2022-11-20
Tinte na Farraige Duibhe, seolta
2022-09-23
Ní fearr mac le himirt...
2019-11-01
Dreoilín na Máighe
2019-10-22
Tá Odaiséas sa Táin!
2019-05-26
Kintsugi liteartha
Fear geal díreach meánaosta meánaicmeach mise. Pósta le ceathrú céad anois. Socair i mo cholainn agus craiceann. Creideamh agam mar thaca. Ní sháraím aon gheis de chuid an sochaí. Ní luíonn bróg an tsaoil trom orm. Ní cheistím agus ní cheistítear m'fhéiniúlacht. Fiú más de mhionlach a bhfuil Gaeilge agam ní chuireann sin de mhairg orm ach corr racht cantail. Tuigim go bhfuil pribhléid go leor agam.
Sé go raibh Marcus Mac Conghail le bheith mar fhear an tí a mheall go hócáid Áras Scríbhneoirí Éireann i Smock Alley Dé hAoine mé. Ócáid dhá theangach a bhí fógartha.
Ní raibh sé baileach mar a bhí súil agam leis.
Bhí ardán á chuir ar fáil do dhaoine atá ag dul do phrintíseacht de chineál in áras na scríbhneoirí chomh maith le daoine a chuir iad féin isteach, agus bhí beirt aoi speisialta.
Níor thug mé liom ainmneacha gach a reic. Bhí na mná i dtreis agus beirt trasinscneach. Bhí go leor streachailt le hinscne, le chollaíocht, le searc, le teacht ar féin tuiscint.
Maith go leor, bhí cuid den scríobh ámh. Bhí teacht i láthair níos fearr ag daoine thar a chéile. Dhá dtrian damhsa gothaí, dhá dtrian reacaireacht guth.
Bhraith mé go raibh pian aigne i go leor den scríobh. Iomrascáil féiniúlachta. Col le cruth colainne agus cúng an ghnáis. Ceal taithí agamsa níor theagmhaigh sciar de na saothair liom. Ach ní tomhas ar a bhfiúntas sin.
Ní mian liom bheith uasal le híseal. Ní thuigeann an sách an seang.
Mhothaigh mé go raibh pian ann. Pian intinne.
An samhail a rith liom ar ball ná kintsugi. Ealaíon Seapánach ina ndeisítear soitheach briste cré le hábhar luachmhar, ór abair. Soitheach láidir álainn an toradh.
Ní thig liom gach duine a reic a lua, ach tá roinnt a chuaigh i bhfeidhm go háirithe ormsa.
Chuir Marcus tús le himeachtaí lena dhán i gcuimhne Nuala Nic Con Iomaire, bean a raibh an aithne agam uirthi, aithne níos fearr ná ar a hathair Liam a chuir muid le déanaí. Bhí tionlacan ag Marcus óna mhac Naoise ar an dord leictreach. Tá smacht ar leith ag Marcus ar a ghuth, reacaireacht atá i gcónaí ar tí briseadh isteach ina chanadh.
An bheirt aoi speisialta:
Scríbhneoir foilsithe i Nicole Flattery a léigh scéal as a cnuasach Show them a good time. Léitheoir cumasach í agus bhí línte grinn a aimsigh a sprioc i gcónaí. Scéal a mheabhraigh Kafka dom.
Ba é Ifor ap Glyn, file náisiúnta na Breataine Bige an aoi eile. Chuir sé a reacaireacht i láthair as Gaeilge agus Béarla. Bhí an filíocht féin as Breatnais dar ndóigh, agus is don gceol san reacaireacht is mó a thug mé suntas. Ní raibh mé iomlán dall ar an mbrí, toisc go raibh aistriúchán curtha ar fáil ag Ifor dúinn. Grá athair, grá tíre, grá teanga, téamaí a labhair liom féin.
Triúr eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
Colm Mac Gearailt. Duibhneach. Staraí. Aisteoir i Ros na Rún. Trí phíosa a reic sé, péire as Gaolainn faoi deoraíocht agus an taca a thugann cuimhní ar an mbaile do dhuine. As Béarla reic sé píosa faoistinúil faoi a bhod ag diúltú feidhmiú de bharr ól agus an toradh ar an gcomhriachtan teipthe ar meon lánúin agus an siar agus aniar.
I measc na píosaí próis a d'aithris Chandrika Narayanan-Mohan bhí duan molta grá do Bhaile Átha Cliath, leis an líne iontach faoi bheith ag mothú clocha le "bonn chomh tanaí le sciathán féileacán". Bean siúlach scéalach.
Saothar samhlaíoch is mó a bhí i gceist. An eisceacht ab ea Sam Cox a rinne píosa iontach a léamh as tuairisc faoi Synaesthesia - nuair a bhíonn céadfaí ag trasnáil ar a chéile, go mblaiseann duine fuaim nó go bhfeiceann siad dath in ionad fuaim. Píosa fuinte a bhí ann, curtha i láthair go snasta.
Tríd is tríd is oíche ana mhaith a bhí ann. Lón marana go leor.
Tá sraith pictiúir ón ócáid ar mo fhotha Twitter.
