Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Máirín Nic Eoin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Máirín Nic Eoin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-11-18

Crothla agus Cnámha


Murach alt le Máirín Nic Eoin An prós cruthaitheach agus an éicichritic san eagrán speisialta aeráide de Comhar, ní bheadh fhios agam go raibh an t-úrscéal seo scríofa ag Torlach Mac Con Midhe. Tá a  chuid aistí léite agam, agus lón machnaimh bainte astu.

Tá an machnamh sin mar bhunús leis an úrscéal seo. Lonnaithe sna sléibhte, in aimsir na Clochaoise. Fear feasa an reacaire, fágtha ina aonar áfach mar go bhfuil an chuid eile den treibh tar éis teitheadh ó dheas de dheasca go bhfuil an geimhreadh ag leanacht ar aghaidh ar feadh na blianta. 

Tugann an reacaire síor ar bhóithre na smaointe muid, é ag machnamh ar a shaol, ar an seanchas a d'fhoghlaim sé óna mháistir, ar turas a thóg siad chun dul i gcomhairle le mná feasa miotasacha. 

Tá an teanga agus an tseanchas fite fuaite tríd an insint. Bíonn an fear feasa ag cíoradh agus ag machnamh ar an méid atá feicthe aige agus foghlamtha aige, ag scagadh agus ag cíoradh de réir mar a chuireann sé lena thaithí. 

Tá an insint réalaíoch don gcuid is mó, ach tá gnéithe osnádúrtha - nó b'fhéidir gur i samhlaíocht an reacaire atá siad.

Tá tionchar ann - mar atá rianaithe ag Mac Con Midhe i suíomh atá curtha ar fáil aige mar thaca leis an leabhar - ag seanchas na nGael, na Gréagaigh, bundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh agus an Astráil, agus go háirithe ag pobal labhartha na Rómainise, a bhfuil cónaí ar Torlach ina measc, ar an insint. An uilíoch san rud áitiúil, tionchar an dúlra ar an duine.

In am ina bhfuil an dúlra ag athrú - mar gheall ar an duine agus an coimhthíos idir duine agus dúlra, tá na smaointe a phléitear agus a spreagtar tráthúil. 

Tá sonraí faoin leabhar agus breis eolais le fáil tríd an suíomh https://crothla7cnamha.wordpress.com/

(Ón leabharlann a fuair mise é!) 

2021-06-17

Tairseach

Tamall siar chuala mé Dairena Ní Chinnéide ag plé an cnuasaigh seo le Helen Ní Shé ar an Saol ó Dheas. Tá roinnt leabhair le Dairena léite agam, agus í feicthe agam ag rá a cuid dánta. Bean láidir neamhspleách, atá sách láidir nach bhfuil deacracht aici laige a léiriú! Dánta daonna. Ar éigin go raibh an clár thart nó go raibh an leabhar ceannaithe agam ó Éabhlóid  agus ticéad curtha in áirithe agam don seoladh (ar líne). 

Tháinig an leabhar laistigh de chúpla lá - i bpáipéar burlála iontach cuanna le ribín dubh thart air. Nuair a amharc mé níos géire chonaic mé gurb iad na léaráidí beaga le Kim Sharkey atá ar an bpáipéar burlála. Tá na léaraidí beaga dubha agus bána seo scaipthe tríd an leabhair, mar a bheadh nótaí imill, ag trácht ar na dánta gan a bheith ag tarraingt air uathu. Tá dearadh an leabhar iontach cuanna - é beagán níos lú i bhfad agus leithead ná gnáthleabhar, clúdach deannaigh agus clúdach crua cuanna faoi. Cló deas, cé gur mhothaigh mé féin le mo shúile millte ag ríomhaireacht na blianta go bhfeadfadh an cló a bheith pas beag níos mó!

Is díolaim shaibhir atá sa leabhar, le roinnt rannóga ann ag plé le réimsí éagsúla saoil - bás máthair na file agus an cumha a d'eascair as sin, dánta grá collaí, dánta caidrimh de chineáil eile, comhluadar agus comhghuaillíocht le mná, agus le fir. Rannóg cumhachtach fáiscthe as an paindéim agus an clutharú - agus na fréamhacha doimhne atá aici in Iarthar Dhuibhneach agus sa phobal.

