Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-20

Loingseoireacht agus Reanna Neimhe

Ó thosaigh daoine ag siúl nó ag seoladh as amharc a n-áit dúchais, tá feidhm á baint acu as reanna neimhe chun fhios a bheith acu cá bhfuil siad. Tá forbairt tagtha ar na h-uirlis a bhaintear feidhm astu, gan amhras. Tá tábhacht ar leith le ham – b'é an constaic is mó roimh dearbhú domhanfhaid ar feadh i bhfad ná eolas míchruinn faoin am.  

Ach tá an bunphrionsabal céanna in úsáid ó thús. Dhá nó trí mharc a aithint, an uileann eatarthu a thomhas, agus triantánú chun log an breathnóra a ríomh.

Mar an gcéanna i gcás spásárthaigh. Úsáidtear rianóir réalta de ghnáth. Séard atá ann go bunúsach ná ceamara dhigiteach, le ríomhaire nasctha leis. Bíonn léarscáil neimhe i gcuimhne an ríomhaire, agus is féidir, ach ceithre nó cúig réalta a bheith sách soiléir, an ceathairníon idir treoshuíomh an rianóra agus an fráma tagartha a ríomh. Is minic go mbíonn an árthach ag casadh, agus caithfear sin a chuir san áireamh – maraon le solas na gréine a sheachaint – ailbéideacht, sé sin frithchaitheamh solas na gréine ón Domhan nó pláinéid nó gealaigh eile, nó go deimhin ón spásárthach féin nó spásárthach eile. Go hiondúil bíonn bosca agus cosaint is gceist chun nach mbeadh i radharc ach an gcuid sin den spás a bhfuil suim ann. 
Fadhb is ea deannach freisin, mar a bheadh ar ghnáth cheamara.
Bíonn gá freisin ian agus radaighníomhaíocht eile ar féidir leo tionchar a imirt ar an mbraiteoir a chuir san áireamh – fágann a leithéid "spota teo" ar an mbraiteoir, go sealadach nó go buan.

Cuireann sin le castacht na bogearraí, mar go mbíonn gá le halgartaim ar leith chun na cúinsí seo a chuir san áireamh. Scaití bíonn breis eolais – ón lucht stiúrtha ar an dtalamh, nó ó na córais eile san árthach – le cuir san áireamh chun réiteach níos cruinne a ríomh.

Cé go bhfuil rianóirí réalta in úsáid ar an Spás-staisiún idirnáisúnta, mar chuid dá ullmhúcháin éigeandála, baineann na spásairí feidhm as an sean uirlis loingseoireachta, an seiseamhán. I gcúpóla an SSI tá radharc mhaith acu ar na réalta, agus dearadh áit socair le seasamh. Fuair siad amach áfach nárbh é sin an gad is giorra don scornach. 
Léarscáil cruinn na spéartha a bhí de dhíth orthu – go háirithe de bhrí go raibh an SSI ag casadh sách gasta, agus nach raibh réaltbhuíonta iomláine le feiceáil acu.
Mar sin, trí rud atá de dhíth chun fios do log a oibriú amach. Radharc ar marc, fios cruinn ar an t-am, agus léarscáil maith!

I ndáiríre is mar sin a feidhmíonn loingseoireacht de réir satailíte fearacht GPS nó córas nua an AE Galileo. Seachas go mbíonn clog cruinn adamhach ar gach satilít, agus go bhfuil an am mar chuid den chomhartha a scaipeann gach satilít acu. 
Má tá cúig acu i radharc do ghléas is féidir domhanfhad, domhanleithid, airde agus am a oibriú amach go han-chruinn ar fad.
Rud a chiallaíonn – agus baineann túr fóin póca úsáid as an eolas seo – má tá domhanfhad, domhanleithid agus airde ar eolas, gur féidir am a ríomh leis an gcruinneas céanna agus a bheadh ag clog adamhach.

Ar ndóigh, braitheann na satailítí féin ar rianóir réalta ( i measc trealamh eile) chun iad a choinneáil ar an bhfithis ceart. Gan sin, bheadh na gléasanna a bhaineann feidhm astu míchruinn.

San léacht a thug @ChronHib (David Stifter) um Samhain san Institiúid Ard Léinn, thaispeáin sé gur ionann an focal "Rinn" i "Reanna Neimhe" agus pointe tomhais – don am. Anallód, bhíodh rímaire – ríomhaire (duine!) – ag tomhas dátaí, na Cásca ach go háirithe – le cabhair na réalta.

Braitheann an chuid is mó againn ar an ríomhaire soghluaiste úd inár bpócaí ar a dtugaimid fón chun an am a insint. Agus ag deirfeadh an lae, tá sin é féin ag tomhas an ama de réir reanna neimhe...