2019-01-18
Ceoldráma taitneamhach
BAROQUE OPERA DOUBLE BILL : Dido and Aeneas (Purcell) and Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (Monteverdi)
Tá mac liom i mbun staidéir ar cantaireacht Opera sa mhullach ar an píobaireacht uillinn san foras oideachais ar a tugtar Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ó thús na bliana.
Anocht agus istoíche amárach tá dhá cheoldráma gairide á léiriú acu sa phriomh spás i Smock Alley.
Níl i il Combattimento di Tancredi e Clorinda dáiríre ach radharc amháin. Triúr pearsa atá sa libretto, ach sé an chaoi gur scoilt siad iad - triúr i bpáirt an reacaire, agus duine ar leith ag léiriú an trodaí agus duine eile ag canadh. Léigear Iarúsailéim, Tancredi ina Ridire Croise. É i ngrá le Clorinda, bé muslamach. Cuireann cath uirthi áfach toisc go measann sé gur óglach í agus í ag iarraidh sleamhnú isteach sa chathair i ndorchadas na hoíche. Leanann troid fuilteach agus a bás sise. Radharc méaldrámata ó thóg Monteverdi as saothar níos faide. Canadh as Béarla é. Bhí sé éifeachtach, corraitheach. Aisteoireacht agus amhránaíocht cuí.
Bhí níos mó téagar san dara dráma, tragóid Banríon Charthage Dido, a thiteann i grá le prionsa Traí ar a theitheadh. Agus eisean léi, ach go bhfuil sé faoi gheasa an ath Traí a thógáil san Iodáil. Lámh ag cailleacha agus ainspiorad sa mhísc a mbíonn bás Dido de bharr croíbhriseadh mar chríoch air.
Bhí scóip níos mó sa dráma seo do spraoi agus bhain an chliar úsáid éifeachtach as gan baint de sollúntacht an scéil.
Beidh cuimhne agam ach go háirithe ar dheamhain Oisín Ó Dálaigh ag rince thart i sála stiletto. Taispeántas breá ón gcliar ar fad áfach, idir ceol, geansaíocht agus aisteoireacht. An chailleach agus Dido go maith i ndán dá bpáirteanna lárnacha.
Cloisfear amach anseo faoi scata den mbuíon óg talannach seo.
Il Combattimento di Tancredi e Clorinda (c1624) by Claudio Monteverdi
Testo : Oisín Ó Dálaigh / Sarah Kilcoyne / Rheanne Breen
Tancredi : Ciaran Crangle
Tancredi (fighting) : Ross Fitzpatrick
Clorinda : Naho Koizumi
Clorinda (fighting) : Letizia Delmastro
Dido and Aeneas (c1687) by Henry Purcell
Dido : Susie Gibbons
Aeneas : Connor Campbell
Sorceress : Amy Conneely
First Witch : Rheanne Breen
Second Witch : Ami Hewitt
Belinda : Laura Joy Copeland
Second Woman : Sarah Kilcoyne
Spirit : Oisín Ó Dálaigh
Sailor : Stephen Walker
CHORUS / ENSEMBLE
Sopranos: Hannah Barrett, Ami Hewitt, Orlaith Dunne
Altos: Sarah Luttrell, Rheanne Breen, Sarah Kilcoyne
Tenors: Ciaran Crangle, Oisín Ó Dálaigh, Stephen Walker
Bass: Fionn Ó hAlmhain
2018-09-26
Beannaithe
San dráma seo tugann cliar beag ach cumasach léamh Biddy Jenkinson ar dhán na hEaglaise. Cé gur oirniú na mban atá chun tosaigh, clúdaítear i bhfad níos mó. Mar sin féin, ní ag seanmóireacht atá Biddy.
Tá formhór an dráma lonnaithe i dteach ina bhfuil na mná rialta lonnaithe anois agus an clochar díolta go brabúsach (cé nach léir cé bhain tairbhe as an brabús!) .
Triúr ban, an bean soineanta dílis, an seanfhondúir a bhfuil a saol tugtha don gcreideamh aici, an bhean a fuair gairm déanach tar éis bás a fir is a leanbh. Í seo lán de faobhar do mhisean sóisialta don eaglais, ach in achrann le húdarás agus seanghnás.
Tarraingíonn seo aird na n-údarás i bpearsan Monsignor ar ionchollú an chléiriúlachas uaibhreach é. Sa chúlra tá an easpag ar leaba a bháis, a bhfuil amhras agus fonn gníomh saortha air.
Tá an dráma lán grinn ach mar sin féin cíoradh dáiríre ar cheisteanna creideamh, údaráis, dlisteanacht agus carthanacht.
Tá an chliar ana inchreidte, gach duine acu sáite ina bpáirt. Tá radharc amháin inár gá do bheirt acu ról eile a ghlacadh chucu féin a bhfeadfaí á neartú.
Baintear feidhm éifeachtach as an spás i scoil na mbuachaillí, as fuaim agus ceol - téacsanna ársa arna nua choiriú, as téacsanna aifrinn agus bíobalta.
