Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo.
Agus í ag caint ar an chnuasach gearrscéalta, luaigh Ní Bhaoill gurbh iomaí rud fánach a chuirfeas an síol don scéal. Bhí sí tráth, mar shampla, i Seattle Cheanada agus tharla í ar cuairt ar iarsmalann ansin a bhain le Ruathair an Óir. I measc na leabhar a bhí ar taispeáint san iarsmalann, bhí an t-aistriúchán a rinneadh ar Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann, fear a rugadh gar go maith don áit ar tógadh a máthair mhór féin. Chuir sin ag smaoineamh í ar na fir as an iarthuaisceart a rinne an turas anonn go dtí an Yukon agus an dóigh ar chuir sin corr ina gcinniúint, bíodh sé beag nó mór. Is iad na castaíocha seo sa tsaol, bíodh siad ag baint le teitheadh nó imirce, le bás nó breith, leis an lámh láidir nó leis an fhoréigean is cás léi ina cuid scéalta.
Seo an chead bhailiúchán gearrscéalta ón údar. Pléann na scéalta le téamaí uilíoch: an grá, an bás, foréigean, cumhaidh agus imirce. Díríonn an t-údar ar an chaidreamh, nó an easpa caidrimh, idir daoine agus an dóigh a dtéann siad i ngleic le constaicí an tsaoil. Is scéalta comhaimseartha a mbunús, atá suite i suíomh cathrach. Tá léargas iontu ar mheon agus iompar éigneoir in Óstán cathrach agus ar dhídhaonnú an iompair sin. Tá ról sonrach ag an chathair chomh maith i saol fir atá ag dul i dtaithí ar bhás a chéile agus ar an dóigh a bhfaigheann sé sólás ag taisteal ar chóras iompair na cathrach. I scéal eile, meabhraíonn bean tuaithe ar shiúl dosheachanta an néaltrú i mbruachbhaile cathrach, áit a bhfuil a comharsan ag cailleadh aithne uirthi. Díríonn scéalta eile ar chás an imircigh, bíodh sin an tÉireannach i gcéin a bhfuil uirthi plé le bás linbh, an t-imirceach Moslamach atá ag éalú ón phósadh éigeantais nó taithí teifeach a fhaigheann dídean ar an Mhór-Roinn. Tá ceisteanna aitheantais, baile agus cumhaidh fite fuaite sna scéalta seo. Spíontar scéal leabharlannaí a fhaigheann a mian ach nach bhfuil deireadh maith air. Sa scéal Ocras tugtar léargas ar an dóigh a dtéann an marbh-bhreith i bhfeidhm ar shaol lánúin óg. I Leath an Caillí, téann an t-údar siar go tréimhse ruathar an óir agus taithí fir ar an tsaol sin.
Faoi Údar:
Is gearrscéalaí agus file í Róise Ní Bhaoill as Rann na Feirste. Is é Imram agus Scéalta Eile a chéad cnuasach gearrscéalta. Tá roinnt blianta caite ag Róise i mBéal Feirste ag obair le hIontaobhas Ultach ar son na teanga. D’fhoilsigh Iontaobhas Ultach bailiúchán scéalta léi dár teideal Taisce Focal, Scéaltaí beaga do dhaoine móra in 2007 dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Bhí Róise ina comheagarthóir ar an leabhar Bás in Éirinn — May You Die in Ireland (Iontaobhas Ultach, 2011) agus ar Gaelic-Medium Education Provision: Northern Ireland, the Republic of Ireland, Scotland and the Isle of Man (Iontaobhas Ultach, 2003). Chuir Altram amach bailiuchán rannta agus amhrán do pháiste léi, Ceol Leat! (2016).
In 2010 d’fhoilsigh Iontaobhas Ultach an leabhar Ulster Gaelic Voices, Bailiúchán Doegen 1931 mar thoradh ar an obair a rinne Róise ar an tsaibhreas béaloidis Ultach a bhailigh Wilhelm Doegen sna 1930idí. Tá cnuasach aistí lena hiarchomhghleacaí, Aodán Mac Póilin, Our Tangled Speech, essays on culture and language (2018) ar an obair is deireanaí ar chuir sí eagar air.
Chaith Róise tréimhse i Sasana agus bhí sí ina heagarthóir ar an iris Arts Research Digest le linn a hama ansin.
Cuireadh filíocht dá cuid i gcló in Krino agus tá bailiúchán filíochta idir lámha aici faoi láthair.
Róise Ní Bhaoill
Éabhlóid
ISBN: 978-1-914482-03-8