Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-17

Tairseach

Tamall siar chuala mé Dairena Ní Chinnéide ag plé an cnuasaigh seo le Helen Ní Shé ar an Saol ó Dheas. Tá roinnt leabhair le Dairena léite agam, agus í feicthe agam ag rá a cuid dánta. Bean láidir neamhspleách, atá sách láidir nach bhfuil deacracht aici laige a léiriú! Dánta daonna. Ar éigin go raibh an clár thart nó go raibh an leabhar ceannaithe agam ó Éabhlóid  agus ticéad curtha in áirithe agam don seoladh (ar líne). 

Tháinig an leabhar laistigh de chúpla lá - i bpáipéar burlála iontach cuanna le ribín dubh thart air. Nuair a amharc mé níos géire chonaic mé gurb iad na léaráidí beaga le Kim Sharkey atá ar an bpáipéar burlála. Tá na léaraidí beaga dubha agus bána seo scaipthe tríd an leabhair, mar a bheadh nótaí imill, ag trácht ar na dánta gan a bheith ag tarraingt air uathu. Tá dearadh an leabhar iontach cuanna - é beagán níos lú i bhfad agus leithead ná gnáthleabhar, clúdach deannaigh agus clúdach crua cuanna faoi. Cló deas, cé gur mhothaigh mé féin le mo shúile millte ag ríomhaireacht na blianta go bhfeadfadh an cló a bheith pas beag níos mó!

Is díolaim shaibhir atá sa leabhar, le roinnt rannóga ann ag plé le réimsí éagsúla saoil - bás máthair na file agus an cumha a d'eascair as sin, dánta grá collaí, dánta caidrimh de chineáil eile, comhluadar agus comhghuaillíocht le mná, agus le fir. Rannóg cumhachtach fáiscthe as an paindéim agus an clutharú - agus na fréamhacha doimhne atá aici in Iarthar Dhuibhneach agus sa phobal.

Tá na dánta iontach saibhir, agus léigh mé an cnuasach go mall. Bhí sciar nár thuig mé - ach fillfidh mé orthu. Bhí go leor a las solas ionam, go háirithe nuair a theagmhaigh siad le mo thaithí féin nó le háit nó ócáid go raibh eolas agam air. Is dóigh liom go mbeidh mé ag filleadh ar an gcnuasach seo arís is arís, ag roghnú dánta a labhraíonn liom de réir mo mheoin agus taithí ag an am. Compánach de leabhar. Fiú na dánta a bhaineann leis an tréimhse eatramhach paindéime seo, tá gnéithe uilíoch iontu.

Máirín Nic Eoin a scríobh an réamhrá don leabhar, agus is í freisin a chuir agallamh ar Dairena ag an seoladh ar líne a reáchtáil Féile Litríochta an Daingin. Lena heolas leathan, léirigh ceisteanna Máirín agus freagraí Dairena - agus an rogha dánta a d'iarr Máirín ar Dairena a léamh - go leor dom nach mbeadh feicthe agam féin.

Maraon leis sin ag an seoladh bhí roinnt de na dánta curtha le ceol agus físeán - tá teacht orthu sin ar Youtube Éabhlóid.


Cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide
Clúdach crua. 152 lch.
Éabhlóid