Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-16

Tomás Mac Síomóin, File agus fear conspóide


Tá neart tairbhe, pléisiúr agus lón machnaimh faighte agam as saothair liteartha agus paimfléid Thomáis Mhic Síomóin. Bhí mé i láthair deich mbliana ó shin nuair a thug IMRAM ómós dó lena bheo, ócáid spleodrach san Grand Social in Áth Cliath. Bhí mé ann arís anocht agus IMRAM agus Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag tabhairt Tomás chun cuimhne agus é féin imithe uainn, ach a shaothair fós linn.

Thug ceol - idir Spáinneach agus Éireannach ó Cormac Bhreathnach agus Martin Dunlea fráma do na cainteanna agus léamha. B'é Cathal Póirtéir fear an tí agus a chuimhní féin aige ar Thomás. Léigh sé litir ó pháirtí Thomáis Karen Dietrich, a leag síos paraiméadar na cainteanna eile ar bhealach - cuimhní ar fear a raibh grá aige don nGaeilge agus don aicme oibre, cuma cén áit dar díobh iad. Fear a thuig i bhfad níos luaithe ná go leor an baol a bhain leis an caipitleachas craosach síor fáis don dúlra agus don gcine daonna. Agus a scaip an tuiscint sin ina shaothar idir ficsean agus neamhfhicsean.

Thug Máirín Nic Eoin léargas léannta ar a chuid saothair liteartha, go háirithe na mór úrscéalta Ag altóir an diabhail : striptease spioradálta Bheartla B, An Tionscadal agus An bhfuil Stacey ag iompar. Saothair a bhfuil taitneamh léitheoireachta le baint astu ach lón machnaimh freisin.

Léigh Éamon Ó Ciosáin sliocht as An Tionscadal a léirigh go paiteanta na spéiseanna agus buanna a bhí ag Tomás. (An Tionscadal an saothar leis is fearr liom féin).

De bharr go bhfuil Cathaoirleach reatha Aontas na Scríbhneoirí, Proinnsias mac a'Bhaird lonnaithe i Leitir Ceanainn is ar chrann Celia de Fréine a thit sé ionadaíocht a dhéanamh ar son an Aontais. Roinn sí cuid dá cuimhní ar Thomás linn, a spéiseanna agus saineolas leathan. 

Thug Michael Ó hUanacháin léargas dúinn ar mar a tháinig Tomás chun cinn mar scríbhneoir i leathanaigh Comhar - iris a raibh Tomás agus Micheál féin ina n-eagarthóirí air ar ball. 

Labhair Mícheál Mac Aonghusa faoina chuid oibre polaitiúil, agus a shaothar chun pobal na Gaeilge a chruthú agus a chothú i mBaile Formaid. Labhair sé ar eagrú Thomáis leis an bpáirtí Cumannach in Éirinn. Agus a nom de guerre nuair nach bhfeilfeadh sé dá ghairm agus fostóir é bheith ina chumannach aitheanta. Seoirse Mac Thómais a thug sé ar féin. 

Oíche pléisiúrtha a bhí ann, ar rinneadh taifead air agus a chraolfar amach anseo ar YouTube.