Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-17

Dubh agus Bán na Gréine

(Tuairim ealaíontóra de SolO. ESA) 
Is ar an spásárthach Solar Orbiter atáim ag obair le blianta beaga anuas – ag iniúchadh agus ag promhadh na bogearraí stiúrtha agus cumarsáide. Seolfar an árthach go luath – 6 Feabhra am na hEorpa – ó Cape Canaveral i Florida. 

Tá baint thábhachtach ag comhlacht eile as Éirinn leis an misean. Beidh SolO ag dul i bhfoisceacht 42 milliún km den nGrian – laistigh d'fhithis Mearcair. Beidh ar codanna den árthach atá ar aghaidh na Gréine teocht de bhreis agus 500°C a sheasamh. Sin de bhrí go mbeidh an radaíocht Gréine thrí huaire déag níos láidre ná mar atá d'árthaigh i bhfithis an Domhain. Ag an am céanna beidh na codanna ar an dtaobh eile den árthach ag 180°C faoin reophointe.

Éilíonn sé sin teas-sciath ar leith. Ní mór d'abhar an teas-sciath a bheith seasmhach agus glan – chun nach mbeadh aon truailliú ag cuir as do na tomhais eolaíochta arbh iad sprioc an mhisin. Is gá don dromchla a bheith réscaiptheach freisin chun nach mbeadh scáthánú ag bréagadh tomhaiseanna a bhraitheann ar solas. (Úsáidtear braiteoirí gréine agus réaltaí chun treoshuíomh an árthaigh a chinntiú – cuirfeadh solas fánach amach ar a bhfeidhmiú siadsan).

PTá codanna eile den árthach ina bhfuil sé tábhachtach go mbeadh siad scáthánach agus seoltach.

Tá cúlra na cuideachta ENBIO san earnáil gléasra leighis, áit a bhfuil glaine agus buaine iontach tábhachtach. Tá paitinn acu ar cur chuige "CoBlast" – in aon chéim amháin baineann siad an screamh ocsaíde den miotail atá le clúdach, a fhágáil garbh chun go mbeadh an screamh nua dlúite leis an miotal, agus ansin ag cuir an t-ábhar nua ar an dromchla. Is féidir an modh oibre seo a chur i gcrích ag gnáth teocht agus brú aeir – agus is corás glan atá ann nach bhfuil ceimiceáin nimhneacha de dhíth lena linn. Tá sé profa ar ábhar chomh tanaí le 18 µm.

Tá dhá screamh ar leith forbartha don misean SolO – "Solar Black" agus "Solar White". Úsáidfear an ceann dubh ar an dteas-sciath. Léiríonn an promhadh don misean go bhfuil an screamh thar a bheith seasmhach faoi theocht ard agus faoi radaíocht, bombardú le prótón san áireamh.

Úsáidfear an leagan bán ar dromchlaí ar gá dóibh an solas a fhrithchaitheamh agus seachnóidh an seoltacht aon luchtú statach leitreach de bharr an radaíocht gréine. D'fhéadfadh luchtú dá leithéid trealamh íogair leictreonach, mar atá sna huirlisí stiúrtha agus eolaíochta, a scrios.
Is iontach an rud go mbeidh comhlacht Éireannach ag cuir idir dubh agus geal ar an spásárthach seo!

Tá breis eolais faoin misean ar fáil ag https://sci.esa.int/web/solar-orbiter agus faoi ról ENBIO ann ag http://enbio.eu/solar-orbiter