Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Eithne Ní Ghallchobhair werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Eithne Ní Ghallchobhair werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-11-23

Dán na Caillí

Bíonn rogha na himeachtaí le freastal orthu le linn féile IMRAM i gcónaí deacair. I mbliana, ar an ndrochuair, bhí orm bheith thar lear don bpríomh deireadh seachtaine. 

Ba leor áfach duine de Laoighseach Ní Choisdealbha, Dairena Ní Chinnéide nó Eithne Ní Ghallchobhair mé a mhealladh go lár na cathrach - ach an triúr acu le chéile!

Anuraidh bhí comhdháil acadúil ag an Acadamh Ríoga faoi phearsa na Caillí. D'aithin siad an uair úd go raibh rud le rá freisin ag na healaíontóirí faoin ábhar, agus chuaigh i bpáirt le hIMRAM agus na filí chun an bhearna sin a líonadh. Bhí an tinfeadh ag Majella Ní Chriocháin, bainisteoir IMRAM Róis a luadh le Liam Carson mar cheoltóir feiliúnach.

Triúr ban ultach, trodaí Duibhneach agus an file físe Margaret Lonergan, ar dheacair ócáid de chuid IMRAM a shamhlú d'uireasa a híomhánna teilgthe. 

Is iomaí brí ag an bhfocal Cailleach ar ndóigh, agus thagair Máire Ní hAnnracháin do brí amháin, i. Bean scothaosta agus í ag baint feidhme as an cuir síos sin uirthi féin. 

Baineann sanasaíocht Cailleach le caille, i. fial. Agus bhí éadan Róis folaithe faoi chaille dhubh lása nuair a tháinig sí i láthair chun a cheol diamhair féin a chuir i láthair - guth álainn agus asarlaíocht leictreonach scaití á threisiú agus babhtaí eile á choimhthiú. Thug sí amhráin dúinn idir na filí agus tionlacan cúlra dóibh. 

Thug Laoighseach sraith dánta dúinn, mar is iondúil ionchollaithe, baineann, láidir. Lán de thagairtí do théacsanna idir saolta, scrioptúrtha agus ó litríocht na cruinne agus na Gaeilge. Fite fuaite le tuiscint ar Chailleach Bhéara an dáin agus a miangas sise. 

Bhí dánta Dairena Ní Chinnéide fáiscthe as Dinnseanchas Iarthar Dhuibhne agus cuimhní teaghlaigh ar mná feasa, agus coimhlint idir piseog is creideamh, mná feasa agus cléireach tiarnúil. 

Agus bhí reacaireacht Eithne Ní Ghallchobhair báite sa bhéaloideas, cuid de na téamaí a chíor sí i Múscail, a ghiorria. Tuiscint is neamhbhreithiúnacht an bhean feasa, beag beann ar na claontuairimí fúithi féin agus a dlúthbhaint leis an dúlra. 

Bhí dán amháin i nGaeilge na hAlban againn, ó Caitrìona Lexy Chaimbheul .

Mar is iondúil le ócáidí imram.ie, fiú agus seo i suíomh acadúil leabharlann an Acadaimh ríoga, is Gesamtkunstwerk a bhí ann - filíocht, íomhánna agus ceol ag tagairt dá chéile, fite fuaite le chéile chun an lucht éisteachta agus féachana a fhuadach chuig domhain na samhlaíochta faoi réir na Caillí. 



2025-04-21

Cúirt - Dinnseanchas Conallach


Bhí Cúirt agus Cló Iar-Chonnachta ag ceiliúradh daichead bliain faoi bhláth, agus mheall ríomhphoist de chuid CIC anoir mé ar an Domhnach. Bus luath ó Bhleá Cliath agus bus tráthnóna abhaile. Tá feabhas mór ar chúrsaí iompair, agus níl an tír chomh mór feasta. Déanaim dearmad ar sin. Ba cheart dom comhairle Joe Steve a leanúint níos minice agus an chultúir thiar a bhlaiseadh níos minice. 

B'é seal na gConallach páirt a ghlacadh san togra leanúnach Dinnseanchas. Iarrtar ar beirt scríbhneoir píosa dinnseanchais a scríobh agus a léamh.

Iomann ag ceiliúradh baile fearainn An Machaire (sílim go bhfuil an machaire ceart agam) a thug an file agus an scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair dúinn, dar bhfuadach as dorchadas na Taibhdheirce amach faoin dúlra Conallach, agus na snáithe uile dinnseanchais ina reacaireacht - tírdhreach, stair, béaloideas, cuimhní cinn, cosmaeolaíocht. Nuair a reiceann Eithne, bíonn a colainn ar fad san insint chomh maith le guth atá ceolmhar cumhachtach. Barr líonmhar bainte aici as togra caomhnaithe logainmneacha, atá ríthábhachtach agus oiread dóibh siúd a bhfuil an t-eolas acu ag síothlú. 

