Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-10-22

Tá Odaiséas sa Táin!


Ba tinfeadh iontach a bhí ann ag Lucht IMRAM iarraidh ar bheirt, a bhfuil leaganacha nua Ghaeilge den Táin curtha ar fáil acu, dul i ngleic le heachtraí Odaiséis de réir Homer.

Tá leagan Gaeilge ann cheana ar ndóigh, a rinne an Pádraig de Brún. Mar fear an tí, d'inis Cathal Póirtéir dúinn ina réamhrá mar a chuaigh Pádraig de Brún i ngleic leis an Ghréigis i rith an lae. Um am airneán ansin bhailigh saoithe Dhún Chaoin i dTig na Cille agus phléigh siad an dréacht d'fhonn barr snasa a chuir air. (Táim fós ag fanacht go dtiocfaidh an leabhar chugham ón leabharlann....)

Cuir chuige eile a bhí ag Darach Ó Scolaí agus Réamoinn Ó Ciaráin, shamhlóinn. Ach bhí na torthaí ceolmhar cuanna mar sin féin. 

Eachtra Polaiféamas Cioclóps a d'aistrigh Darach Ó Scolaí. Tá roinnt d'aistir Odaiséis roimhe mar réamhrá don scéal, agus cuir síos gairid ar oileán na Placairí Loiteoge...

Ach an ghuais ina fhágann mórtas agus ceanndánacht Odaiséis é féin agus a chomrádaithe croí an scéil, agus a ghliceas a thugann sciar acu slán ó chraos an arracht.

Chuir Séamus Barra inár láthair saothar Dharach, le tionlacan ó rogha Margaret Lonergan de phéintéireacht claisiceach agus rómánsach ar an scéal.

Scéal éagsúil a bhí le reic ag Ciara Ní É - aistriúchán Réamonn Ó Ciaráin ar eachtraí deiridh Odaiséis, a fhilleadh abhaile ar deireadh tar éis deich mbliana de chogaíocht agus deich bliana eile d'fhánaíocht. A theaghlach faoi léigear ag lucht suirí ag iarraidh a bhean a mhealladh agus teacht i dtír ar a shaibhreas. A mhac faoi bhrú. A bhean amhrasach faoi ghéilleadh dá dóchas go bhfuil a fear fillte dáiríre. 

Scéal corraitheach brónach lúcháireach. 

Tionlacan arís ag rogha Margaret Lonergan d'íomhánna. Thaithin an ceann thuas go háirithe liom - an radharc nuair a aithníonn a bhuime Odaiséis ar colm ar a chos, agus cosa an strainséire á ní aici... 

Tá súil agam go mbeidh fáil againn ar na sleachta, prós cuanna álainn. 

Agus lón anama eile ó IMRAM.