Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-03-01

Imbolc 2019 : Ian Malcolm

Táim ag tabhairt suntas do ghuth ar leith Ian Malcolm i saol na Gaeilge ón uair go raibh Lá amháin i n-aghaidh na seachtaine. Aontachtach neamhleithscéalach a spreag grá a athair don dteanga é í fhoghlaim ainneoin doicheall agus naimhdeas oscailte a chomhluadair.

Bhí air dul i ngleic freisin le hamhras baill den dtraidisiún eile ó thuaidh agus é ag foghlaim, amhras orthu faoin gcúis a raibh spéis aige sa teanga.

Go bhfios dom ní raibh éinne eile ó na Sé Chontae sa lucht éisteachta i mBaile Bhúirne ag éisteacht le hIan ach is cinnte go raibh an mórchuid againn níos baidhiúla le cás na náisiúnach ó thuaidh. I meon cibé.

Deir Ian féin faoi féin gur Briotanach agus Éireannach é. Sin dearcadh atá deacair ag náisiúnach Éireannach a thuiscint mar tá an smaoineamh ar an rogha sin mar rud dénártha, mar rogha eiseach, fréamhaithe go domhain inár meon.

Agus i ré seo na Breatimeachta...

Tá Ian féin i bhfách le hAcht Ghaeilge ó thuaidh. Mar sin féin tá sé freisin go láidir den tuairim gur gá glacadh dáiríre le doicheall agus imní an phobail aontachtach. Agus bheith cúramach faoin dioscúrsa.

"Every word of Irish spoken is like another bullet being fired in the struggle for Irish freedom".

Ní léir go baileach cé d'úsáid an nath seo i dtosach nuair a bhí an streachailt ó thuaidh fuilteach agus nimhneach. Ach tá sé á úsáid ó shin chun an Ghaeilge a lascadh mar chaid treibheach pholaitiúil.

Tá Ian den dtuairim láidir gur botún atá ann Acht Ghaeilge a leagan síos mar shlat tomhais ar meas ar an dtraidisiúin ó thuaidh a shainíonn iad féin mar Éireannaigh. Go dtreisíonn sin an dearcadh gur le treibh amháin an Ghaeilge agus cothaíonn doicheall dá réir ón dtreibh eile.

Cé go dtuigim dó, feicim deacracht freisin de bhrí gur fírinne seachas taictic é gur spreag a bhféiniúlacht Éireannach go leor ó thuaidh spéis a chuir sa Ghaeilge, agus gur fhoghlaim roinnt í d'aon uaim chun an fhéiniúlacht sin a threisiú agus a dhaingniú, i gcomhthéacs streachailte chun an nasc leis an mBreatain a réabadh.

Feictear dom gur iarmhairt, neamhthuartha b'fhéidir, de Chomhaontú Bhéal Feirste an treibheachas agus an quid pro quo a dhaingniú agus a threisiú. Agus gur toradh ar sin na hinstitiúidí a bheith faoi réim an eite is neamhghéilliúla ar chaon taobh (agus teipthe dá réir).

Sa chomhthéacs sin is tragóid ar leith an Bhreatimeacht. Níl cás na hÉireann eisceachtúil ar bhonn Eorpach ó thaobh teanga agus cultúir de, sa mhéid is gur iomaí mionlach teanga agus cultúr atá laistigh de Stáit Eorpacha agus go minic trasna teorainn ar chúis achrainne stairiúil iad.

Tugann béim an AE ar síocháin agus comhoibriú áfach uirlisí chun achrann a mhaolú agus a réiteach.

Creidim féin go bhfuil gá leis an modh Eilvéiseach, eadhon dílárú radacach cumhachta go dtí an leibhéal is ísle ach caighdeáin ar bhonn níos leithne chun cos ar bholg a chosc.

Faraor tá bóthar achrannach anois romham agus beidh ceist na Gaeilge ina mheirge ag taobhanna éagsúla pholaitiúla.

Ainneoin tógálaithe droichid fearacht Ian. Tá súil agam nach mbáfar a nguthanna áfach.