Gearrscéal dinnseanchais Mórtas Aigne Michelle Nic Pháidín. Lonnaithe i dTóraí na dtonn. Béaloideas agus seanchas ag fáil an cheann is fearr ar sceipteachas chúngaigeanta eolaí. Na snáithe arís láidir ann agus bréidín taitneamhach fite astu. 

Reacaire bhreá í Michelle freisin - glór láidir agus insint a mhúscail íomhánna. 

Bhí deis ansin roinnt ceisteanna a chur agus a phlé, faoi stiúir shéimh eolach Mhichíl Uí Chonghaile. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach! 


2024-11-20

Fiannaíocht fhiúntach fhileata fhorásach

 
Seo an tríú leabhar fileata ó thinfeadh Eithne Ní Ghallchobhair. Bhain mé an-taitneamh as Múscail, a ghiorria agus An chraiceann agus a luach. An cailleach agus an murúch ba ábhar do na leabhar sin. An Fhiannaíocht atá mar ábhar don leabhar seo, ina bhfuil dhá chuid ann. 

Scéal as an nua le sean móitífeanna is ea an chéad chuid - Fionn Mac Cumhail agus croí an mhic tíre báin. An tóraíocht faoi gheasa agus eachtraí a eascraíonn as, agus na pearsana éagsúla a bhaineann leis. Lárnach ann, mar atá ráite ag daoine eile ar an raidió, an fear beag ríbeach ruaidh a bhfuil cumas agus gliceas ann, agus a chuidíonn leis an bhFiann dul i ngleic leis na geasa a leag an chailleach ar Fionn. 

Don chluas atá an leabhar seo scríofa agus rithim agus ruthaig ann, agus nathaíocht agus fuaim. 
 
Athinsíonn an dara leath den leabhar scéal Niamh Chinn Óir agus Oisín, agus cíorann craiceann, caidreamh agus cantal go paiteanta. Is iomaí léamh is féidir a dhéanamh ar gheasa an ghrá - agus tá cúpla léamh anseo, agus iad fágtha faoin léitheoir cinneadh a dhéanamh faoi cé acu léamh is fearr.

Tá saibhreas ceolmhar cainte san insint, ach tá freisin smaointe úra fite fuaite tríd na sean-móitífeanna a chuireann le pléisiúir agus taitneamh an léamh.

Is cosúil go bhfuil deireadh leis an cineál seo leabhar ó pheann Eithne - ach tá mé cinnte go bhfuil éachtaí eile le teacht uaithi.


Caithréim agus Tóir
Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House

2024-11-14

An alltar meallta chuig an ceantar

Tá trí cinn de úrscéalta véarsaíochta scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair, úrscéalta a chíorann an tsaoil ag baint feidhm as an mbéaloideas. 

In An craiceann agus a luach cíorann sí toiliú, searc máthartha agus ceisteanna uilíocha eile.

Aréir i Smock Alley thug sí léamh drámatúil dá saothar, le tionlacan ceoil - ceol a cumadh agus a bhí in oiriúint do reacaireacht spleodrach Eithne, a d'inis sí le gothaí chomh maith le caint. Ceol a chum Steve Cooney agus a sheinn Cormac Breathnach (feadóga),  Billy Mag Fhloinn ( yaybahar), Dermot Byrne (cairdín), Robbie Perry (drumaí agus uirlisí eile, seinnte go séimh le scuab don mórchuid!), Ódhrán Ó Casaide (fidil) agus Steve féin ar ghiotár agus é freisin ag meascadh. Agus draoi i mbun soilse freisin, oileán solais timpeall ar na hoirfidigh agus an lucht féachana sa dorchadas. Agus an spotsolas ar duine nó duine eile de réir mar a d'oir. 

Ceol diamhair a d'fhuadaigh an lucht féachana isteach i saol na samhlaíochta chun éisteacht go cruinn le reacaireacht Eithne. (Dóibh siúd gan Ghaeilge, sholáthar Margaret Lonergan an téacs as Béarla ar chúlra íomhánna mara). 

Fabhalscéal tráthúil fuinte as fiche éigin líne de scéal i gcnuasach béaloidis Éireann. 

Is trua nach bhfuil an maoiniú ar fáil chun an taibhiú seo - toradh Coimisiún ó Éigse na Brídeoige - a chur ar camchuairt. 

Ba mhithid. 


2021-08-18

An Craiceann agus a Luach


Bunaithe ar an móitíf béaloidis den fear a fhaigheann greim ar chraiceann /cochall murúigh agus smacht uirthi dá réir, tá úrscéal iontach filíochta scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair.

Scéalaí í Eithne sa mhullach ar a saineolas domhain ar bhéaloideas agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sí íomhánna cumhachtacha le teanga spleodrach lán uaim.

