Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-18

Dubhfhocail Lonracha Celia

 
Tá sé de nós agam, nuair a spreagann údar mo spéis, dul sa tóir ar saothair eile dá gcuid. Cé go raibh mé ag streachailt le Faoi Chabáistí is Ríonacha, táim fós fiosrach faoi saothair Celia de Fréine, agus seo an ceann is déanaí léite agam, faighte ón leabharlann. 

Filíocht, i dtrí rannóg. Is léir go bhfuil Celia ní hamháin siúlach, ach fiosrach - go mbíonn sí ag cuir spéis sa chultúir agus ní hamháin san tírdhreach agus í thar lear. Agus go nascann a samhlaíocht an áitiúil leis an uilíoch; an pearsanta leis an pobal.

Dán fada, i bhfoirm tomhais is ea an teideal dán Cuir amach seo dom. Spreagtha ag turlach cáiliúil sa tSlóivéin - Cerkniško jezero - atá lonnaithe i gceantar karst lán pluaiseanna. Loch a bhíonn lán éisc agus é ann; agus a bhíonn in thalamh féarach amanta eile. Tugann an dúlra faill do Celia go leor smaointe a chíoradh agus a phlé - tá saibhreas meafair le baint as uisce ag teacht agus ag imeacht go diamhair, timthriall na beatha, tuilleadh agus trá. Foirm ársa is ea an tomhais, agus is cosúil go bhfuil sé ina dhlúthchuid freisin den litríocht Slóivéanach. 

Ní raibh an t-eolas seo agam roimh ré (níor léigh mé na nótaí ag deireadh an leabhair!)- ná go deimhin foinsí na dánta eile sa chnuasach. Seasann an fhilíocht as féin, áfach, cé gur spreag sé mé le dul ar thóir an tinfeadh, rud a chuir leis an taitneamh ag meabhrú siar ar na dánta. 

Tréimhse i bPáras, agus saothar ealaíne ó na meánaoiseanna, sraith taipéis, atá i gceist leis an sraith dánta An Bhean Uasal is an tAonadharcach. Is mar leamhan a thugann sí muid ó taipéis go taipeis, ag díriú isteach ar mionshonraí. An tuiscint coiteann ar an sraith seo, atá le fail sa Musée Cluny, ná go bhfuil ceadfá ar leith i ngach ceann acu. « À mon seul désir » is teideal don séú taipéis - scóip ansin do go leor tuairimí! Arís fíonn Celia smaointe dá cuid féin tríd bréidín íomhánna na dtaipéis. 

Tá an trí rannóg Monsanto fáiscthe as tírdhreach, cathairdhreach, stair agus fínscéalta an chathair den ainm céanna sa Phortangéil. Tréimhse a chaith sí ann, agus na heachtraí a bhain di is na radharcanna a chonaic sí mar amhábhar do sraith dánta.

Tá an leabhar dhá-theangach, féin-aistrithe, ach níor amharc mé in aon chorr ar na dánta Béarla seachas nuair a bhí leagan éigin sa Ghaeilge dorcha ar fad dom. 

Thaithin na dánta seo liom, cé go bhfuil a sáith mistéir ag baint leo. Thar rud ar bith eile spreag siad mé le m'fhiosracht faoina dtinfeadh a shásamh - agus thug lón machnaimh ar bhealaí eile dom. Is aoibhinn liom an oscailteacht seo do chultúir eile, idir ársa agus comhaimseartha, agus an dóigh a fhíonn sí a taithí féin agus an tinfeadh seo trína chéile chun samhail úra spleodracha a chruthú.



Celia de Fréine
Arlen House
ISBN: 9781851320974 crua
ISBN: 9781851320981 bog