Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-03-21

Titeann Rudaí as a Chéile

Thart ar cúig bliana ó shin léigh mé dornán úrscéal le Chinua Achebe, "Things fall apart" ina measc. Thaithin sind liom. Ó shin tá scata saothair le Nnedi Okorafor léite agam, scéalta a bhfuil dúshraith láidir de draíocht agus déithe na hAfraice, na hIgbo ach go háirithe leo. 

Bíonn amhras orm faoi aistriúchán nuair atá ar mo chumas an bunsaothair a léamh. Bhí mé fiosrach faoin leagan seo áfach. Agus nuair a chonaic mé cóip tí m'athair thapaigh mé an deis é bhlaiseadh. 

Tá an t-aistriúchán molta ag Breandán Ó Doibhlin ar an mblurba. Ós máistir ar an gceird é féin is dea theist sin. 

Anois agus an scéal léite agam is dóigh liom go ndeachaigh dán Okonkwo i bhfeidhm orm níos doimhne as Gaeilge ná sa bhunleagan Béarla. Tá baint ag an scéal agus a chinniúint deiridh go háirithe le teacht lucht an Bhéarla agus a gcultúr, a bhain an bonn de thuiscint agus gradam Okonkwo agus a rath. Ní hé seo tús agus deireadh a thubaiste dar ndóigh, agus mór chuid acu fréamhaithe ina dhuáilce féin, a fhearg ach go háirithe. Fearg atá fréamhaithe in eagla - go mbeadh toradh éagumas a athair féin le hiompar aige nó le feiceáil ina mhac. 

Tugtar léargas iontach sa leabhar ar dheasghnátha na treibhe agus na fáthanna atá leo. Cuid acu dorcha fuilteach ónar dtuiscint agus léan i gceist leo. Ach córas a dhlúthaigh pobal agus a raibh cóir agus cothrom áirithe leo. 

Mar a deirim measaim go bhfuil an scéal níos láidre as Gaeilge, cultúr agus teanga eile atá faoi bhrú an Béarla. Más buan mo chuimhne bhí blas an pidgin ar an mbunsaothar. Anseo tá na focail igbo fite fuaite i nGaeilge créúil uasal ar fearrde a oireann sé (ar mo chluasa inmheánacha) d'oineach an laoch treibhe i ngleic leis an gcinniúint agus an casadh taoide a tháinig leis na Sasanaigh agus a rialtas agus creideamh nua. Agus a ndímheas aineolach ar a bhfuil ann rompu, ainneoin eisceacht nó dhó ina measc. 

Iad spléach cibé ar dream ó threibh eile chun idir teangaireacht a dhéanamh - dream áfach nach bhfuil ionraic agus a chuireann leis an éagóir ar síol foréigin é. 

Scéal chráite a bhfuil na méirscrí le feiceáil fiú blianta fada i ndiaidh deireadh le coilíneachas. 

Is maith go bhfuil an saothar seo ar fáil dúinn, inár dteanga féin a tháinig slán ar éigean ón gcoilíneachas céanna agus atá fós ag streachailt! 

Ní raibh an dá úrscéal eile atá luaite mar chuid de thriológ leis seo léite agam. Spreagadh mé fios a chur orthu ón leabharlann. 





Titeann Rudaí as a Chéile
Chinua Achebe
Irene Duffy Lynch a d'aistrigh
= 2018.34 =