Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label dinneen werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label dinneen werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-04-17

Duan na Nollag

Ar cúis amháin nó cúis eile thóg sé go dtí le déanaí orm an leabhar séasúrach seo a léamh. Chuir bunleabhar Dickens borradh breise faoi traidisiún na Nollag ag am, ré Victoria, go raibh sé ag borradh cibé. Fabhalscéal faoi oscailt croí a bhí iata ag saint. N'fheadar an gcreidim go hiomlán i Scrúg, roimh nó i ndiaidh saothair na spiorad air. Ach is saothar chlaisiceach an saothar Béarla. Feictear dom go bhfuil leagan an Duinnínigh, cóirithe ag Maitiú Ó Coimín, lán chomh maith ó thaobh friotal is atá an bunleagan. Greannmhar, maoithneach, géar de réir mar a oireann. (Ba bhreá an rud closleabhar!).
Cuireann pictiúir galánta Arthur Rackham go mór leis an earra uasal (mar a bhíonn súil leis anois ó Leabhar Breac, dearadh cuanna cúramach).
Léitheoireacht pléisiúrtha éadrom (ach beagáinín dúshlánach shamhlóinn don té nach bhfuil i dtaithí ar léamh na Gaeilge).
Duan na Nollag
Charles Dickens & Pádraig Ua Duinnín
€16.00
120 lch; clúdach crua; ISBN: 978-1-911363-38-5

2011-09-23

Duinnín daonnachtaí ag réiteach cruacheisteanna

Bhí sé d'ádh orm go raibh faill agam freastal ar sheoladh 'Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg' a bhí ar bun oíche Luain i gClub an Chonartha. Slua measartha beag a bhí ann agus Liam Mac Con Iomaire ag déanamh an chúram go paiteanta mar is dual dó. Dá iníon Nuala atá an imleabhar seo tiomnaithe ag Biddy Jenkinson - is í Nuala a bhí mar bean glúine don smaoineamh Duinnín a chuir ag bleachtaireacht, nuair a d'iarr sí scéal ar Bhiddy don iris Blaiseadh. Cuid dá saothar cheannródaíoch don mBéal Binn ab ea an iris.
Thug Liam spléachadh ar an saothar dúinn, agus tharraing as a stór eolais agus grinn in óráid bhreá. D'fhoghlaim mé go raibh Dinneen tugtha don imeartas focal agus don ghreann. Samhlaím é ina leaba i measc naomh na nGael ag baint ana sult as an saothar seo, á chreathadh ag rachtanna sona gáire. Tá an leabhar slogtha ina iomláine agam faoi seo. Tá sé ar maos le ghreann, focalbhá, béaloideas agus nathaíocht.  Castar pearsan mór le rá, fíor agus bréagach sna leathanaigh seo: Arsène Lupin, Biddy Mulligan agus gan amhras Searbhlach de Hoilm. Cé gur ag bleachtaireacht atá Dinneen sna scéalta, ní bhíonn coir - de réir dlí pé scéal é - i gceist i gcónaí, agus ní bhíonn gabhadh mar thoradh. Ag réiteach fadhbanna daonna is mó a chíonn muid é, agus é thar a bheith tuisceanach don lag. Go deimhin sílim gur mó cleamhnas ná triail atá mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí - uaireanta dá ainneoin féin.
Tá clúdach álainn (féach thuas) deartha ag Cliona Cussen don leabhar, agus é léirithe le grianghraif chliste,  mar dhea gurbh de Ua Duinnín agus na carachtar iad. Luaitear na grianghraif ar an fordhuilleog ag gabháil buíochas don duine - anaithnid faraor - a d'fhéach chuige go raibh siad ar fáil don leabhar. Tríd síos tá tagairtí oiriúnacha dá fhoclóir - go hiondúil mar réamhrá do scéal, mar a bhí sa chéad leabhar.

Éacht eile. Fúm imleabhar a haon a athléamh anois, agus nára fad uainn imleabhar a trí!

Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg
Biddy Jenkinson
Coiscéim 2011
286 lth.

2009-09-26

Duinnín agus Rí na Boihéime


ab ainm don scéal a scríobh Biddy Jenkinson go speisialta d'IMRAM, agus a léigh sí aréir.

D'fhoilsigh sí leabhar de scéalta agus Duinnín ina bhleachtaire iontu anuraidh. (seo an méid a scríobh mé faoi).

Scéal sa mhúnla céanna atá anseo. Fíonn sí ceangal chliste idir Sherlock Holmes, Irene Adler agus Dinneen.

