Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-03-05

D'imigh sin is tháinig seo

Comhrá ar Twitter le Ciarán Dunbar ba chúis liom fios a chuir ar chuimhní cinn Shéamuis Mhic Sheáin "D'imigh sin is tháinig seo". Scéal fir den aicme oibre a tháinig faoi anáil gluaiseacht na Gaeilge i mBéal Feirste agus a d'fhás isteach ann sa chaoi gur ceannródaí agus bunchloch anois é.
Agus ní do chúrsaí cultúir is teanga amháin a bhí a ghníomhaíocht teoranta.
An mana Ná habair é, déan é a thóg Gaeltacht Bhóthar Seoighe curtha i bhfeidhm chun Bóthar Bombay a atógáil nuair a bhí an comhairle ag tarraingt na gcos tar éis coirloisceadh drong dílseoirí daoine a chuir as a dtithe.
Agus iarrachtaí gnó a chuir ar bun chomh maith le fiontair teangan fearacht scoileanna.
Dá mbeadh síocháin i réim agus rialtais fabhrach fós is éachtaí a bheadh sa mhéid a bhain Séamus agus a comrádaithe mná is fear amach.
Ach i gcomhthéacs go raibh an rialtas naimhdeach agus gur mhothaigh sé an gá oiliúint agus seilbh gunna a fháil chun a theaghlach a chosaint, agus gur lámhachadh é féin ainneoin é bheith glan ó pholaitíocht páirtí - ní áibhéil an focal laochas a lua leis is lena chomhluadar.
Tá eolas iontach sna cuimhní cinn seo, ina measc faoina ghaol leis an gCadhnach agus Misneach na seascaidí.
Tá ceacht ann freisin sa mhéid is go raibh nasc agus bá leis an nGaeltacht traidisiúnta i gcónaí ann (cé nach raibh a dtacaíocht mar Ghaeil uirbeacha i gcónaí praiticiúil).
Mothaím go bhfuil sé ar uairibh ró charanthach nó discréideach faoi na hargóintí fán mbealach. Seans áfach  gur ar staraí seachas ar fear scríofa cuimhní cinn a thiteann sé léargas fuarchúiseach a thabhairt ar sin.
Mhothaigh mé freisin go ndéanfadh beagán eagarthóireacht liteartha leas an leabhair. Tá roinnt scaoilteacht agus athrá san insint.
Cáipéis tábhachtach staire atá ann áfach agus saibhreas grianghraif ag dul leis.
Tá súil agam go mbeidh cuimhní cinn agus iniúchadh staraithe ann amach anseo ar an leabhragán leis. Luann Séamus féin Gearóid Ó Cairealláin mar dhuine ar mhaith leis a chuimhní cinn a fheiceáil i gcló.