2019-03-05
D'imigh sin is tháinig seo
2017-10-19
Léacht Uí Chadhain
Ar chrann an sár scoláire Máirín Nic Eoin a thit sé léacht Uí Chadhain a thabhairt i UCD anocht. Ní acadúlaí mé, ach fuair mé tairbhe as an tour de force de léacht a thug sí. Suirbhé chuimsitheach ar an taighde agus critic ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, na slata tomhais éagsúla a baineadh feidhm astu, na comparáidí agus tuiscintí. Spreagadh freisin (domsa ach go háirithe) dul i ngleic leis na bunsaothair arís. Léirigh sé na hiomairí criticí a bhfuil treabhadh fós le déanamh orthu, agus shamhlóinn go bhfuil scoláirí óga spreagtha aici le tabhairt faoi na hiomairí céanna.
Luaigh sí an borradh i spéis sa gCadhnach ón mbliain cuimhneacháin i 2006,ach freisin tionchar na haistriúcháin Béarla de Cré na Cille, a réitigh an bealach d'fhoilsiú aistriúcháin eile - Gearmáinis, Ísiltíris agus Seicis. (Más buan mo chuimhne bhí aistriúchán Danmhairgis ann breis is scór bliain ó shin. Tá roinnt scéalta aistrithe freisin go Gearmáinis, An Eochair ina measc)
Luaigh sí tuiscintí an Chadhnaigh féin ar a shaothar a nocht sé i léachtanna, litreacha agus nótaí - tuiscintí atá fós le scagadh agus iniúchadh de bharr nach bhfuil an t-ábhar foilsithe.
Rinne RTÉ RnaG taifeadadh ar an léacht, mar sin beidh sé ar fáil do níos mó ná an slua (maith ainneoin na doininne) a bhí i láthair.
Táim cinnte go raibh comharbaí a diongbhála sa lucht éisteachta. Go raibh barr fairsing ar na síolta a chuir sí!
2011-03-04
Dealbh Cadhnach
2007-12-28
Athchuairt ar Chré na Cille
Blaiseadh den úrscéal seachas leagan de atá ann - ach thaitin sé go mór liom.
Bhí an scéal cúngaithe isteach ar dhá snáth - scéal na báirsí Caitríona Pháidín (an príomhscéal san leabhar chomh maith) agus an síor formad agus sáraíocht lena deirfiúr Neill, agus mar scéal tánaisteach, éad an Mháistir Mhór faoina bhean a bheith pósta arís.
Cheap mé gur oibrigh na gnéithe os cionn na talún go maith (chonaic mé léirmheasanna á cháin iad)
Agus d'éirigh leo deireadh maith a chuir leis an scéal - rud atá deacair go maith mar nach bhfuil aon críoch san leabhar - d'fhéadfadh an sáraíocht faoi chré leanacht ar aghaidh go deo.
Seo Hades na Gréagaigh ina steille bháis! éad, formad, spiteanna feamainne, drochmheas, agus, i gcead do Nóra na gCosa Lofa, gan amharc ar chultúr.
Scannán breá eile i nGaeilge. Ach ceann duairc arís. Cé chuirfeas greann na Gaeilge ar scannán dúinn?