Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-10-07

Stiofán Ó Briain

Tá Stiofán Ó Briain ag glacadh páirte i Reic ó thús ach níl mórán ráite agam faoin méid a reiceann sé, mar go mothaím gur seánra eile seachas an taibhfhilíocht is láidre ag reic atá á chleachtadh aige.

Chuala mé, agus é ag caint le mná Beo ar Éigean ó chlub an chonartha, gur Gaeilgeoir de thaisme é. Nár éirigh leis na pointí a fháil do leigheas agus gur chuaigh sé le Gaeilge in ionad.

Feictear dom ní hamháin gur thum sé é féin inti ach go bhfuil idir teanga agus seanchas ina dhlúth agus inneach anois ann.

Focalbhách mo dhála féin é Stiofán agus baineann sé feidhm as foclóir shaibhir ina chuid scríbhneoireachta (rud atá ina chonstaic uaireanta do lucht éisteachta reic, mothaím).

Reic sé dán ag baint casadh as Oidhe Chloinne Tuireann - ag athshamhlú eachtra Bhriain ag goid ó Oileán faoi thoinn na mBan.

Ach is é an mórshaothair atá ar na bacáin faoi láthair aige ná ag scríobh seanchas samhlaithe áit samhlaithe ar a dtugann sé Tulach an dá Thadhg. Ní cuimhin liom anois cén clár ar chuala mé é ag leagan amach an scéal. Áit samhlaithe ina bhfuil gá thraidisiún i ngleic ann, Tadhg Easpaig Naofa agus Tadhg págánach File.

Ag an reic is déanaí d'aithris sé ceann dá scéalta - fear daonna tite i ngrá le bean den slua sí, atá faoi gheasa. Mar a sháraíonn sé na geasa le cabhair spideoige.

Na comharthaí sóirt scéalaíochta go paiteanta ann - ruthaig, carn aidiachtaí, athrá, meafair.

An t-amhras a bheadh orm go bhfuil an saibhreas Ghaeilge agus na móitífeanna ina chonstaic don gnáthphobal Gaeilge uirbeach a bhíonn ag reic. Ach b'fhéidir gurb é sin an chúis gur fiú tabhairt faoi? N'fheadar....