Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-09

Colleen Doran agus Neil Gaiman

Is ar an ollscoil nó go gairid roimhe a chéad bhlais mé saothair Terry Pratchett. Mar sin is tríd an leabhar Good Omens a scríobh sé i bpáirt le Terry a chur mé aithne i dtosach ar saothar Neil Gaiman.

Ní raibh mórán teagmháil agam leis ó shin, ach cúpla bliain ó shin thosaigh mé ag fáil leabhair leis ón leabharlann. Agus á leanadh ar Twitter! Thaitin na húrscéalta American Gods agus Anansi Boys go mór liom. Tá sé de nós agam rud ar bith a thagann mo threo le údar a thaitníonn liom a léamh.

Fágann sin, chomh maith le gearrscéalta agus aistí snasta, gur thosaigh mé ag léamh úrscéalta grafacha agus coimicí fearacht Stardust agus an sraith Sandman. Roimhe seo is annamh úrscéalta grafacha ar mo aiste léitheoireachta (cé go bhfuil Leabhar Breac ag cuir athrú ar sin!)

Tá snáithe a ghabhann tríd saothair Gaiman. Tógann sé scéalta agus miotas a bhfuil seanaithne againn orthu - sa chaoi go bhfuil siad smolchaite leamh - agus baineann casadh úr astu. Á gcur droim ar ais nó taobh tuathail amach.

Tá sé sin déanta aige le roinnt finscéalta coitianta, ina measc Plúirín Sneachta. Agus ansin thóg Colleen Doran, le beannacht agus tacaíocht Neil an gearrscéal agus, ag aithris ar stíl Harry Clarke, rinne úrscéal grafach ard ealaíona as.

Mar a tharlaíonn d'fhás mé aníos faoi, mar a déarfá, scáil Harry Clarke. I Séipéal San Iósaf i dTír an Iúir, mar ar éist mé Aifreann feadh m'óige, tá fuinneog mhór gloine-daite dá chuid. Críost céasta ina lár. Blianta níos déanaí chonaic grianghraf staidéir de chuid Clarke. Is air féin ar an gcros atá an íomhá bunaithe. Timpeall air na dathanna láidre agus na mionsonraí. Tá dhá fhuinneog eile sa séipéal, le hais na haltóra ach iad gan a bheith chomh feiceálach.
Tá na tréithe seo tógtha ag Colleen Doran agus úsáidte go paiteanta chun leagan uafair droim ar ais de Plúirín Sneachta a chruthaigh Gaiman a insint. Inar laoch an leas mháthair, agus arracht Plúirín. Ar ndóigh, tá an bunscéal ar maos le miangas ceilte agus formad. Scéal le múineadh agus rabhadh, mar is iondúil le finscéalta.
Tá an collaíocht nochta sa leagan seo, gan a bheith graosta. Agus corr agus casadh go leor, ag cuir feoil an uafáis ar cnámha an seanscéil.
Níl sé oiriúnach do leanaí - bhí greamáin rabhaidh ar an chóip a fuair mé ón leabharlann! 

Cé go bhfuil an stíl léaráidí éagsúil i Troll Bridge, tá an coincheap gaolmhar. Scéal as an nua é, cé gur bhfuil coincheap an troll faoin droichead tógtha ó na fínscéalta. Scéal faoi teacht in inmhe agus cailleadh saontachta - nó b'fhéidir peaca an tsinsir agus teip dul i ngleic leis.

Gearrscéal an bunleagan, agus arís cuireann na léaráidí toise sa bhreis leis an insint.

Léiríonn an dá leabhar réimse an bheirt duine dána, agus an toise bhreise a chuireann comhoibriú le saothar.

Rud atá spéisiúil ná go bhfuil iarfhocal go minic i saothair mar seo - agus i Snow, Glass, Apples go háirithe, a phléann an cuir chuige ealaíona - toise breise luachmhar d'ábhair ealaíontóra.

Beidh súil in airde agam do breis saothair ón mbeirt acu!