Ar chreatlach an scéil traidisiúnta tógann sí úrscéal a chíorann grá - collaí, máithreach, clainne; comhbhá le dúlra ; béadchaint ; fireannachas tocsaineach smachtaithe ;  deacracht comhshamhlú le pobal an té atá éagsúil go feiceálach. Téamaí comhaimseartha uilíocha.

Mar a rinne sí i Múscail, a Ghiorria, tá scéalta béaloidis eile - faoi seilg rónta go háirithe - fite fuaite tríd.

Tá ár gcraiceann róin againn ar fad, agus má bhaintear dínn de láimh láidir é, fulaingt atá i ndán dúinn. Bronntar searc, ní féidir é ghabháil. Agus tá grá máthair iontach láidir!

Tá na híomhánna a chruthaigh Eithne iontach láidir spleodrach - ba bhreá liom léaráidí a fheiceáil curtha leis an leabhar, samhlú ealaíontóra ar an gcaint ceolmhar a mhúscailíonn pictiúir de fiántas agus síocháin dúlra agus duine, de ghrá agus de ghráin, de lúcháir agus dobrón. 

2020-05-18

Múscail, a Ghiorria

Seo ceann de na leabhair ar cheil Covid-19 ócáid seolta air! Ar abharaí an tsaoil d'éirigh liom cóip a fháil tríd an bpost ón Siopa Leabhair. 

I bhfoirm saorvéarsaíochta taitneamhach tá Eithne Ní Ghallchobhair tar éis eachtra ó mhaidin go coinfheascar a dhéanamh as an mbéaloideas maidir leis an gcailleach agus a cumas giorria a dhéanamh di féin; a ról sa phobal; a tuiscint ar bhaill an phobail céanna; an amhras agus an formad ainneoin a cabhair.

Tá aithris ar scéal Éadaoin agus Midir, agus ar Oidhe Chlainne Lir fite go healaíonta tríd an insint.

Tá nathanna idir seanbhunaithe agus nua ann; ruthaig a chuireann le luas an insint ag léimneach leis an ngiorria féin faoi ghrian Lá Buí Bealtaine. Spleodar agus iontas an dúlra.

Tá tagairtí do saol an lae inniu ann; agus don saol anallód - tuiscint ar na rudaí atá buan faoin nádúr daonna ina éagsúlacht uasal agus íseal iomlán.

Léigh mé an leabhar go tapaidh, ach fearacht na ngearrscéalta i Súil, feictear dom go mbeidh mé ag filleadh orthu!

Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House
ISBN 13: 9781851322404

2019-03-23

Miodh meidhreach na hÉigse :"Súil" le hEithne Ní Ghallchobhair

Cnuasach ar leith gearrscéalta atá anseo, ar bhronn Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa orm díobh . Cuid acu ag plé le hainmhithe agus a saol - scréachóg reilige, cuach, iolar fíréan, gráinneog féir, beachóg. Ias seo lán de réalaíochas agus sonraí beachta dúlra.  Dúlra a bhfuil lorg an duine air...

Sciar eile a bhfuil osréalachas in úsáid chun léargas a thabhairt ar anam duine - seanfhear a tabhairt aghaidh ar an mbás, máthair nua ag streachailt leis an ndúlagar iarbhreithe agus an pian, ...

Is iomaí saighead ina bolgán scríbhneora ag Eithne Ní Ghallchobhair, agus aimsíonn an sprioc leo ar fad. Nathanna, uaim, ruthag, athrá - baineann sí feidhm ealaíonta astú ar fad chun scéalta cumhachtacha a fhí. Ina canúint sainiúil Conallach agus ag tarraingt as traidisiún na scéalaíochta agus an seanchais - ach ní béaloideas smolchaite atá curtha ar fáil aici. Meabhraíonn a húsáid teanga dom an méid a dúirt an Cadhnach faoina shaothar féin:
"An uirlis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol scaití, de mo bhuíochas.
Tá Ní Ghallchobair ina máistir ar a cuid uirlisí. Is craosléitheoir mise a alpann siar leabhair. Ach mhothaigh mé an gá leis an leabhar seo sos anála a ghlacadh agus scéal léite agam; é dhíleá agus pléisiúr a bhaint as mar a dhéanfainn le súmóg de mhiodh láidir.

Na scéalta dúlra ach go háirithe - an tabhairt faoi deara iontach iontu, an cuir síos beacht gur mhothaigh mé gur mé an t-ainmhí a bhí faoi chaibidil aici, ag blaiseadh lúcháir, eagla, ocras, pian de réir mar a bhí an eachtra ag dul ar aghaidh.



Eithne Ní Ghallchobhair, 
Cló Iar-Chonnacht   
Tagairt: 9781784441845