Béarla agus Gaeilge briste ag an easpag, bealach éifeachtach lena coimhthíos go dtí seo óna phobal a chuir in iúl.
Lón machnamh.
Tá léirmheas ag Maitiú ar NÓS anseo: https://nos.ie/cultur/ardan/meafar-go-leor-le-feiceail-i-leiriu-cumasach/
2018-05-24
Laoch na Laochra -Tionscadal na Tána
Tá Táin Bó Cuailgne (Darach Ó Scolaí) agus (cuid mhaith de) Laoch na Laochra (Réamoinn Ó Ciaráin) léite agam, agus fillim scaití orthu. Thug sin cúlra agus spéis dom in ócáid na hoíche aréir i Smock Alley, imeacht eile de chuid IMRAM agus Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath.
Ba dhá sprioc éagsúla ag an mbeirt acu, agus labhair siad fúthu - ag cuir sleachta ó na saothair i láthair agus ag léamh astu. Ansin chuir fear an tí, Cathal Póirtéir, an bheirt faoi agallamh ag doimhniú an méid a bhí ráite acu.
An sprioc a chuir Réamonn roimhe ná scéalta beatha Con Chulainn a thabhairt le chéile, ó na foinsí éagsúla Gaeilge agus Béarla. Agus é sin a dheánamh go tarraingteach agus thar aon rud eile i nGaeilge Uladh. Ní ar an Táin amháin a bhí a chuid oibre dírithe mar sin, ach ar Cú Chulainn go háirithe. Tá léaráidí lán dathanna Dara Vallely mar tionlacan ag aithris Réamoinn, agus is labhair mór toirtiúil atá ann. (Admhaím nach bhfuil an t-iomlán léite agam). Ó shin tá eagrán Béarla den leabhar foilsithe, agus tá eagrán i nGaeilge, dírithe ar dhéagóirí ar na bacáin. Luaigh Cathal leis an cion agus an feidhm a bhaineann idir dílseoirí (a fheiceann Cú Uladh, cosantóir a gcúige ann) agus náisiúnaithe as. Luaigh Réamonn an feidhm a bhain an Piarsach as Cú Chulainn mar samhail an laoich foirfe. (Léigh mé áit éigin gurb geall le ball foirne i Scoil Éanna ab ea é). Agus go raibh plean ag dílseoirí dealbh cháiliúil Oliver Sheppard a ghoid on GPO, ach go raibh sé ró throm!
Scéal samhlaíoch osréalach scéal Cú na gCleas, scéal a shaibhríonn samhlaíocht agus litríocht ar fud na cruinne.
Litríocht na nGaeilge is mó is cás le Darach, agus is air atá Leabhar Breac ag fónamh faoina stiúir. Feictear dó go bhfuil leaganacha Nua Ghaeilge de dhíth agus dlite do scríbhneoirí na linne seo. Mura bhfuil a leithéidí ar fáil go forleathan do léitheoirí na Gaeilge, ní féidir le scríbhneoirí tagairtí díreacha nó indíreacha a bheadh sothuigthe a dheánamh.
Tá roinnt saothair foilsithe ag Leabhar Breac thar na blianta, agus tuilleadh idir lámha.
Ina leagan fhéin de Táin Bó Cuailgne bhí Darach ag iarraidh athnuachan a dheánamh ar ghontacht agus ealaín an bhunleagan, saothair éigeas áirithe amháin dar leis. Bhunaigh sé a athchruthú ar leagan Leabhar na hUidhre. Ach tá roinnt scéalta a mbeadh taithí ag daoine orthu, agus súil acu leo, nach bhfuil ann ach atá sa Leabhar Laighneach - atá níos osréalaí foclaí. B'éigean do mar sin iad a lomadh le go neadódh siad i gceart san athnuachan.
Athnuachan ar cheart tarlú gach glúin dar leis, de bhrí go sleamhnaíonn brí focail agus fráma tagartha an léitheora de bharr taithí éagsúil.
Ócáid agus plé thaitneamhach, agus is cinnte gur dhá shaothair iad a chuirfidh go mór le saibhreas léitheoirí na Gaeilge.
Mar is iondúil d'imeachtaí IMRAM bhí íomhánna á theilgeadh ar an mballa- rogha Margaret Lonergan as pictiúr Dara Vallely, móide roinnt íomhánna ó leaganacha eile fearacht leagan Lady Gregory nó saothair Jim Fitzpatrick, agus roinnt trealamh ón Iarnaois as stóir an Iarsmalann Náisiúnta. Ar an ndrochuair ní raibh siad chomh héifeachtach agus a bhíonn de ghnáth. Tá Smock Alley ana ghnóthach le linn Féile Idirnáisiúnta Litríochta Átha Cliath, agus mar sin ní raibh deis ag Margaret an ghnáth cúram a chaitheamh le roghnú agus lonnú scáileáin. Ní raibh de rogha aici mar sin ach na híomhánna a theilgeadh ar an mballa - agus sin i leataobh ó na cainteoirí. Ba dheacair dá réir aird a thabhairt orthu. (Ach tá spreagadh faighte agam amharc arís ar an leabhar).