2025-04-25
Lá i gCathú
2022-11-26
Eachtraí Aonghusa i dtír na Máilleach
2017-01-09
Lig sin i gCathú
Léigh mé úrscéal seo Bhreandáin Uí Eithir blianta fadó ó shin. Ach um Nollaig fuair mé bronntanas den gcéad eagrán a d'aimsigh mac liom i siopa dara láimhe, agus léigh mé arís é.
Tá an scéal lonnaithe i nGaillimh (cé go dtugtar Baile an Chaisil air) ar deireadh seachtaine na Cásca 1949, agus Rialtas Fhine Ghaeil ar tí Poblacht a fhógairt, fé thionchar Seán Mac Giolla Bhríde. Céim a raibh go leor conspóide ag baint leis, agus créachta an chogadh cathardha fós nimhneach.
Mac le laoch de chuid chogadh na saoirse an príomhphearsa, ach is mac léann éidreorach atá ann. Tá a athair ag saothrú an bháis, agus caidreamh a thuismitheoirí in anchaoi lena shaoil.
Tá sé tagtha ag pointe ina shaol ar gá do cinntí crua a dhéanamh lán é féin a tharraingt as an bhfaopach ina bhfuil sé fágtha de bharr a éidreoir.
Tá imeachtaí na deireadh seachtaine, agus tionchar an chléir - deartháir an phríomhphearsa ina measc - mar chúlra don scéal.
Faightear léargas ar pholaitíocht logánta agus náisiúnta, iomrascáil cathair is tuath, drabhlás is cráifeacht.
Seo uilig i gcaint shaibhir chréúil le greann agus gean.
Tá an úrscéal leantach Sionnach ar mo dhuán léite freisin agam, ach measaim go ndeachaigh an údar ar strae ansin sa raibiléaracht.
Tá beathaisnéis Liam Mac Con Iomaire ag bailiú deannaigh ar mo leabhragán le blianta. B'fhéidir gur mithid dom é léamh anois agus mo spéis athmhúscailte!
2016-12-19
An Nollaig Thiar
Is tráthúil go bhfuil an tseoid seo athfhoilsithe ag Cló Iar Chonnacht, a sheol cóip léirmheasa chugham.
Tá eagrán 1989 agam (áit éigin!) ach spreag seo mé lena athléamh.
Cuimhní cinn Bhreandáin Uí Éithir ar an Nollaig in Árainn blianta an chogadh mhóir, agus é ina pháiste.
Cuimhní cinn spreagtha ag comhrá le pinsinéir san Oir Ghearmáin sna 1980í, comhrá a tharla sna sála ar chuaird a thug sé ar champa géibhinn Buchenwald.
Tugann sin fráma don insint ar shoineantacht agus spraoi na hóige in Árainn ainneoin an anfa a bhí ar coipeadh ar an Mór roinn.
Tá prós láidir saibhir sa leabhar, nathaíocht nuair is cuí. Agus saibhreas mionsonraí ar a shaol agus saol an oileáin.
Is mór is fiú an leabhar seo a léamh, agus tá an athchló glan slachtmhar. Líonadh stoca bhreá don Nollaig!
An Nollaig Thiar
Cló Iar Chonnacht
2013-05-19
An Mac Drabhlásach
Is aisteach an scéal é go bhfuil gaol gairid idir Gaelachas agus gealtachas - ó Bhuile Shuibhne anall - agus is i dTeach na nGealt, a féachaint siar ar saol drúiseach drabhlásach atá laoch an scéil seo don gcuid is mó den insint.
Cineál scéinséir atá ann freisin, sa mhéid is go nochtar codanna den scéal diaidh ar ndiaidh dúinn, agus tá greann thar na bearta sna heachtraí áiféiseacha a bhain don laoch.
Sílim go bhfuil gnéithe de dhírbheathaisnéis i gceist ach iad tugtha chun áiféise ag an údar - ar máistir ar ghreann é chomh maith.
Sionnach ar mo Dhuán
Breandán Ó hEithir
Sáirséal Ó Marcaigh 1988
ISBN 0862890632
2012-06-22
SCOLÁIRE
Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat. Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil. Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin. Béarla gan chanúint a chleachtann siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt le formhór chuile Bhéarlóir. Buntáiste mór é seo gan dabht.

