Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-20

Tinte na Farraige Duibhe, seolta


Chuir Ré na coibhide moill ar go leor rudaí. Dhá bhliain ó shin a foilsíodh Tinte na Farraige Duibhe (mo léirmheas anseo) ach ní raibh deis é a sheoladh i gceart. 

Fuair sé seoladh a dhiongbhála aréir ag ócáid de chuid IMRAM i Smock Alley. Seachas bheith taobh le óráidí, rinne Seán T Ó Meallaigh, Hilary Bowen-Walsh agus Colm Mac Gearailt léamh dramatúil ar sleachta as an leabhar, ag ionchollú carachtair éagsúla. Gné spéisiúil den mbunleabhar ar chloí Eoin P leis ná go mbíonn canúintí den nGaeilge ar leith ag na carachtair éagsúla. Bhí A Hiom an intleacht shaorga beo beathaíocht romhainn agus a chanúint dúchais ag Colm! Ach ba éacht amach is amach ochtapas eachtardhomhandach a chuir Seán T romhainn. Bhí carachtair eile acu beirt. Ní raibh sé tugtha faoi ndeara agam a laghad ban atá sa scéal go bhfaca mé gur taobh leis an laoch Ríosa, meascán den fios agus den saontacht agus an frith laoch Sadb a bhí Hilary Bowen-Walsh.

Mar chúlra don léamh dramatúil bhí filíocht físe Margaret Lonergan. Tírdhreacha agus spásdreacha dramatúla. Measaim gur saothar bunaidh de chuid Margaret iad an uair seo, agus bhí siad éachtach.

Bhí an údar féin Tim Armstrong agus comrádaí leis anall as Albain freisin, agus idir na míreanna léitheoireachta chan siad cuid de na hamhráin rap atá fite fuaite leis an scéal, i nGaeilge na hAlban. (Ba chabhair éigin na focail ar an scáileán!)

Bhí cúpla focal oifigiúil ag Liam roimh ré, agus rinne Seán T an seoladh, ag admháil gur dualgas cara a chur an leabhar ina lámha, ach a sásta is a bhí sé go raibh an leabhar go maith!

Rinne Antain Mac Lochlainn léirmheas ar an leabhar ar son IMRAM, agus is féidir é léamh anseo

Tá an dara imleabhar ar na bacáin ag Tim Armstrong, agus de réir mo thuisceana tá súil aige freisin roinnt den gceol a eisiúint freisin. 

Bhí deis ina dhiaidh cabaireacht i forhalla na hamharclainne, agus chuala mé gur chuadar ar aghaidh go Club an Chonartha, ach ós rud é go bhfuil mé féin spléach ar bhusanna agus go raibh mé ar an mbóthar óna seacht ar maidin shíl mé gur den chríonnacht é dul abhaile ar bhus 11. Shamhlóinn go raibh oíche go maidin acu sa chlub!