Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-26

Amhail cloch as tailm

Tá rudaí áirithe faoi taisteal sa spás gur léir go n-oibríonn siad, ach gur deacair dom a thuiscint. Ceann acu ná "cuidiú ó imtharraingt". Braitheann nach mór gach árthach atá ag tabhairt cuairt ar na pláinéid i gcéin ón Domhan seo air an modh seo: téann siad i bhfithis go sealadach thart ar ceann de na pláinéid eile, ag fáil roinnt móiminteam uilleach de bharr an imtharraingt agus fithis an phláinéid, agus fágann arís le breis luais (nó níos lú luais).

Tá roinnt léite agam faoin modh oibre seo, ach i ndáiríre ní dóigh liom go dtuigim é! Is dóigh liom gurb é an constaic is mó ná gur luas i gcoibhneas leis an fráma tagartha atá i gceist agus tá deacracht agam sin a shamhlú i gceart.

Tá go leor fuinnimh de dhíth chun éalú ó imtharraingt an domhain agus tá an fuinneamh atá de dhíth i gcoibhneas leis an mais atá ag an árthach. Mar sin déantar tréan-iarracht an mais a laghdú. Mais an bhreosla ina measc. (Is gá do árthach atá ag baint feidhm as roicéid – mar á bhíonn an mórchuid acu – breosla agus ocsaigin a iompar).

Ní mór mar sin an chonair a ríomh go fíor chúramach. Agus cloí leis!

Mar sin, bíonn roinnt "eitilt thar" pláinéid san áireamh – mar gur bealach saor sin breis fuinnimh a fháil, más rud é go bhfuil conair an árthaigh agus an phláinéid díreach ceart. Tá mé ag obair faoi láthair ar JUICE atá chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar ghealaigh reoite Iúpatair. Aistear fhada atá ansin!

Cóipcheart ESA - breis féach anseo

San físeán thuas tá conair JUICE le feiceáil mar líne bhán, agus fithis an domhain mar líne ghorm.

Ar an gconair atá leagtha amach, beidh turas 88 mhí i gceist. Ní bheidh dóthain breosla ar boird chun dul díreach go Iúpatar. Fágfaidh an roicéad a thugann an árthach isteach sa spás ar thús fithis thart ar an ngrian é, agus sonc tugtha dó le tús a chuir leis an aistear. Ach ní leor an móiminteam sin le ceann scríbe a bhaint amach. Rachaidh sé i dtreo na gréine i dtosach, ag bailiú luais de réir mar a théann sé i dtreo na gréine; beidh an luas is airde aige ag peirihéilean, sé sin an pointe is giorra don ngrian. Ach de réir mar a dhruideann sé i dtreo apaihéilean, an pointe is faide ón ngrian, beidh moilliú tagtha air.

Nuair atá a chéad fhithis curtha de aige, tiocfaidh JUICE a fhaid leis an domhain arís, agus le cuidiú ó imtharraingt cuirfear i dtreo Véineas é (líne bhuí a sheasann d'fhithis Véineas). Beidh sé ag titim i dtreo na gréine, agus ag bailiú luais dá réir.

Tar éis dul thar Véineas, déanfaidh JUICE eitilt thar an Domhain, Mars (fithis dearg sa bhfíseán) agus an domhain arís sula sroicheann sé Iúpatar i 2029.

Ar ndóigh, chun go n-oibreoidh seo ar fad is gá do na pláinéid a bheith san áit ceart ag an am ceart – rud a chuireann srian docht ar an uair go gcaithfear an  árthach a sheoladh. Tá roinnt "fuinneoga seolta" ina bhfuil ailíniú na pláinéid fabhrach don turas agus tá sé riachtanach go seolfaí an árthach i gceann acu sin. Tá cinn thar a chéile fabhrach do thuras níos gaiste.

Ach conas a oibríonn sé?

Sé an chaoi go bhfuil an-chuid móimintim uilleach ag na pláinéid agus iad ag casadh, agus i bhfithis thart ar an ngrian. Tá mais an phláinéid ábhalmhór le hais mais an árthaigh – mar sin is suntasaí go mór an tionchar atá ag imtharraingt an phláinéid ar an árthach ná a mhalairt (cé gurb ann dó).

Tá níos mó le cuir san áireamh, ach is féidir é shamhlú mar a bheadh an buille a thugann camán a luasctar do sliotar – seachas gur imtharraingt, ní teagmháil, a chuireann leis an fuinneamh.