Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-21

Cá bhfuil an ghrian?

Go hiondúil nuair a scaoiltear spásárthach ón roicéad a sheol sa spás é bíonn sé ag casadh gan smacht i dtosach. Baintear feidhm as roicéid bheaga chun an casadh a smachtú – pé acu é a stop ar fad, nó chun casadh seasmhach um áis amháin de chuid fráma tagartha an árthaigh a bhaint amach. 


Gíreascóp – uirlis a thagann comhartha de réir an treoluas uilleach – a bhíonn ag úsáid ag an staid seo. I gcúrsaí spáis, bíonn gíreascóp gan baill a bhogann in úsáid – ceist do lá eile. Bíonn ar an árthach a bheith tíosach leis an mbreosla, agus baineann go leor de na halgartam leis sin.


Ach a mbíonn an treoluas faoi smacht, an chéad céim eile ná an ghrian a aimsiú! Go háirithe i gcás árthach de chuid an Ghníomhaireacht Spáis Eorpaigh – agus árthaí Eorpacha go ginearálta – is ón Grian a fhaigheann siad cumhacht. (Fiú leithéidí Rosetta a chuaigh go domhain isteach sa spás – bhí eití móra ar an árthach chun cumhacht gréine a bhailiú). Úsáideann árthaí SAM píosa d'abhar radaighníomhach a ghineann teas – sin an caoi gur féidir leis an dá Voyager dul go domhain isteach sa spás, cé go bhfuil ag teip ar an bhfoinse sin anois.


Mar sin, is gá don árthach treo na gréine a aimsiú agus a rialú. Go hiondúil bíonn taobh na gréine ag árthach – bíonn sciath teasdíonach ar an dtaoibh sin, chomh maith leis na heagar grianchealla. Bíonn treo na gréine tábhachtach chun braiteoirí íogaire eile – rianóir réalta nó uirlis eolaíochta – a chosaint ó bharraíocht solais. Bíonn srianta géar uille i gceist go hiondúil toisc go bhféadfadh an ghrian uirlisí íogaire a scriosadh agus an misean a chuir ó mhaith dá réir. (Meabhraíonn sin eachtra dom. Fadó, fadó – 1985 sílim – bhí togra againn i gComórtas na hEolaithe Óga. Bhí sampla de beagnach gach dúil, mianraí i gcás roinnt acu, bailithe againn chun an tábla peiriadach a léiriú. Úrániam san áireamh – mianra ina raibh roinnt radaighníomhachta. Bhí togra eile ann a raibh braiteoir íogair Geiger acu chun an radaighníomhaíocht i Muir Éireann a thomhas. Bhí píob tiubh miotail acu chun an radaighníomhaíocht cúlra a choinneáil amach ón tomhas. Theastaigh uaithi an úrániam a thomhais – botún a bhí ansin, bhí sé oiread sin níos airde ná an réimse a bhí an gléas in oiriúint dó nár oibrigh sé i gceart go ceann cúpla lá .....)


Úsáidtear braiteoir sách simplí go hiondúil. Griancheall atá ann go bunúsach, a mbíonn an sruth as i gcoibhneas leis an méid solais a thiteann air. Bíonn eagar de cheithre cinn acu ar phirimid ceathairshleasach. Go hiondúil bíonn uille 22° ag gach fána. Fágann sin go bhfuil sé measartha éasca, ach an ghrian a bheith i radharc, treo na gréine a thomhais go cruinn. Bíonn, ag brath ar cruth an árthaigh, braiteoir amháin ar dhá chinn de plánaí an árthaigh. (Go hiondúil bíonn dúbailt sa trealamh féin ar mhaith le teacht timpeall ar fabht i gcuid de). Má theipeann ar an gcéad iarradh an grian a ghabhadh is iondúil go mbíonn an árthach á chasadh go mall sa dtreo is go mbíonn ceann nó ceann eile acu ag pointeáil i ngach treo d'fhonn an ghrian aimsiú. 


Go hiondúil is leor braiteoir garbh gréine; ach i gcásanna áirithe bíonn braiteoir níos mine de dhíth. Chuige sin is gá nithe fearacht teocht an ghléas an factóir eile a imríonn tionchar ar an sruth as a chuir san áireamh – ach tá an prionsabal céanna i gceist.