Tá na dánta iontach saibhir, agus léigh mé an cnuasach go mall. Bhí sciar nár thuig mé - ach fillfidh mé orthu. Bhí go leor a las solas ionam, go háirithe nuair a theagmhaigh siad le mo thaithí féin nó le háit nó ócáid go raibh eolas agam air. Is dóigh liom go mbeidh mé ag filleadh ar an gcnuasach seo arís is arís, ag roghnú dánta a labhraíonn liom de réir mo mheoin agus taithí ag an am. Compánach de leabhar. Fiú na dánta a bhaineann leis an tréimhse eatramhach paindéime seo, tá gnéithe uilíoch iontu.

Máirín Nic Eoin a scríobh an réamhrá don leabhar, agus is í freisin a chuir agallamh ar Dairena ag an seoladh ar líne a reáchtáil Féile Litríochta an Daingin. Lena heolas leathan, léirigh ceisteanna Máirín agus freagraí Dairena - agus an rogha dánta a d'iarr Máirín ar Dairena a léamh - go leor dom nach mbeadh feicthe agam féin.

Maraon leis sin ag an seoladh bhí roinnt de na dánta curtha le ceol agus físeán - tá teacht orthu sin ar Youtube Éabhlóid.


Cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide
Clúdach crua. 152 lch.
Éabhlóid

2018-04-24

Aois na hÓige

Cé go bhfuil suim áirithe agam i litríocht na Gaeilge, ní scoláire mé agus mar sin ní minic go roghnaím téacs scolártha le léamh dom féin. Murach gur sheol Cló Iar Chonnacht cóip den leabhair seo chugham caolseans go mbeadh sé léite agam. Sleachta ó líon mór saothair próis a phléann le taithí leanaí in Éirinn atá ann maille comhthéacs agus scrúdú ag an mbeirt saineolaí a roghnaigh. Bhí cuid de na saothair - Fiche Bliain ag fás, abair- léite agam. Cuid eile nach bhfuil (fós).
Sleachta a chuir mé spéis ar leith iontu ná dréachta a bailíodh ó cailíní scoile, cuir síos lom ar an tsaoil.
Leabhar luachmhar sa mhéid is go dtugtar noda ar conas teacht ar stair sóisialta na hóige in Éirinn sa litríocht Gaeilge. Luachmhar freisin le blaiseadh a thabhairt ar réimse leathan saothair agus tréimhsí.
Aois na hÓige: Díolaim Próis
Aisling Ní Dhonnchadha & Máirín Nic Eoin
Cló Iar-Chonnacht

2017-10-19

Léacht Uí Chadhain

Ar chrann an sár scoláire Máirín Nic Eoin a thit sé léacht Uí Chadhain a thabhairt i UCD anocht. Ní acadúlaí mé, ach fuair mé tairbhe as an tour de force de léacht a thug sí. Suirbhé chuimsitheach ar an taighde agus critic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, na slata tomhais éagsúla a baineadh feidhm astu, na comparáidí agus tuiscintí. Spreagadh freisin (domsa ach go háirithe) dul i ngleic leis na bunsaothair arís. Léirigh sé na hiomairí criticí a bhfuil treabhadh fós le déanamh orthu, agus shamhlóinn go bhfuil scoláirí óga spreagtha aici le tabhairt faoi na hiomairí céanna.
Luaigh sí an borradh i spéis sa gCadhnach ón mbliain  cuimhneacháin i 2006,ach freisin tionchar na haistriúcháin Béarla de Cré na Cille, a réitigh an bealach d'fhoilsiú aistriúcháin eile - Gearmáinis, Ísiltíris agus Seicis. (Más buan mo chuimhne bhí aistriúchán Danmhairgis ann breis is scór bliain ó shin. Tá roinnt scéalta aistrithe freisin go Gearmáinis, An Eochair ina measc)

Luaigh sí tuiscintí an Chadhnaigh féin ar a shaothar a nocht sé i léachtanna, litreacha agus nótaí - tuiscintí atá fós le scagadh agus iniúchadh de bharr nach bhfuil an t-ábhar foilsithe.

Rinne RTÉ RnaG taifeadadh ar an léacht, mar sin beidh sé ar fáil do níos mó ná an slua (maith ainneoin na doininne) a bhí i láthair.

Táim cinnte go raibh comharbaí a diongbhála sa lucht éisteachta. Go raibh barr fairsing ar na síolta a chuir sí!