Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-10-23

Laochra na Seanlitríochta


Bíonn roghanna deacra romham i gcónaí nuair a fhoilsítear clár IMRAM. De bhrí go mbíonn orm bus a fháil abhaile agus éirí luath an mhaidin dár gcionn tá sé dodhéanta freastal ar gach rud.

Ach bhí fonn mór ar orm Liam Mac Cóil agus Diarmuid Johnson a chlos i mbun léitheoireachta. Tarlaíonn sé go bhfuil an dá saothar as ar tharraing siad léite agam.

Chomh maith le bheith ina fhile agus scríbhneoir próis, seinneann Diarmuid Johnson an fheadóg mhór go feillbhinn. Seinn sé píosa mar réamhrá sular thosaigh Liam Mac Cóil ag léamh óna úrscéal An Choill.

Níl aon dá saothar le Liam Mac Cóil mar an gcéanna, ach is ceann ar leith An Choill. Athshamhlú ar eachtra de chuid ridire de chuid an Bhord Cruinn, scríofa i bhfriotal agus stíl na rómáns Artúracha.

I dtús an scéil músclaíonn an laoch i lár coille, é ar díchuimhne iomlán. Tá castachaí agus fealsúnacht go leor a bhaint leis an scéal, agus mar a dúirt mé le Liam bhraith mé féin agus mé á léamh go raibh mé i bhfostú mé féin, ar strae sa chaschoill. Cuid den pointe é sin, dar leis...

Taithí de chineál eile, ar lú dua agus ar mo phléisiúr, éisteacht le léamh mínráiteach Liam ar sleachta as an scéal - go háirithe os rud é nár bhain na nathanna  ársa tuisle as mar a bhaineann siad as asam agus mé ag léamh. Agus rogha cuí de phictiúir rómánsacha roghnaithe ag Margaret Lonergan á theilgeadh ar an mballa lom laistiar de i Scoil na mBuachaillí.
Ealaín eile ar fad. Agus fonn orm athchuairt a thabhairt ar an leabhar.

Seilbh Inse Fódla atá mar fotheideal ar insint Diarmuid Johnson ar scéalta Tuatha De Danann, agus is tírdhreacha sceirdiúla na hÉireann a bhí roghnaithe ag Margaret Lonergan chun na sleachta a léigh Diarmuid a léiriú. Clocha loma mar chúlra d'insint ar streachailt na laochra - gabháil Fódla ó na bhfear bolg agus a chosaint i gcoinne Balor agus na bhFomhórach.

Prós ceolmhar a chleachtann Diarmuid agus tá guth soilbhir glan aige. Idir na sleachta sheinn sé ar an bhfeadóg mór.

Cloisim go bhfuil Conaire Mór taifeadta mar chlosleabhar aige agus ar na bacáin ag Leabhar Breac. Agus Midir agus Étain ag teacht ár dtreo san earrach.

Agus maidir le Liam Mac Cóil, go mbeidh ceann scríbe bainte amach faoi dheireadh ag Lúcás Ó Briain roimh Nollaig - imleabhar toirtiúil ag teacht ár dtreo.

Gura fada buan Leabhar Breac agus a chuid údair - laochra na seanlitríochta atá ag tabhairt léargas úr dúinn ar sheanchas ár sinsir.