Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-10-22

Ó leac go leac

Tá leac i nGaeilge amháin trasna ón mbóthar ón séipéal i mBaile an Chinnéidigh. Thug mé suntas dó i bhfad ó shin, agus scríobh mé blagmhír faoi. Bhí ar an déagóir físeán a dhéanamh don rang Gaeilge idirbhliana, rud éigin faoina gceantar féin. Spreag an leac iad freisin, agus nár tháinig siad ar an mblagmhír agus iad i mbun taighde - gan tuiscint i dtosach gur mise a scríobh. Go deimhin, níor aimsigh siad tuairisc ar bith eile as Gaeilge, cé go bhfuil tuairiscí as Béarla ar dúchas.ie

Tá aiféala orm nár choinnigh mé taifead ar ainm an leabhair a chonaic mé san leabharlann. Níl mé cinnte fiú an mise a chuir Gaeilge ar an méid atá ar mo bhlagmhír. 

Ar aon nós, bhí sé beartaithe ag an déagóir an uaigh a lorg. Tá Cill Achaidh Draighneáin ag an deireadh eile den mbaile, ó dheas ón ospidéal, agus tá tobar naofa luaite leis. Ní raibh m'fhiosracht riamh sách láidir mé a spreagadh chun cuairt a thabhairt air, ainneoin go bhfuil mé i mo chónaí anseo le scór bliain. Bhí deis le tapú. Tá sé roinnt ciliméadar uainn, agus chuaigh muid cuid den mbealach ar an mbus.

Tá an eaglais ina fhothrach le fada, agus uaigheanna thall is abhus, na leaca ar cuid acu ag titim. Ní raibh eolas cinnte againn ar cá raibh an uaigh, ach d'aimsigh muid faoi dheireadh é - i measc Néilligh eile. 

Tuairisc lom gur ann atá sé curtha, agus an dáta. Baill eile teaghlaigh luaite. Uilig as Béarla. Bláthanna fiáine ag fás thart air, faoi bhláth fiú san fómhair. 

Rinneadh an físeán. Theip orainn an tobar a aimsiú, agus bhí tuairiscí ar líne go raibh sé scriosta. Tá "St Catherine's Well" mar ainm tí píosa soir ón reilig - agus is cosúil go bhfuil an tobar fós i ngairdín an tí príobháidí sin.