Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-10-10

Ba seachtópas é inné

Bhí mé i measc an slua mór a chruinnigh san Sugar Club ar sráid Leeson chun tréaslú le Gabriel Rosenstock.

Agus muid ag cruinniú bhí ceol giotár ón stáitse ó fhear nár thug mé a ainm liom faraor. Ceol na Meánmhara.

B'í Sinéad Ní Uallacháin bean an tí.

Chuir gariníon le Gabriel, Maggie Byrne - seacht í féin - tús le himeachtaí trí dhán "Dhaideo" faoi lá breithe an ochtapais a reic. Ba seachtapas é inné...

Lean a iníon Saffron - an dán cháiliúil a scríobh sé di agus í ag iarraidh teilifís i lár na hoíche. (Dúirt Garry Bannister ar ball nach raibh daltaí na linne seo in ann meabhair a bhaint as sneachta teilifíse... Imíonn an t-am).

Is iomaí réimse a chlúdaíonn saothair Gabriel. Ar chrann Alan Titley a thit sé blaiseadh dá shaothair próis a thabhairt dúinn. Thug sé deoch dúinn as turas Gabriel chun Ganges - agus ansin crobhaing scéalta faoi Nasruidín.

Mar a dúirt sé, tá an Ind curtha ar ais ag Gabriel i lár dúchas Ind-Eorpach na Gaeilge agus a litríocht.

Tá comhoibriú le filí eile ag croí obair Gabriel. Ó chuile cearn den cruinne (an aimsir chaite san áireamh!)

Ní fhéadfadh siad ar fad bheith i láthair, ar ndóigh. Sheol triúr ionadaíoch teachtaireacht físe. Mariko Sumikura  ón tSeapáin.  K. Satchidanandan ón Ind. Hans-Christian Oeser as Beirlín.

Léigh a iníon Éabha dán molta greannmhar a sheol an file Indiach Dileep Jhaveri.

Bhí a nia Mario Rosenstock (fuirseoir cáiliúil) ann le hinsint dúinn faoina streachailt mar nia uncail cháiliúil agus an díomá a chuir sé ar mhúinteoirí agus Micheál D féin nuair a thig siad nach raibh Gaeilge aige....

Sin ráite bhí Garry Bannister a rá gur cáiliúla Mario ná Gabriel i measc daltaí scoile anois...

Chan Hilary Bow amhrán le Van Morrison agus David Bowie sna leaganacha trascruthaithe a rinne Gabriel do Thionscadail IMRAM.

Chuir Donncha Crowley dhá monalóg i láthair, ceann as Gaeilge, ceann as Béarla.

Thug Cathal Ó Searcaigh, Paddy Bushe agus Garry Bannister - sean chomrádaithe pinn de chuid Gabriel- a rogha féin de dhánta Gabriel dúinn.

D'inis Cathal dúinn mar a d'eascair ceann de na tograí is déanaí de chuid Gabriel as leabhar filíochta de chuid Li He, file ó ré Tang na Sine, a thug sé isteach chuige mar bhronntanas san ospidéal. Allagar Gabriel leis an bhfile a bheidh sa leabhar.

Léigh Caitríona Ní Chléircín a rogha féin de dhánta Gabriel a léiríonn a bhá le agus tuiscint ar saol agus mothúcháin na mban.

Allagair le filí beo is marbh cuisle saothair Gabriel. Agus le healaíontóirí agus oirfidigh. Tonnta tinfeadh...

Bhí an ghlúin óg ann freisin - rogha Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin de dhánta teagaisc idir aistriúchán agus bundánta. Faraor bhí ormsa sleamhnú amach ag an bpointe sin, imní orm faoin mbus deiridh....

Táim cinnte gur lean an cheiliúradh ar aghaidh - níl easpa ábhair.

Dúirt Cathal Ó Searcaigh go bhfuil sé thar am ag Ollscoil éigin Dochtúireacht onórach a bhronnadh ar Gabriel - agus go bhfuil ábhar céim MA i dtionscaint leabharliosta...

Is fíor dó, measaim.

Gura fada buan Gabriel.