Ní scoláire mé, agus is tearc m'eolas ar cheird an focleolaí. Is dóigh, mar sin, murach an Twaithne atá agam ar an Ollamh Stifter, a bunaíodh roinnt blianta ó shin nuair a thug sé caint ag Imbolc i mBaile Bhúirne, nach mbeadh mé tar éis mo bhealach a dhéanamh go COBÁC anocht.
Ach bhí mé i láthair chun a léacht i gcuimhne Osborn Bergin a chlos. Caint líofa spreagúil inar léirigh sé, ag tarraingt ar dhá théacs fileata, go ndearna scríbhneoirí na meánaoiseanna réimsí teanga a úsáid chun carachtair a mhúnlú. In Acaldam Fhind ⁊ Oiséni léirigh sé gur cuireadh Gaeilge níos cruinne (i dtéarmaí na Sean Ghaeilge) ar bheola Fhinn fad is go raibh Oisín ag baint feidhm as caint na ndaoine, i. Meán Ghaeilge.
Rud a bhí greannmhar is dócha dá léitheoirí agus lucht éisteachta anallód, ach atá ceilte orainn anois. Baineadh feidhm freisin as béarlagar óglaigh, agus míchruinneas nó cruinneas gramadaí chun tacú le teacht i láthair carachtair.
Bhain an sampla eile le dán Mac da Cherdae i Comracc Líadaine ⁊ Cuirithir ina ndearna an óinmhid agus rí éigeas an teanga agus rialacha na filíochta a chuir as a riocht chun go mbeadh sé in ann teachtaireacht rúnda a thabhairt do Líadain - banéigeas oilte - ainneoin na mná rialta thart uirthi.
Teachtaireacht bunaithe ar imeartas focail agus tagairtí ilchiseacha.
Bhí codanna dá chaint ró theicniúil dom chun é a leanacht, ach is cainteoir líofa spreagúil é David Stifter, a mbíonn an greann fite trína chuid cainte. Agus is máistir ar leith é ar Power Point! Eolas cruinn beacht ar na sleamhnáin ag léiriú a chuid cainte gan baint de. Agus rogha cliste gearrthóga as greannáin.
Fiú do thútach mar mé, caint spreagúil spéisiúil a bhí ann. Shamhlóinn go raibh tairbhe níos mó ann do na scoláirí agus go mbeidh tóir ar an saothar atá sé i gceist ag an Ollamh Stifter a fhoilsiú ina mbeidh a eagrán de na téacsanna a bhí faoi chaibidil aige.
Rinneadh taifeadadh ar an léacht agus beidh sé ar fáil amach anseo ó Scoil na Gaeilge i COBÁC.