Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-09

Halts Mei – Faschist!


Le fada, cé go raibh ciníochas i gcónaí abhus go háirithe i gcoinne an lucht siúil, ní raibh mórán de ghluaiseacht polaitíochta laistiar de. Bhí i gcónaí polaiteoir nó dhó a thug guth don bhfuath (agus níos mó a chuir a ladar go ciúin i socruithe lóistín don lucht siúil.)

Tá rudaí ag athrú áfach, go háirithe de bharr an bealach amscaí atá an rialtas ag plé leis an líon beag teifeach a thagann go hÉirinn - le linn tréimhse ina bhfuil borradh faoin inimirce i gcodarsnacht leis an eisimirce ba ghnáthnós go dtí seo, agus go deimhin atá fós ag tarlú. Níorbh aon chuidiú ach oiread an 27ú leasú ar an mBunreacht a cheil saoránacht ar leanaí a rugadh abhus nárbh saoránaigh a dtuismitheoirí. Le linn an fheachtais sin bhí go leor cainte faoi thurasóireacht breithe mar dhea Afracaigh.

Agus san iarthar i gcoitinne agus san anglasféar go háirithe tá an forchíniochas geal ag treisiú. Aisfhreagra cuid de ar pholaitíocht na féiniúlachtaí, agus fás i gcomhionannas do mhná. Tá baint ag chlaochlú tuiscintí ar chollaíocht agus inscne leis freisin. (Ní chabhraíonn sé liom atá amhrasach faoi cuid de na tuiscintí seo gur dream fuafar is glóraí a chuireann ina choinne.) 

Ní fadhb nua an chol "leo siúd" agus ann foréigean a eascraíonn as.

Tá taithí fhada léanmhar ag na Gearmánaigh leis. Ach tá traidisiún chomh fada céanna acu de hamhráin agus filíocht agóide. Is minic filí i tús cadhnaíochta ag tabhairt rabhaidh faoi mangairí an fhuatha. Ní cloistear an rabhadh i gcónaí!

Níl tuairim agam cathain ar chuala mé gormacha labhartha Konstantin Wecker faoina chara Willy a mharaigh faisisteach in achrann tábhairne i dtosach. Scríobh sé an chéadleagan i 1978. Amhrán corraitheach a bhfuil sé tar éis filleadh air arís agus arís eile, ag cuir leis de réir mar a bhíonn cúrsaí an tsaoil.

Duine cúthail mise. Ní maith liom bheith ag agóid. Cuireann foréigean eagla orm. 

Ach tugann amhráin agóide sólás agus misneach dom. 

Casadh cúpla rian de chuid Wecker i mo threo thar na blianta. Chonac an cnuasach seo "Sage Nein" ar a bhfuil bailiúchán amhráin misnigh agus dóchais air agus tá sé anois ar mo phíobaire póca.

Ina measc leagan a capella de amhrán agóide ceilte a scríobhadh i Campa Géibhinn Dachau. Agus amhrán grá - don ainriail.

Tugann sólás dom. Ní bheidh mé riamh i mo laoch sráide frith faisisteach. Ach....