Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-26

Eachtraí Aonghusa i dtír na Máilleach


Tagairt ar Twitter ag Deirdre Ní Chonghaile don taispeántas faoi Tomás Ó Máille i leabharlann Ollscoil na Gaillimhe a spreag fonn orm dul siar go Gaillimh. Nuair a luaigh sí go mbeadh taispeántas in Iarsmalann na Cathrach faoina dheartháir Pádraig agus Liam Ó Maoilíosa dhaingnigh sé mo rún. Tá sé measartha éasca anois bus a fháil go Gaillimh. Bhí fúm áfach bheith ar ais i mBaile Átha Cliath do seoladh Tinte na Farraige Duibhe, mar sin b'éigean glacadh le tús luath! 

Bus 7:30 ó Bhaile an Chinnéidigh dá réir. Caife le dul tapaigh agus mé ag brostú go dtí na céanna. Bus na Gaillimhe agus scuaine turasóirí romham. Bhí suíochán in áirithint ag an mac seo, áfach, nach mbíonn fonn ar dul san amhantar. 

Dhá uair go leith dul siar. Maidin geal seaca a bhí thoir, ach doineann agus gaoth feanntach thiar. 

Os rud é go raibh mé ag dul siar bhí socrú déanta agam Twaithne a athrú ina fíor aithne nó ar a laghad ina teacht le chéile beo. Bhí an caife a bhí réamhshocruithe plódaithe, mar sin chuamar go dtí an Hardiman (Great Western mar a bhí, sílim) - óstán fadbhunaithe in aice an stáisiún traenach agus an Fhaiche Mhóir. Mheabhraigh sé Lig sin i gcathú dom. Mura bhfuil dul amú orm, is ann a bhí an comhrá idir Máirtín Ó Méalóid agus a dheartháir an sagart postúil. Ba mhilse agus compordaí go mór ár gcomhrá thar caife i forhalla ciúin compordach. Ba dheas aghaidh a chuir le @, agus bheadh dóthain le rá againn go ceann cúpla uair an chloig, murach gur bhraith mise go raibh an cúpla uair an chloig a bhí agam ag leá... 

Shiúil Cathal liom chun na hollscoile agus an leabharlann ina bhfuil an taispeántas. Fán mbealach casadh Seán Cathal orainn, agus rinne mé socrú leis casadh leis le haghaidh plaic bia ar ball. 

Bhain mé amach leabharlann Hardiman na hOllscoile, agus an taispeántas san forhalla. Táblaí soiléire i nGaeilge agus Béarla ag cuir síos ar a shaol agus a shaothair. Roinnt de na leabhair agus na sorcóir Ediphone i gcás gloine sa lár. Treoir chuig suíomhanna idirlín - ceann maidir leis an gcúrsa Linguaphone a raibh lámh aige ann, agus ceann eile áit a bhfuil an méid á thaifid sé á chur ar fáil diaidh ar ndiaidh.

Tá súil agam go deis a fháil go luath éisteacht le cuid den ábhar ann. 

Rith Máirtín Ó Méalóid liom arís agus mé ag súil trasna an champais. Beidh orm an leabhar a léamh arís, ach tá nathanna as greamaithe i mo chuimhne, ina measc sioscadh na ndaoine faoin ardeaglais nua. 

Bhrostaigh mé ar ais isteach sa chathair, thar oileán ealtanach a bhí ealtanach dáiríre. 
Bhí béile agam i bhfochair Seán Cathal san Front Door agus comhrá mar anlann leis. 

Lean mé orm ansin go dtí Museum na Cathrach chun scéal an Mháilligh eile agus a chara Liam Ó Maoilíosa a fheiceáil. Dís a chuaigh bealaí éagsúla i gCogadh na gCarad. Agus duine acu a maraíodh ag fórsaí an Saorstáit san sraith básaithe conspóideacha, a raibh ionsaí ar an nduine eile mar chuid den spreagadh dó. 

Faraor bhí an cuir síos as Gaeilge lofa ar fad - lomaistriúchán focal ar fhocal ar an téacs Béarla, agus ciotach go minic. Chuir sé oiread oilc orm nach raibh fonn orm amharc ar na taispeántais eile. 

Bhí sé de rún agam tabhairt faoi siúlóid - amach Bóthar na Trá nó amach tóchar Oileán na gCaorach. Bhí an aimsir lofa áfach agus cé go raibh brístí báistí liom, mheas mé nár den gcríonnacht dul i mbaol báite. Ní dheachaigh mé níos faide ná séipéal na nDoiminicigh ar an gcladach, áit a bhfuil altóir cuanna do Bhantiarna na Gaillimhe. Lasc an bháisteach isteach ann mé, ach faoin am go raibh paidrín ráite agam bhí an múr thart. 
Rinne mé pas beag siopadóireacht súil ar mo bhealach ar ais chuig stáisiún na mbus, agus chonaic tagairt eile do na Máilligh ar mo shiúlóidí. 

Turas pléisiúrtha a bhí ann!
Tá rún agam Lig sin i gcathú a athléamh sula dtéim siar arís! Cathair soshiúlta go maith Gaillimh, is trua go bhfuil sé plúchta le carranna lasmuigh den dornán sráid beoga coisithe.