Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-08

Lindbergh – Scéal luchóige a d’eitil


Saothar ealaíona iontach atá anseo, ina dtugann an údar agus maisitheoir óg Gearmánach Thorben Kuhlmann scóp dá shamhlaíocht agus do shamhlaíocht a léitheora.

Tá cnámha an scéil simplí, luch atá tugtha don léamh agus staidéar an laoch. De bharr teacht an ghaiste luiche teitheann na lucha eile as an chathair, (Hamburg) agus fágtar ina haonair í. Ba mhaith léi iad a leanacht, déanta amach aici go bhfuil siad imithe go Meiriceá.

Ach ní féidir léi dul ar bord loinge mar go bhfuil cait ag faire gach poll is conair. Agus í ag ealú feiceann sí ialtóga agus tagann sé ina ceann eitilt.

Gabhann an luch ansin ar luas tríd iarrachtaí inneall eitilte a chruthú, bunaithe ar stair iarrachtaí an chine daonna. Tá mionsonraithe agus samhlaíocht na léaráidí sa chuid thar cionn ar fad, macallaí steampunk ann.

Faoi dheireadh, agus ainneoin ulchabháin a bheith sa tóir uirthi, éiríonn le turgnaimh na luiche agus trasnaíonn sí an Atlantach. Fáiltíonn idir daoine agus lucha roimpi agus tugann a heachtraí spreagadh do bhuachaill óg – Charles Lindbergh!

Spreagann an scéal agus go háirithe na léaráidí smaointe – ba dheacair domsa gan smaoineamh ar teifigh daonna, agus go háirithe na Giúdaigh sa Ghearmáin sna 1930í; ach freisin ar mhisneach dosháraithe agus díogras fionnaitheach.

Tá Gaeilge chuanna curtha ag Myra Zepf agus Andreas Vogel ar an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga neamhspleácha agus leanaí a léitear dóibh, agus go deimhin a dtuismitheoirí an-sásamh as an seod seo.


Torben Kuhlmann
Aistriúchán: Andreas Vogel agus Máire Zepf
ISBN: 9781910945261
Futa Fata
Aois: 8+

Foilsíodh an léirmheas seo i dtosach ar Gobblefunked i Meán Fómhair 2017