Tá gnéithe ann de mhachnamh Myles maidir leis an gaol idir carachtair ficseanach agus a n-údar freisin, agus an naimhdeas is féidir a bheith ann. Tá ról cameo ag Art Conán Ó Dúill.

Comhla don scéal is ea Bloomsday. Tá tagairtí do Dinneen i Ulysses, agus thug siad sin creatlach an scéil do Bhiddy.

Is iontach cliste an scéal atá ann, agus tá mé ag tnúth níos mó ná raibh le himleabhar eile.

Focal draoi


Aréir, d'fhreastail mé ar An Foclóirí Draíochtúil a bhí mar chuid de IMRAM. Ceiliúradh ar an bhfoclóirí Dinneen a bhí ann.

Ócáid dhá leath a bhí ann. Ar dtús, thug Alan Titley caint thar a bheith spreagúil bunaithe ar Dinneen agus foclóirí i gcoitinne. Ansin léigh Biddy Jenkinson gearrscéal bleachtaireachta a scríobh sí don ócáid. Is fiú mír dá chuid féin é sin.

Tá Alan ina chainteoir chomh líofa agus atá sé ina scríbhneoir. B'é seo a chéad uair a chonac beo é.

Tharraing sé as beathaisnéis an Duinnínigh. Níor thug mé liom ainm an fhir a scríobh, faraor. D'fhigh sé caint iontach as sin focail aisteacha i bhfoclóir Dinneen agus foclóirí eile - go háirithe Dwelly agus liostaí focail éagsúla, ag tarraingt as canúintí na hÉireann agus na hAlbain. Rinne sé tagairtí do Shéan a'Chóta agus don leabhar Éist leis an gCóta - ag tabhairt samplaí thar a bheith greannmhara de chol an Chaomhánaigh leis na Sasanaigh. Saothar gan críoch ab ea an foclóir a bhí idir lámha aige, saothar faraor nár foilsíodh - mór an trua, ó tharla gur foclóir Gaeilge-Gaeilge atá ann. Luaigh sé freisin an leabhar nua Cén Sórt é? agus an bhéim ann ar focail drochmheasa seachas moltacha! Gan amhras, ní bheadh aon phlé ar saibhreas an Duinnínigh iomlán gan sár leabhar Alf Mac Lochlainn - Farasbarr Feasa ar Éirinn - a lua. Gan amhras, mar Chorcaíoch dílis, chaith sé slaiseanna lena comharsan Ciarraíocha, arbh duine díobh an Duinníneach!

Tátal an chainte - go bhfuil saibhreas iontach sa chaint, go háirithe sa Ghaeilge, agus nach stopann an foghlaim riamh. Agus go fuineann agus go scagann foclóirithe agus scríbhneoirí an teanga, ag cuir léi nuair is gá.

Ana chaint.



Íomhá: Dinneen le Jack Yeats, ó Wikimedia.

2008-07-22

Lorgaire Léacsach



(Boole & Moriarty - íomhánna ó Wikimedia)

I measc na leabhair a fuair mé dom bhreithlá, bhí An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire le Biddy Jenkinson.

Bhí roinnt des na scéalta léithe agam cheana, agus bhíos ag súil go mór leis an leabhair seo. Agus thaitin sé liom - an bealach ealaíonta ar fhí sí saothair an fhoclóirí leis na scéalta cérinnecháin.

Tá cuid de na scéalta níos fearr ná a chéile, dar ndóigh. Ach is fiú iad ar fad a léamh.

Cúpla mion chlamhsán - bhí tagairtí sna scéalta go luath sa leabhair do eachtraí a bhí sna scéalta ag an deiridh. D'fhónadh cúram níos fearr don ord reatha. Bhí tagairt ann do scéal nach raibh sa chnuasach in aon chor "Dinneen agus Caol an Iarainn" - tá súil agam go gciallaíonn san go bhfuil imleabha(i)r eile ar na bioráin ag Biddy.

Bhí colláisí griangrafanna Ríbí cliste, ach ní hiad mo chupán taesa iad!

Tríd is tríd, dealeabhair, agus nára fada go raibh comhluadar aige.

Maidir le deargnamhaid Searbhlach de Hoilm, an Muircheartach, ritheann scéal liom a d'inis Des MacHale agus é ag tabhairt léacht don Roth - bhí sé cinnte go raibh Moriarty bunaithe ar George Boole, a bhí ina ollamh le Matamaitic roimhe i UCC.