forógraí. 

Tá súil agam go bhfuil a leithéid sa stair. Go mbeidh rath ar an athmhuintearas.