Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-13

Fabht 2020

Ag tús ré na ríomhaireachta – agus ar feadh i bhfad ina dhiadh – bhí cuimhne mall, daor agus amscaí. D'fhág sin go raibh go leor algartam agus tuiscintí ann chun teacht timpeall ar an bhfadhb. Chothaigh ceann acu trioblóid mhór. Dhá dhigit a úsáid don dáta, agus talamh slán a dhéanamh den "19" roimhe. B'shin ba chúis leis an "fabht y2k" i 2000 – nuair a bhí an baol ann go mbeadh córais gnó agus eitleoireachta agus araile lochtach ag druidim leis an bliain 2000 agus ina dhiadh. Tugadh an baol faoi ndeara áfach agus rinneadh infheistíocht mhór chun é a sheachaint.
Faraor bhí cuid den réiteach nárbh réiteach a bhí ann, ach an fhadhb a chuir ar athló ar feadh tamaillín. Réiteach "maighdeog" a roghnaíodh – sé sin le rá nuair a bhíothas ag plé le dáta, dá mbeadh an bhliain níos lú ná táirseach glacadh leis go raibh sé sa chéad seo; níos airde agus bheadh sé sa chéad seo chaite. I cuid mhaith cás "20" an táirseach a roghnaíodh. Mar sin, tá úsáideoirí áirithe bogearraí a feiceáil fabhtanna "2020".
Faoi mar a rinne na hinnealltóirí sna 60í talamh slán de go mbeadh a cuid oibre as úsáid i bhfad roimh 2000, is cosúil gur shíl roinnt den dream a bhí i mbun leasaithe ar fabht y2k go mbeadh trealamh nua in úsáid roimh 2020.
Ach bíonn drogall ar chomhlachtaí bogearra a fheidhmíonn a athrú. Go háirithe i réimse an ghnó – de bhrí go bhfuil go leor de "chuimhne institiúideach" an chuideachta sa chód – agus ró-mhinic, sa chód amháin. Rudaí á dhéanamh ar bhealach áirithe agus gan fios ag éinne cén fáth go baileach – agus doicheall dá réir aon athrú a dhéanamh, ar eagla na heagla. (Mar shampla, shíl lucht Netscape an brabhsálaí a scríobh ó bhun arís – toisc gur shíl siad go raibh barraíocht nithe gránna sa chód. Theip ar an gcuideachta mar go raibh sé níos casta ná mar a shíl siad. Tá Microsoft fós ann, ainneoin go leor nithe aite ina gcuid táirgí!)
Ceann de na dúshláin is mó d'innealtóirí bogearraí ná an dóigh nach féidir leo talamh slán a dhéanamh de riachtanais a gcuid táirgí. Fiú má chloíonn siad go beacht leis an méid a d'iarr an chliant – is féidir a bheith cinnte go n-úsáidfear an ríomhchlár ar bhealach nach raibh siad ag dréim leis. Agus lochtófar an saothar mura n-oibríonn sé faoi mar ar mhaith leis an gcliant – fiú más i gcoinne comhairle atá sé á úsáid. (Bíonn sé tábhachtach dá réir aontú an chliaint a fháil nuair a chuirtear an bogearraí ar fáil – i bhfoirm scríbhinn!)
Ar an lámh eile tá sé dodhéanta – agus dochrach – bogearra a dhearadh a chun gach "b'fhéidir" a chlúdach. Prionsabal maith atá ann gan rud a chuir leis an dearadh go dtí go bhfuil sé soiléir go bhfuil sé de dhíth. (YAGNI as Béarla – "Ní bheith sé de dhíth ort").
Sin ráite, ní fada uainn an chéad fhadhb mór eile. Coinníonn córas Linux cuntas ar an am de réir an líon soicind atá imithe ó 00:00:00 ar Lá Caille, 1970. Má bhaintear – mar atá fíor i mórchuid cásanna – feidhm as athróg 32 giotán – slánuimhir le sín - tá teorainn leis an am is déanaí is féidir léiriú. 03:14:07 ar an 19 Eanáir 2038 an teorainn sin.
Tá fabhtanna feicthe cheana dá bharr, agus cé go bhfuil go leor córais Linux anois a bhaineann feidhm as 64 giotán, is féidir go bhfuil bogearraí a rinneadh tiomsú orthu faoin seanchóras a bhfuil lochtanna folaithe iontu.
Ar ndóigh, sa lá atá inniu ann tá cuimhne ríomhaireachta saor, fairsing agus gasta – lasmuigh de réimse nó mbogearraí neadaithe.
Fiú ansin, tá cuimhne i bhfad níos mó ná mar a bhíodh. Tríocha bliain ó shin agus mise ag obair ar chóras rialacháin innill traenach, bhí ar an gclár beith níos lú na 16 KB. Sa lá atá inniu ann bíonn níos mó na 4 MB ar fáil do na ríomhaire satailíte a bhím ag obair leo.
Agus gan amhras tá na GB de cuimhne ag mórán aon ríomhaire oibre – nó fiú fón póca! Tá 3 GB de chuimhne ag an fón a úsáidim chun an bhlag seo a fhoilsiú. Is mór idir sin agus an 512 KB a bhí ar mo chéad ríomhaire baile...
(Cothaíonn flúirse cuimhne fadhbanna eile, ach sin scéal do lá eile)