Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-03-12

Anam Innill Nua

Tagairt éigin ar Twitter a sheol i dtreo alt mé agus as san chun fios a chur ón leabharlann ar "The Soul of a new Machine" leis an iriseoir Tracy Kidder. Nuair a bhí togra nua á lorg aige mhol comhghleacaí dó tabhairt faoi leabhar faoi innealtóireacht ríomhaireachta agus chuir Tom West, bainisteoir foirne i comhlacht ríomhaireachta in aithne dó.

Bhuaigh an toradh duais Pulitzer. Ní iontas sin.

Cé nach raibh eolas teicneolaíochta aige - go deimhin doicheall aige roimhe - tá scéinséir innealtóireachta tugtha aige dúinn a chuimsíonn ní hamháin na heachtraí teicneolaíochta ach freisin na dúshláin polaitíochta agus bainistíochta a bhaineann le ríomhaire feidhmiúil - go teicniúil ach ar bhonn tráchtála freisin - a thabhairt ar an saol.

Ag croí an scéil tá dornán innealtóir a bhfuil an deis ceilte orthu an ríomhaire "ceart" dar leo a thógáil, de bharr polaitíocht seachtrach agus inmheánach na comhlachta. Agus de bharr cúinsí is riachtanais tráchtála.

Forbairt bheag ar sean ríomhaire atá ceadaithe dóibh, polasaí árachais mar dhea don fhoireann úr in ionad eile atá ag tógáil ríomhaire as an nua.

Dúshlán a bhaineann le ríomhaire ar bith nua a chur ar an margadh ná go bhfuil go leor - idir airgead agus am - infheistithe ag cliantaí na cuideachta i mbogearraí do ríomhairí roimhe agus is gá iad a choinneáil sásta. Ba mhó an dúshlán sin an uair úd agus bogearraí go hiondúil deartha go sonrach do thásc agus cliaint. Ach fiú inniu agus bogearraí ginearálta in úsáid forleathan tá brú ann go bhféadfaí iad a úsáid ar ríomhaire nua toisc go bhfuil taithí ag úsáideoirí orthu agus iad lárnach i bpróiseas gnó.

Ag an am céanna tá gá le forbairt agus feabhas má tá an ríomhaire nua le bheith rathúil.

Sa chás seo ba ríomhaire 32 giotán le teacht in áit ríomhaire 16 giotán. Rud a chuireann ar chumas an ríomhaire níos mó cuimhne a smachtú agus méid áirithe áireamh a dhéanamh níos gaiste.

Tá eachtraí idir teicneolaíochta agus daonna sa leabhar. Foireann á earcú agus a mhúnlú as ógánaigh ón gcoláiste agus sean fhondúirí. Polaitíocht comhlachta. Déine saol bainisteora ag cosaint a fhoireann i ngan fhios dá fhoireann féin. Easpa acmhainní. Tréithe atá riachtanach don obair ach ar bac ar chaidreamh iad. Oícheanta déanacha is laethanta fada. Daoine ag "dó amach".

D'éirigh leo an ríomhaire a chur ar an margadh ainneoin na dúshláin. Rinne siad leas na comhlachta. Ní bhfuair siad aitheantas.

Tagann go leor den reacaireacht le mo thaithí i tríocha bliain ag plé le hinnealtóireacht bogearraí, cé go bhfuil gnéithe de a bhaineann go sonrach le cultúr Mheiriceá, agus chuir mise tús le mo ghairmré sa Ghearmáin roimh filleadh ar Éirinn (áit a bhfuil an cultúr innealtóireachta faoi anáil Mheiriceá).

Tá na seachtainí fada oibre, na sealanna oíche nuair atá acmhainní tearca le roinnt, an pholaitíocht idir ranna agus idir daonna uilig feicthe agam. An tóraíocht ar fabhtanna. An imní (agus scaití an chinnteacht) gur mise a rinne an botún chinniúnach. An fabht fánach an-as ar deacair a cheapadh. An splanc tinfeadh déanach istoíche. An lúcháir is an díomá.
An taisme a nochtann fios fátha scéil ar a rabhthas ag obair go córasach gan toradh ar feadh i bhfad roimhe sin. An pian sa ghoile nuair atá nimh i dteannas na foirne.

Ní hiontas an duais Pulitzer as an eachtra seo a cheapadh ar phár. É a bhlí as comhráití agus crochadh thart sa saotharlann, ag amharc, ach an fanacht as an slí.

Scéal fir don gcuid is mó (beag ionadh san am agus ionad agus gairm sin) cé go dtugtar aitheantas cuí do rúnaí na foirne a choinnigh an taobh riaracháin ag dul, bealadh oibre nach aithnítear go hiondúil ach nuair atá foireann dá uireasa.

Claisiceach.