Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-10-15

Gaeilge - Anseo agus Anois

Ar shlí is an deis níos mó a chlos ó leabhar Úna-Minh Caomhánach Anseo a mheall mé amach go Cluain Dolcáin de hAoine seo chaite.

Mar chuid de Féile Leabhair an Líne Deirg a reáchtálann Comhairle Contae Átha Cliath Theas bhí painéal cainteoirí faoi agallamh ag Peadar Ó Caomhánaigh.

Ainneoin ainm na Féile ba ghá dom bus a fháil ó lár na cathrach go Cluain Dolcáin. Ní maith liom bheith mall ag imeachtaí agus bhí gach cosúlacht le tranglam tráchta Faiche an Choláiste.

Bhí faoiseamh orm mar sin gur leandáil mé in Áras Chrónáin a bheag nó a mhór in am. Bhí grúpa de cheoltóirí óga traidisiúnta ag seinm chun deis a thabhairt do na cainteoirí socrú síos, mar sin ní raibh mórán cúis le m'imní!

Chuir Peadar an triúr cainteoir i láthair. Úna-Minh Caomhánach, Ciara Ní É, agus Garry Bannister.

Idir píosaí plé ar an nGaeilge agus a gcaidreamh féin léi, rinne Ciara roinnt dá taibhfhilíocht a reic. Léigh Garry Bannister a rogha dhánta de chuid filí comhaimseartha na Gaeilge - Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock, Caitríona Ní Chléircín - agus fear nach raibh iomrá cloiste agam faoi roimhe, Howard Lawn. 
Léigh Úna-Minh dhá sliocht as a leabhar, ceann álainn grámhar faoina caidreamh lena Dhaideo, fear Gaeltachta ó Iarthar Dhuibhneach a labhair Gaeilge léi ó thús. Uchtaíodh Úna-Minh mar leanbh ón Vietnam agus bhí an dara sliocht níos dorcha - a taithí le ciníochas fánach síoraí a sroich a phointe is ísle in ionsaí tarcaisneach uirthi i lár Bhaile Átha Cliath nuair a bhí sé de "dhánacht" aici masla a fhreagairt.

Ach mar sin bhí an dóchas i dtreis agus an Ghaeilge á cheiliúradh san ócáid dhátheangach seo. 

Bhí cór áitiúil d'athfhoghlaimeoirí a chuir go mór leis an ócáid, ag canadh amhráin a d'fhoghlaim siad fadó ar scoil chun an chaint a éadromú. 

Tá mé cinnte gur lean an plé agus allagar ar aghaidh i mbeár Áras Chrónáin ach faraor bhí turas fada abhaile le cuir díom agamsa...

Aguisín - foilseoidh New Island Books leabhar Úna-Minh ar an 24 Deireadh Fómhair
https://www.newisland.ie/nonfiction/anseo